RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie
Auteur
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categorie
Website van de podcast
Nieuwste aflevering
6 okt. 2026
Waar luisteren?
Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaarPodcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts
Afleveringen
Tús Áite: Mír na Leabhar 01.07.2026 11:22
Turas Róise le hAnna Heussaff agus Bilal agus Cócó le Áine Uí Fhoghlú, a bhí á phlé ag Áine Ní Ghlinn inniu ar mhír seachtainiúil na leabhar.
Tús Áite: Teorainn líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 01.07.2026 4:13
Tá reachtaíocht rite ag an Dáil chun deireadh a chur leis an teorainn ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. É seo pléite le hÉadaoin Heussaff, áitritheoir cois láthair agus urlabhraí Childrens Rights over Flights
Tús Áite: SEAS 2026 01.07.2026 9:36
Bhí SEAS 2026 á reachtáil in Óstán Buswell’s i mBaile Átha Cliath inniu – is lá abhcóideachta é SEAS a eagraíonn Conradh na Gaeilge chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí agus lucht stocaireachta bailithe san ardchathair ó fud fad na tíre. Labhair ár dtuairisceoir Jack Basquille leo siúd a bhí i láthair.
Tús Áite: Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh 01.07.2026 9:04
Phléamar Éire ag glacadh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh uirthi féin ó inniu leis an Feisire Eorpach le Fine Gael, Sean Kelly
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.07.2026 6:47
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tús Áite: 01 Iúil 2026 01.07.2026 48:01
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíóchta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Sean Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael); Éadaoin Heussaff (áitritheoir cois láthair agus urlabhraí Childrens Rights Over Flights); Áine Ní Ghlinn
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 30.06.2026 17:43
Srian ar shaorántacht ar bhonn breithe curtha ar ceal, SÁM agus an Iaráin, Crith talún Veniseála, agus an Rúis ag fulaingt. na scéalta á phlé ag Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir, agus Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta.
Tús Áite: Treoirlínte pleanála nuafhoilsithe an Rialtais 30.06.2026 17:39
Laghdófar an tréimhse ar gá do Ghaeilgeoirí a bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta chun cead pleanála a fháil sa limistéir áitiúil, á phlé le Conor McGuinness, Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge agus John Connolly, TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 30.06.2026 9:38
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tús Áite: 30 Meitheamh 2026 30.06.2026 46:11
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Conor McGuinness (Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge); John Connolly (TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta).
Tús Áite: Leanúint ag obair tar éis 65? 29.06.2026 7:28
Tá cearta nua maidir le haois scoir d’fhostaithe tagtha i bhfeidhm. Faoin reachtaíocht, ceadaítear d’oibrithe incháilithe rogha a dhéanamh fanacht i mbun oibre thar an aois scoir atá luaite ina gconradh fostaíochta, má tá an aois sin faoi bhun aois an phinsin Stáit, is é sin 66
Tús Áite: Dleachtanna ar Bhreosla 29.06.2026 7:34
Beidh ceannairí pháirtithe an rialtais ag cruinniú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na dleachtanna bhreosla a bhfuil deireadh á chur leo faoi dheireadh mí Iúil, agus a tógadh isteach i mí Aibreáin i nidadh na n-agóidí breosla.
Tús Áite: SÁM 250 29.06.2026 21:50
Beidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, Dé Sathairn seo chugainn, an 4ú Iúil, ag am a bhfuil an tír sáinnithe i gcoimhlint sa mheánoirthear agus níos easaontaithe ná mar a bhí le fada an lá sa bhaile.
Tús Áite: Óráid Andy Burnham 29.06.2026 6:51
Thug Andy Burnham a chéad óráid mhór ag díriú ar pholasaithet ó sheol sé a fheachtas chun bheith ina phríomh-aire. Pléann an painéal na mórphointí a luaigh sé san óraid.
Tús Áite: 29 Meitheamh 2026 29.06.2026 45:28
Deirdre Ní Fhloinn (Abhcóide agus Iar-Chomhairleoir); Siobháin Grogan (Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge agus Cathaoirleach d’Uisce for Gaza); Mairéad Ní Nuadháin (Colúnaí le Tuairisc.ie agus iar-Cheannasaí ar Chaidreamh Seachtrach le RTÉ); Niall " Blue Niall" Ó Móracháin (ceoltóir agus ealaíontóir leictreonach)
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine 26.06.2026 19:13
Scéalta móra na seachtaine á phléigh ag Ursula Ní Shabhaois, Tráchtaire Polaitúil, agus an tOllamh John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Caerdydd.
Tús Áite: Tionchar Athrú Aeráide ar fharraigí na hÉireann 26.06.2026 10:01
An bhfuil sé le sonrú ar mharaí thart timpeall na tíre go bhfuil an athrú aeráide ag imirt droch-thionchar suntasach ar theocht na huisce agus ar chumas na horgánach mara é a sheasamh fós, Phléamar an méid seo leis an Dr. Mark de Faoite saineolaí mara agus fiontraí.
Tús Áite: Ceannaire Hezbollah, Naim Qassem, ag diúltú dí-armáil 26.06.2026 7:30
Cainteanna le leanúint idir Iosrael agus an Liobáin inniu. Ionsaithe fós ar bun ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine. Níl slí tríd chaolas Hormuz ach trí shlite a aontaíonn an Iaráin. IAEA ag filleadh ar an Iaráin. Phléamar na scéalta seo le Mícheal Ó hUanacháin, Tráchtaire agus iar-iriseoir le RTÉ.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 26.06.2026 7:39
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.
Tús Áite: 26 Meitheamh 2026 26.06.2026 45:44
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Mícheal Ó hUanacháin (Tráchtaire agus iar-iriseoir le RTÉ); An Dr. Mark de Faoite (saineolaí mara agus fiontraí); Ursula Ní Shabhaois (Tráchtaire Polaitúil); An tOllamh John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Caerdydd)
Tús Áite: Mír na Meán Áitúil 25.06.2026 5:17
Scéalta ó na nuachtáin áitúil ag Concubhar Ó Liatháin, Comhfhreagraí Gaeltachta The Journal.ie
Tús Áite: Na Meán Soisialta do dhaoine óga san Astráil 25.06.2026 8:04
Tuairisc nua ar éifeachtúlacht chosc na hAstráile ar na meáin sóisialta do dhaoine óga Phléamar an scéal seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Cearta Digiteacha Éireann.
Tús Áite: Na Meán Sóisialta do dhaoine óga san Astráil 25.06.2026 3:35
Tuairisc nua ar éifeachtúlacht chosc na hAstráile ar na meáin sóisialta do dhaoine óga - cén léamh atá ag Naoise Ó Cearúil mar Cathaoirleach Choiste Intleacht Shaorga an Oireachtais ar seo?
Tús Áite: Creathanna Talúin sa Veinéiséala 25.06.2026 9:31
Ceaptar gur maraíodh na mílte duine de bharr dhá chrith talún chumhachtacha a rinne scrios ollmhór i gCaracas, príomhchathair Veiniséala agus sna ceantair máguaird. Phléamar an scéal seo le Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar.
Tús Áite: An Aimsir 25.06.2026 7:52
Tá síneadh curtha ag Met Éireann leis an bhfoláireamh teocht ard go dtí an Sathairn. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille go Gaelscoil na Fuinseoige i mBaile Átha Cliath ag deireadh an lá scoile inniu agus labhair sé le roinnt tuismitheoirí agus baill den fhoireann faoin tonn teasa.
Vergelijkbare podcasts
Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds