RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie

Auteur

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categorie

News

Website van de podcast

www.rte.ie

Nieuwste aflevering

6 okt. 2026

Waar luisteren?

Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaar

Podcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts

Download het op Google Play Gratis installeren Android bijna 10 mln downloads · beoordeling 4,8 iOS binnenkort

Afleveringen

Tús Áite: Cuairt Trump 03.09.2026

Ta uachtarán Mheiriceá Donald Trump le cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn agus go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Catherine Connolly mar chuid den chuairt sin. Phléamar an scéal le na Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mórshiúil na Fir Bhuí, Bóthar Gharbh Eachaidh. 03.09.2026

D'fhógair an tOrd Oráisteach pleananna do pharáid "theoranta" mar a thug siad air i nDroim Crí, ceann de na bealaí paráide is conspóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí an scéal seo a phlé le Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir agus craoltóir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Síocháin uaidh Putin? 03.09.2026

Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí EAchtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal le    See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 03.09.2026

Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 02.09.2026

Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC. 02.09.2026

Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo.   See omnystudio.com/listener for priv...

Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht. 02.09.2026

Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sá...

Tús Áite: Rialacha nua e-scútair. 02.09.2026

Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Ionsaí na nDrón i Leipzig 02.09.2026

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha tar éis fios a chur ar ambasadóir na Rúise freastal ar chruinniú chun míniú a thabhairt ar thuairiscí faoi bhainta bheith ag an Rúis le hionsaí dróin ag aerfort Leipzig. Tá an tAontas Eorpach le gearán a dhéanamh leis an taidhleoir is sinsearaí de chuid na Rúise sa Bhruiséil mar gheall ar an eachtra. Labhair muid le Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach d’Éire Theas Fine...

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 02.09.2026

 Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 01.09.2026

Scéalta Polaitíochta an Lae á phlé le hÁine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Vóta Fórsa 01.09.2026

Vótáil baill Fórsa ar son mandáit a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch mar chuid dá aighneas pá leis an rialtas. D’fhógair an ceardchumann san iarnóin inniu gur vótáil  96.6 % ar son an mholadh. Phléamar cúrsaí le Paul McSweeney, Leas Ard Rúnaí Fórsa.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Tithe Tábhairne na hÉireann i mbaol. 01.09.2026

Tá teach tabhairne amháin as gach ceithre chinn imithe as gnó ó 2005 i leith de réir tuarascáil nua. An t-eacnamaí Anthony Fley a d’ullmhaigh an tuarascáil thar ceann Ghrúpa Thionscal na nDeochanna in Éirinn. Bhí an scéal seo á phlé againn Eoin Ó Catháin, Stiúrthóir le Cumann Fuisce na hÉireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 01.09.2026

Scéalta móra idirnáisiúnta á phlé leis an bPainéal Idirnáisiúnta: Pádhraic Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine, agus Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Éire Aontaithe, agus NATO in Éirinn. 31.08.2026

Tá tráchtairí áirithe ag rá le déanaí go bhfuil suim stratéiseach na Breatine arís in Éirinn mar thoradh ar an teannas nua idir an Eoraip agus an Rúis, agus go bhféadfadh go mbeadh an Bhreatain ag iarraidh Tuaisceart na hEireann a choiméad ar mhaith le cúrsaí slándala san Atltantach, agus mar nach féidir braith ar Phoblacht na hEireann mar phairtnéir slándala. Roinn an Painéal á gcuid smaointe ar...

Tús Áite: Scéim infheistíochta Rialtais 31.08.2026

D'fhógair an Rialtas sonraí faoi scéim nua chun spreagadh a thabhairt don phobal infheistiú a dhéanamh. Beidh cuntais infheistíochta faoin scéim ar fáil don phobal go luath an bhliain seo chugainn. Phléamar an scéal leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: SIPTU ag bagairt stailce 31.08.2026

D’fhógair SIPTU go bhfuil a mbaill tar éis vótáil ar son cead a thabhairt don cheardchumann dul i mbun agóid thionsclaíoch agus iad ag tairiscint pá níos fear dá mbaill san earnáil phoiblí. Bhí an scéal seo á phlé againn leis an bpainéal.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Drámaíocht ag an bPicnic Leictreach. 28.08.2026

Beidh aisteoirí ó Chumann Drámaíochta, Ollscoil na Gaillimhe ag léiriú an dráma Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mbliana. Aoir é Coinnneáil Orainn a dhéanann iniúchadh ar mheath na Gaeilge agus ar theipeanna pholasaithe teanga an stáit trí scéal chigire a bhíonn ag cuardach na gcainteoirí dúchais deireanacha. Phléamar é le Bláithín Ní Chatháin, Oifi...

Tús Áite: Scannáin 'Aontas'. 28.08.2026

D’fhógair IFTA gur é an scéinséir Gaeilge Aontas rogha na hÉireann sa chatagóir Scannán Idirnáisiúnta sna hOscars i mbliana. Tá Aontas ag leanúint sna sála ar an Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán Oscar i 2023, agus scannán Kneecap, a bhain gearrliosta na nOscair amach i 2024. Bhí stiúrthóir an scannáin, Damian McCann, inár dteannta chun labhairt faoi.  See omnystudio.com/listener for privacy...

Tús Áite: An Mír Spóirt 10.07.2026

Labhair muid le Cuan faoi chluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann sa pheil idir Lú agus Maigh Eo, agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath, chomh maith le Corn Tailteann agus cluiche ceathrú ceannais an Chorn Domhanda idir Shasana agus an Iorua, atá ar fad ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Tús Áite: Seoladh leabhair 'Flood Tide' 10.07.2026

Seoladh Flood Tide, an leagan Béarla den úrscéal Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, i siopa leabhar Hodges Figgis ar Shráid Dawson i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair.

Tús Áite: Cúrsaí Chaomhnaithe an Dúlra 10.07.2026

Plé ar an mBille bhac cúrsála giorria sa Dáil, agus Plean athchóirithe dúlra, le Oisín Ó Néill, Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.

Tús Áite: Painéal Nuachta 10.07.2026

Scéalta móra nuachta á phlé ag an bpainéal, ina measc: Coinspóid timpeall Eachinis Alumina fós, Tonn Teasa agus spleáchas bhreosla Éireann, agus Tine chnámh fuafar i dTír Eoghan. Iad seo á phlé le Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire.

Tús Áite: 10 Iúil 2026 10.07.2026

Eimear McGovern (Iriseoir le The Belfast Telegraph); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Oisín Ó Néill (Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann); Jack Basquille, Cuan Ó Flatharta.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 09.07.2026

Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Jack Basquille.

Luister naar de podcast Tús Áite in Replaio

Radio en podcasts in één app - gratis en zonder account. Installeer vandaag nog en mis de lancering niet

Download het op Google Play

Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds