Newstalk
Splanc
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Koniecznie odwiedź stronę podcastu i wesprzyj twórcę: www.newstalk.com
Gdzie słuchać?
Podcasty w aplikacji Replaio Radio Już wkrótcePodcasty trafią do aplikacji już wkrótce. Zainstaluj teraz i jako pierwszy zobacz nowe podejście do podcastów
Odcinki
Scéalta: Víosaí J1, Bezos agus conas BÁC a fhorbairt 27.06.2025 28:34
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi na hathruithe ar víosaí J1, bainis Bezos i Venice agus na pleananna atá á gcur chun cinn chun forbairt a dhéanamh ar an bpríomhchathair.
An bhfuil an 3ú Cogadh Domhanda seachanta? 27.06.2025 13:55
Labhraímid le Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm) mar gheall ar an gcogaíocht idir Iosrael, an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an sos cogaidh a fógraíodh eatarthu an tseachtain seo.
SEAS 25: Oideachas, Tithíocht agus Cáinaisnéis 2026 27.06.2025 12:54
Labhraímid le Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge) faoi SEAS 25 agus na nithe atá ag teastáil i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí tithíochta agus sa Cháinaisnéis i mbliana don Ghaeilge.
Moltaí na Seachtaine 27/6 27.06.2025 9:54
Pléann Cuán na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Anailís Albaim: Summer Days (And Summer Nights!!) le The Beach Boys 27.06.2025 20:38
I gcuimhne ar Brian Wilson, pléimid an t-albam Summer Days (And Summer Nights!!) ó The Beach Boys le hEmma Ní Chearúil.
Spóirt: BÁC san iomáint, cluichí Ceathrú Ceannais sa pheil agus Damien Duff 27.06.2025 19:25
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoin tseans atá ag Baile Átha Cliath i gcoinne Chorcaí san iomáint, Dún na nGall míshona faoi easpa laethanta idir chluichí, Damien Duff imithe ó Shelbourne agus iomaitheoirí na hÉireann san Irish Derby.
Scéalta: Slane, sábháilteacht ar líne agus Euromillions 20.06.2025 38:01
Labhraímid le Rónán Ó Muirthile faoi bhás Henry Mount Charles, na deacrachtaí atá ag tuismitheoirí le páistí a choimeád sábháilte ar líne agus €250 milliún buaite ag duine in Éirinn.
Bród: An bhfuil an saol ag feabhsú do dhaoine aiteacha? 20.06.2025 17:25
An bhfuil ag éirí le Bród a spriocanna a bhaint amach? Nó an bhfuil an iomarca pinkwashing ar bun ag comhlachtaí móra? Agus conas a théimid i ngleic le trasfhóibe? Labhraímid le Cúnla Morris mar gheall ar mhí an Bhróid agus na nithe atá fós le feabhsú don phobal LADTA.
Moltaí na Seachtaine 20/6 20.06.2025 9:05
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Scannáin: Mountainhead, 28 Years Later agus trilogies 20.06.2025 19:47
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach le labhairt faoi Mountainhead ar NowTV/HBO, 28 Years Later agus na trilogies is fearr riamh.
Spóirt: Athrú ar rialacha peile, spreagadh agus tionchar na mbuanna ar fhoireann Laighean 20.06.2025 23:24
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi rialacha á n-athrú sa pheil i lár Chraobhchomórtas na hÉireann, an bealach a mbíonn deacracht ag pearsaí spóirt áirithe len iad féin a spreagadh agus an tionchar a imreoidh bua Laighean i gcoinne na Bulls ar an bhfoireann.
Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin ag dul ar scor 13.06.2025 1:07:34
Labhraímid le Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin agus é ag dul ar scor i mbliana, faoi na cuimhní is deise atá aige óna shaol sa scoil agus lasmuigh de.
Club Leabhar: 'Burn Them Out!' 13.06.2025 25:01
Pléimid 'Burn Them Out! A History of Fascism and the Far-Right in Ireland' (scríofa ag Pádraig Óg Ó Ruairc) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.
Féilte samhraidh agus Dopa-Mean Girl i nDún Éideann 13.06.2025 23:23
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin faoi fhéilte samhraidh agus faoina seó, Dopa-Mean Girl, a bheidh ar an stáitse ag Fringe Dhún Éideann. Is féidir ticéid a cheannach ag dopameangirl.ie
Scéalta: Ardteist, gunnaí agus dróin 06.06.2025 25:53
Pléimid scrúduithe Ardteiste, dlithe in Éirinn mar gheall ar ghunnaí agus dróin seachadta ag cur isteach ar dhaoine le Caoimhe Ní Mhaolaí.
Mara Duit 06.06.2025 18:02
Labhraímid le Póilín Nic Géidigh faoi Mara Duit, a comhlacht nua le hearraí i nGaeilge. Is féidir na hearraí a fheiceáil ar maraduit.com nó ag @maraduit ar na meáin shóisialta.
Tithe agus Bloc Eolaíochta á thógáil i Zambia 06.06.2025 5:49
Tá Culainn O'Keeffe agus dream déagóirí ó chlub CLG Chuala ag taisteal go Zambia le tithe agus bloc eolaíochta á thógáil. Labhraímid leis agus é ag ullmhú le himeacht.
Moltaí na Seachtaine 06.06.2025 8:55
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Taylor Swift agus ceolchoirmeacha 06.06.2025 21:31
Labhraímid le Seán Ó Dubhchon faoi Taylor Swift ag fáil cearta dá cuid amhrán ar ais agus na ceolchoirmeacha is deise a rachadh sé siar chucu.
Spóirt: URC, Iománaíocht agus Sacar na mBan 06.06.2025 20:40
Labhraímid le James Ó Flatharta faoi Lancaster ina bhainisteoir ar Chúige Chonnachta, Luimneach agus Corcaigh san iománaíocht agus bua fhoireann na hÉireann i gcoinne na Slóivéine i sacar na mban.
Scéalta: Éide Scoile, morgáistí 100% agus AI 30.05.2025 29:14
Labhraímid le hAisling Ní Bhrádaigh (Ceannasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn) faoi rialacha maidir le héide scoile, an seans go dtiocfaidh morgáistí 100% ar ais in Éirinn agus intleacht shaorga ag leibhéal na hEorpa.
Cén fáth a bhfuil Trump ag díriú ar Harvard? 30.05.2025 20:45
Labhraímid le hIseult O'Callaghan (Dlíodóir le Máistreacht sa Dlí ó Harvard) faoi dhaltaí idirnáisiúnta i Harvard a bheith i mbaol agus cén fáth a bhfuil Trump dírithe ar an ollscoil áirithe sin.
Moltaí na Seachtaine 30.05.2025 7:00
Cad ba cheart dúinn breathnú air, éisteacht leis nó dul chuige? Roinneann Cuán a chuid moltaí daoibh don tseachtain seo.
Ar cheart dúinn na Normannaigh a chomóradh? 30.05.2025 21:46
Labhraímid le Cúán de Búrca (Láithreoir le Raidió na Life agus Dúchas ar Raidió Rí-Rá) faoi na Normannaigh agus faoi ar cheart dúinn comóradh nó ceiliúradh a dhéanamh ar chodanna conspóideacha den stair.
Spóirt: Craobhacha na hÉireann faoi lánseoil agus tubaiste i Learpholl 30.05.2025 20:16
Pléimid an chéad bhabhta de Chraobh na hÉireann sa pheil, an dara babhta den Chraobh camógaíochta ag an deireadh seachtaine agus an tubaiste ag paráid i Learpholl le Daragh Ó Conchúir (Tuairisceoir spóirt).
Podobne podcasty
Replaio nie jest wydawcą podcastów; nazwy audycji, okładki i audio należą do ich autorów i są rozpowszechniane przez publiczne kanały RSS