RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tús Áite

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie

Auteur

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categorie

News

Website van de podcast

www.rte.ie

Nieuwste aflevering

6 okt. 2026

Waar luisteren?

Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaar

Podcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts

Download het op Google Play Gratis installeren Android bijna 10 mln downloads · beoordeling 4,8 iOS binnenkort

Afleveringen

Painéal an Luain: Comharthaí náireacha 28.09.2026

Phléamar go leor samplaí de chomarthaí scríofa i nGaeilge lofa, samplaí seolta isteach ag éisteoirí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: FAI agus Iosrael 28.09.2026

Chosain Uachtarán Chumann Sacar na hÉireann Paul Cooke an slí ar láimhséaladh cluiche Léig na Náisiún na hÉireann i gcoinne Iosrael. Bhí plé láidir anseo idir aoínna an phainéil.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Géarchéim Bhóthar Gharbh Achaidh  28.09.2026

Dúirt Cumann Áitritheoirí Gharbh Achaidh gur chóir eadránaí idirnáisiúnta a cheapadh don aighneas maidir le mórshiúil oráisteach sa cheantar. Phléamar an scéal seo lenár bpainéal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Bóthar Gharbh Achaidh 25.09.2026

Tá cead tugtha ag Coimisiún na Mórshiúlta i dTuaisceart na hÉireann don Ord Oráiste mórshiúil a reáchtáil ar Bhóthar Gharbh Achaidh don chéad uair le hocht mbliana fichid anuas. Phléamar an scéal ó Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Sheachtain, agus Breandán Mac Cionnaithe, Cumann Áiritheoirí Gharbh Achaidh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine. 25.09.2026

Caitheann muid súil siar ar an méid a tharla le linn na seachtaine le John Maguire, Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras, agus Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimisiún Athchóiriú an Dlí.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comhairle Lucht Éisteachta RnaG 25.09.2026

An tseachtain seo ag Coiste Meáin an Oireachtais, bhí plé ar Comhairle Lucht Éisteachta Raidió na Gaeltachta, mearbhall ar roinnt baill den choiste maidir le an raibh ceann ann nó nach raibh. Labhair muid le Noel Ó Gallchóir, Cathaoirleach Chomhairle Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comharthaí Ghaeltachta ar lean.. 25.09.2026

Bhí díospóireacht spleodrach ar an gclár inne idir Donncha Ó hÉallaithe, agus Cathal Seoighe maidir le Chomharthaí Gaeltachta i nGaillimh. Phléamar an scéal ceanna ach i mBéal Feirste agus le Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Fhorbairt Feirste.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 24.09.2026

Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ar fud na hÉireann á chur i láthair ag Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comhairle Lucht Féachana TG4 24.09.2026

Tá sé ar intinn ag an Aire Cumarsáide Patrick Donovan brú ar aghaidh le leasú ar an Acht Craolacháin a cheadódh daoine gan Gaeilge a bheith ar Chomhairle Lucht Féachana TG4. Bhíomar á phlé le Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Díospóireacht Chomharthaí Gaeltachta 24.09.2026

Tá easaontas faoi chomharthaí Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe, agus malartú tuairimí idir Donncha Ó hÉallaithe agus Coiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe. Bhí díospóireacht ann idir Cathal Seoighe, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe, agus Donnchadh Ó hÉallaithe, Gníomhaí Pobail.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 24.09.2026

Scéalta móra polaitíochta an lae á chur i láthair ag Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Mír na Meán 23.09.2026

Phléamar na cláireacha Gaeilge is déanaí ar fiú breathnú orthu, le Brenda Ní Shúilleabháin.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Scannal na Sceithirí 23.09.2026

Éilíodh fiosrúchan neamhspléach sa Seanad aréir maidir le láimhseáil nochtuithe cosanta laistigh den Gharda Síochána. Labhríomar le Iar-Gharda, Gerry Lovett.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Coimisiún na Mórshiúlta 23.09.2026

Bhí cainteanna ag Coimisiún Na Mórshúilte i dTuaisceart na hÉireann le dreamanna éagsula inniu roimh theacht ar chinneadh faoi mórshiúl conspóideach Dhroim Crí. Phléamar seo le Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Sheachtain.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Na Náisiúin Aontaithe 23.09.2026

Bhí cainteanna ag oifigigh rialtais ó Mheiriceá agus ón Iaráin ag na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrach, Bhí Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ/TG4 i láthair.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite Polaitíocht an Lae 23.09.2026

Scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 22.09.2026

Na scéalta móra idirnáisúnta á phlé le Dr. Niamh Ní Bhroin, Ollamh Comhlach leis na Meán in Ollscoil Agder san Iorua, agus Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Comhchoiste na Gaeilge 22.09.2026

Cáineadh an easpa spriocanna bliantúla i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge ag Comhchoiste na Gaeilge inniu. labhair muid le Séin Ó Muineacháin, TD Fhianna Fáil Bhaile Átha Cliath Thiar Lár agus Cathaoirleach Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Spórtdalladh Iosrael 22.09.2026

Heimar Hallgrímsson cáinte ag Cumann Peile Israel, spórtdalladh curtha i leith Iosrael, Phléamar an scéal le Aidan Fitzmaurice, Iriseoir Sacair leis an Irish Independent.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tús Áite: Polaitíocht an Lae 22.09.2026

Na scéalta móra polaitíochta á chur i láthair ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: An Ghearmáin 21.09.2026

D’admhaigh Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz gur tubaist dá pháirtí an CDU torthaí toghcháin réigiúnacha an deireadh seachtaine ach mhaigh sé go bhfanfadh sé ina phost. Phléamar an scéal i measc an phainéil.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Buiséid agus Geilleagair 21.09.2026

Dúirt an Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris gur buiséid cinniúnach don tír a bheidh i mbuiséid 2027. Dúirt sé gurbh é fuinneamh an dushlán is mó don gheilleagair an Gheimhreadh seo agus nach bhfuil polaiteoir ar bith a deir gur féidir daoine a choiméad slán ón ngéarchéim fuinnimh. Phléigh an painéal an scéal seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Scéim na mBéilte Scoile 21.09.2026

Tá an tAire Um Coimirce Shóisialaí Dara Callear le roinnt moltaí ar Scéim na mBéilte Scoile a mholadh don rialtas. Tá dhá athbhreithniú neamhspléach tar éis deacrachtaí a aithint leis an scéim.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Painéal an Luain: Buiséid agus Geilleagair 21.09.2026

Dúirt an Tánaiste agus Aire Airgeadais Simon Harris gur buiséid cinniúnach don tír a bheidh i mbuiséid 2027. Dúirt sé gurbh é fuinneamh an dushlán is mó don gheilleagair an Gheimhreadh seo agus nach bhfuil polaiteoir ar bith a deir gur féidir daoine a choiméad slán ón ngéarchéim fuinnimh. Phléigh an painéal an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Éigse na Bruiséile: An Éigse féin 18.09.2026

Ar an tríú chuid den chláir, inár dteannta bhí: Radvan Markus; Barra Ó Scanláin, Roinn Ghóthaí Eachtracha is Trádála agus ball coiste na hÉigse; Ciarán Mac Fhearghusa, imeachtaí do theaghlaigh; Darragh Ó Caoimh, Centre Culturel Irlandais Pháras, agus Comhordaitheoir polasaí Colm Hawkes.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Luister naar de podcast Tús Áite in Replaio

Radio en podcasts in één app - gratis en zonder account. Installeer vandaag nog en mis de lancering niet

Download het op Google Play

Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds