Parlaimint na hEorpa
GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr
Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaithe Tugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag súil leis i reachtaíocht fheabhsaithe san Aontas. Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin...
Author
Parlaimint na hEorpa
Category
Podcast website
Latest episode
Dec 6, 2024
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
An tOideachas a chur chun cinn: ag fiosrú thionscnaimh soghluaisteachta foghlama an Aontais 24.01.2024 6:59
Tá an tAontas tiomanta d’fheabhas leanúnach a chur ar dheiseanna foghlama agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oideachais. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm do thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) córas oideachais níos idirnasctha a chruthú. I measc phríomhspriocanna LEO tá feabhas a chur ar chomhar agus ar shoghluaisteacht san oideachas agus córais oideachais ionchuimsitheacha a th...
Tionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an gcomhshaol 16.01.2024 5:33
Ó thosaigh an choinbhleacht in 2014, agus go háirithe ó thosaigh an Rúis a lán-ionradh ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, ní hamháin gur maraíodh na mílte daoine sa chogadh, gur chúis é le géarchéim dídeanaithe agus suaitheadh eacnamaíoch, ach tá an-dochar déanta aige don chomhshaol chomh maith.
An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) 12.01.2024 6:21
I gcomhthéacs an ráis chun ceannas domhanda sa teicneolaíocht a bhaint amach, sheol an tAontas straitéis in 2020 chun a thionscal a neartú. As an straitéis sin, d’eascair togra le haghaidh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais shuntasacha infheistíochta. Le STEP, dhéanfaí cistí de chuid an Aontais atá ann cheana a ghia...
Conas a thacaíonn an tAontas leis an gcultúr 10.01.2024 6:48
Cabhraíonn Parlaimint na hEorpa leis na hearnálacha cultúrtha agus closamhairc tré chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Le buiséad EUR 2.5 billiún do 2021-2027, infheistíonn an tAontas Eorpach i gceol beo, i leabhair, in ailtireacht, i scannáin agus in asraonta nuachta. Cuidíonn an clár leis chun an éagothroime inscne a chomhrac sna tionscail chultúrtha agus cuireann sé luachanna agus oidhreacht Eorpa...
I dtreo rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic leis an dramhaíl ó phacáistíocht atá ag dul i méid go mór 15.12.2023 7:05
Ó gheilleagair chiorclacha go spriocanna athchúrsála, san eagrán seo, beimid ag labhairt faoin Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht agus faoi sheasamh na Parlaiminte ar na rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic le méid na dramhaíola atá ag dul i méid de shíor. Tá na rialacha nua ceaptha athúsáid agus athchúrsáil pacáistíochta a dhéanamh níos éasca, pacáistíocht gan ghá...
Gníomh an Aontais um Shaoirse na Meán 08.12.2023 7:04
Mar fhreagairt ar bhagairtí méadaitheacha ar shaoirse na meán agus ar inmharthanacht airgeadais na meán, ghlac an Pharlaimint creat coiteann do sheirbhísí meán, ar a dtugtar an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Is garsprioc fíor é, toisc go gcosnaíonn an Gníomh iriseoirí agus oibrithe na meán, spreagann sé trédhearcacht in úinéireacht na meán agus cuireann sé comhar idirnáisiúnta chun cinn chun...
Na slite éagsúla a n-úsáidtear dróin i réimse an leighis 06.12.2023 8:14
San eagrán seo de ‘Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr’, beimid ag caint faoi na slite éagsúla a n-úsáidtear dróin i réimse an leighis agus na bearta atá á nglacadh ag an Aontas Eorpach chun rialáil a dhéanamh orthu.
Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: ‘Eoraip atá Saor ó Fhionnadh’ 04.12.2023 6:26
Tá laghdú ag teacht ar tháirgeadh fionnaidh le blianta beaga anuas. Na cúiseanna leis sin ná feasacht níos mó ar leas ainmhithe, ábhair imní faoina thionchar ar an gcomhshaol agus an baol don tsláinte a bhaineann leis sin. Tá sé mar aidhm leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Eoraip atá Saor ó Fhionnadh’ cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh agus díol táirgí fionnaidh ar fud an Aontais. Bhailigh...
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.