Newstalk

Splanc

Arts EN ↓ Odcinki: 707

Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at  http://newstalk.com/listenlive  | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk

Koniecznie odwiedź stronę podcastu i wesprzyj twórcę: www.newstalk.com

Autor

Newstalk

Kategoria

Arts

Strona podcastu

www.newstalk.com

Ostatni odcinek

16 paź 2026

Gdzie słuchać?

Podcasty w aplikacji Replaio Radio Już wkrótce

Podcasty trafią do aplikacji już wkrótce. Zainstaluj teraz i jako pierwszy zobacz nowe podejście do podcastów

Pobierz z Google Play Zainstaluj za darmo Android prawie 10 mln pobrań · ocena 4,8 iOS niedługo

Odcinki

An Córas Oideachais le Lelia Ní Chinnéide, Rónán Ó hIcí & Osgur Ó Ciardha 05.09.2025

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d'Aire Oideachais? An bhfuil ár gcóras oideachais maith a dhóthain? Ar cheart deireadh a chur le hobair bhaile? Pléimid na ceisteanna seo le Lelia Ní Chinnéide (Iarmhúinteoir i Scoil Bhríde), Rónán Ó hIcí (Oifigeach Gaeilge Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann) & Osgur Ó Ciardha (Bunaitheoir Fios Ceirde).

Moltaí na Seachtaine 5/9 05.09.2025

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.

Club Leabhar le Rónán Mistéil: I Regret Almost Everything 05.09.2025

Labhraímid le Rónán Mistéil faoi leabhar nua Keith McNally, 'I Regret Almost Everything'.

Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Jim Gavin don Áras & Eileen Gleeson v an FAI 05.09.2025

Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Jim Gavin ag rith don Uachtaránacht agus cás Eileen Gleeson i gcoinne an FAI.

Scéalta le Gráinne Ní Aodha: Silly Season, Uachtaránacht & Deachtóireacht 29.08.2025

An raibh "Silly Season" againn i mbliana? Cé atá ag rith don Áras? An deachtóir é Trump? Ar cheart do ghealltanas pósta Taylor Swift agus Travis Kelce a bheith ina cheannlíne nuachta? Cuirimid na ceisteanna seo ar fad ar Ghráinne Ní Aodha.

Cúram Leanaí le Julie Jay 29.08.2025

Labhraímid le Julie Jay faoin deacracht atá ag tuismitheoirí teacht ar spásanna i naíonraí agus cúram leanaí i ndiaidh am scoile, chomh maith leis an mbealach a bhfuil sí féin ag dul i ngleic le filleadh ar an scoil mar mhúinteoir agus beirt pháistí óga aici.

Moltaí na Seachtaine 28/8 29.08.2025

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.

Fuirseoireacht & Fringe le Síomha Hennessy & Louisa Ní Éideáin 29.08.2025

Labhraímid le Louisa Ní Éideáin agus Síomha Hennessy faoina seónna ag Fringe Bhaile Átha Cliath i mbliana, a gcuid taithí le Fringe Dhún Éideann roimhe seo agus a gcuid tuairimí faoi earnáil na fuirseoireachta trí chéile. Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'Building Character' le Síomha Hennessy sa Grand Social ar an 11ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/show...

Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Man United & bainisteoirí CLG 29.08.2025

Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Man United ag streachailt arís agus bainisteoirí CLG idirchontae ag athrú.

Scéalta le hEmmet Ryan: Sióga, Wendy's agus Gavin Newsom 22.08.2025

Labhraímid le hEmmet Ryan faoina chlár faisnéise 'Sióga' faoin gclub cispheile LADTA+ Shamrock Sióga, éide scoile, AI, Wendy's agus Taco Bell ag oscailt in Éirinn agus Gavin Newsom ag éirí níos fíochmhaire le Trump. Beidh Sióga ar taispeáint san Outhouse i mBÁC ag a 7pm inniu agus an clár ag dul amach (Dé hAoine 22 Lúnasa) agus is féidir breathnú air ar Youtube ag an nasc seo freisin: https://www....

TG4 le Síomha Ní Ruairc 22.08.2025

Fógraíodh sceideal nua TG4 ar an Luan - labhraímid le Síomha Ní Ruairc faoi na cláracha is mó a bhfuil sí ag súil leo chomh maith leis an bhfás atá tagtha ar Cúla4 le blianta beaga anuas.

Moltaí na Seachtaine 22/8 22.08.2025

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.

Arbh fhearr ceolchoirmeacha móra nó beaga? le Sinéad Ní Scolaí 22.08.2025

Arbh fhearr leat freastal ar cheolchoirm i staid mhór nó in ionad níos lú? Pléimid an cheist seo le Sinéad Ní Scolaí.

Spóirt: Hurling For Cancer, Craobh Camógaíochta agus óráidí 22.08.2025

An bhfuil maitheas leis na hóráidí a thugann na captaein i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint? An bhfuil óráid ó chraobh ar leith a thaitin leat? Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi seo, chomh maith le Hurling For Cancer, Cluiche Ceannais Chraobh Chamógaíochta na hÉireann, ainmneacha ar staid Oilimpeacha agus John Giles ag éirí as an gcraoltóireacht. Is féidir tacú fós le Hurling For C...

Anailís Albaim: (Whats the Story) Morning Glory? 15.08.2025

Roinn Conall agus Cuán a gcuid tuairimí maidir leis an dara albam de chuid Oasis sula ndeachaigh Conall len iad a fheiceáil i nDún Éideann an tseachtain seo caite.

Súil Siar - Anailís Albaim: Definitely Maybe 15.08.2025

Táimid ar saoire an tseachtain seo ach éist siar le hanailís albaim ó Emma Ní Chearúil agus Cuán ón uair a ndeachaigh na ticéid ar díol!

Moltaí na Seachtaine 15/8 15.08.2025

Táimid ar saoire an tseachtain seo ach tá moladh ag Cuán daoibh fós!

Scéalta: Metrolink v AI, listéire agus Sydney Sweeney 08.08.2025

Buaileann Muiris Ó Cearbhaill isteach sa stiúideó le labhairt faoi Oasis, easpa téacsleabhar i nGaeilge, Dermot Desmond ag rá nár cheart Metrolink a thógáil, listéire, Daonlathaigh ag teitheadh Texas, fógra American Eagle le Sydney Sweeney agus 250 bliain ó rugadh Daniel O'Connell.

Mínithe: Tiarnaí talún v peataí 08.08.2025

Labhraímid le Tessa Fleming faoi rialacha na dtiarnaí talún faoi pheataí agus cad is féidir le tionóntaí le peataí a dhéanamh faoi na rialacha céanna.

Moltaí na Seachtaine 8/8 08.08.2025

Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.

Siamsaíocht: Léirmheas ar Oasis i Manchain 08.08.2025

Labhraímid le Connlaith Ní Raifeartaigh, a d'fhreastail ar cheolchoirm Oasis i Manchain, áit arb as don bhanna.

Siamsaíocht: Margadh Disney agus WWE 08.08.2025

Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi scéalta iomrascála a thit amach le cúpla seachtain anuas, Disney agus ESPN ag ceannach cearta craolta Meiriceánacha ar 'Premium Live Events' de chuid WWE agus bás Hulk Hogan ina measc.

Spóirt: Imreoirí na bliana agus Craobh Camógaíochta 08.08.2025

Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi na himreoirí is fearr sa pheil agus san iománaíocht i mbliana, rialacha a d'fhéadfaí a athrú i bpeil na mban agus Cluiche Ceannais na hÉireann sa Chamógaíocht.

Splanc Nuacht 01.08.2025

Tá Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi scéalta na seachtaine: amhrán nua CMAT, Eoin Hayes ar ais sna Soc Dems agus na taraifí ina measc.

Splanc Mínithe: Ciarraí Abú! 01.08.2025

Gan amhras, is iad Ciarraí laochra an chaid agus Sam imithe ó dheas arís! Ach cad iad na bealaí eile ina bhfuil Ciarraí chun cinn ar gach chontae eile sa tír? Cé níos fearr ná an Kerry Cowboy é féin - Séaghan Ó Súilleabháin - le plé iontach a dhéanamh le Cuán faoin ábhar?

Słuchaj podcastu Splanc w Replaio

Radio i podcasty w jednej aplikacji - za darmo, bez zakładania konta. Zainstaluj już dziś i nie przegap premiery

Pobierz z Google Play

Replaio nie jest wydawcą podcastów; nazwy audycji, okładki i audio należą do ich autorów i są rozpowszechniane przez publiczne kanały RSS