RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
No dejes de visitar la web del podcast y apoyar a su creador: www.rte.ie
Autor
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categoría
Web del podcast
Último episodio
14 de oct. de 2026
¿Dónde escuchar?
Podcasts en la app Replaio Radio Muy prontoLos podcasts llegarán muy pronto a la app. Instálala ahora y sé el primero en descubrir una forma totalmente nueva de vivir los podcasts
Episodios
Brian Feda Ó Dónaill ón chomhlacht Bus Feda, Rann na Feirste 02.09.2026 10:54
Ag caint ar na fadhbanna leanúnacha le cúrsaí tráchta i Leitir Ceanainn agus an dóigh a bhfuil lánaí rothaíochta agus cosáin siúil a bhforbairt faoi láthair i Leitir Ceanainn ag cur leis an tranglam tráchta atá ansin go rialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Diane Ní Chanainn, Bainisteoir Margaíochta Theach Solais Fhánada 01.09.2026 9:20
Tá Teach Solais Fhanada ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód i mbliana agus tá tionscnamh speisialta curtha ar bun acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Hannah Ní Dhomhnaill a bhí i láthair ag an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, sa Ghailearaí ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair 01.09.2026 9:32
Tá an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, a dhéanann ceiliúradh ar cheardaithe agus ar ealaíontóirí as an chontae seo, ar siúl sa Ghailearaí anseo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair san am i láthair. Fuair ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill an deis cuairt a thabhairt ar an taispeántas le gairid. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Seoladh an Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ar Thrá na Fearthainne 01.09.2026 10:18
Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall agus Garda Cósta na hÉireann Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ag ócáid a bhí ar siúl ar Thrá na Fearthainne ar Déardaoin seo a chuaigh thart. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Garda Bríd Ní Chanainn, ó Stáisiún Gardaí Bhealach Féich 01.09.2026 6:16
Mír rialta le ball don Gharda Síochana sa chontae ag tabhairt eolas agus comhairle dár n-éisteoirí. Eolas inniu faoi eachtraí gadaíochta i gCionn an Droichid agus i Leitir Ceanainn, faoi ionsaí a tharla i mBun Cranncha, cúrsaí sábhailteachta anois agus na scoileanna oscailte arís agus faoi cham scéimeanna gutháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Colm Breathnach, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall 31.08.2026 5:15
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí leathcheannais craoibhe a bhí ar siúl san iománaíocht ag an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Hughie Rua Ó Gallachóir, ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair 31.08.2026 7:43
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí sacair a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus tús curtha le Corn Voodoo agus Brian McCormick. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An t-iriseoir, Antoin Mac Cába 31.08.2026 5:40
Ag pilleadh inniu ar scéal na Spéiríní agus an fiosrúchán poiblí atá ar bun mar gheall ar mhianach óir atá an comhlacht Dalradian ag iarraidh sna Spéiríní i gContae Thír Eoghain. See omnystudio.com/listener for privacy information.
John Boyle, Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann 31.08.2026 22:24
Ní bheidh ceithre scoil náisiúnta in iarthar Dhún na nGall ag athoscailt don scoilbhliain úr. Labhair John linn faoin scéala seo agus fosta faoin scéala go bhfuil líon ard ranganna bunscoile i nDún na nGall ina bhfuil 30 dalta nó níos mó ann. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Póilín Nic Géidigh as an Ardaí Bheag, Gort a Choirce atá i láthair ag an Phicnic Leictreach sa tSráidbhaile i gContae Laoise 28.08.2026 13:04
Beidh os cionn 80,000 duine ag freastal ar an Phicnic Leictreach nó EP mar is fearr aithne air an deireadh seachtaine seo i gContae Laoise, cuireann Póilín síos ar an fhéile agus ar imeachtaí a bheas sí féin páirteach ann le linn an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mír ómóis i gcuimhne ar an t-Iar Chomhairleoir Contae agus an t-Iar Sheanadóir Éanna Ó Cnáimhsí a fuair bás inné 28.08.2026 32:52
Páirteach sa chomhrá seo bhí Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, Séamus Ó Domhnaill, Daithí Alcorn, Máire Ní Chochláin, Alan Ó Baoid agus Myles Mac Suibhne. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach 27.08.2026 7:23
Mír rialta le hAndy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, caint inniu ar an tseirbhís úr atá a chur ar fáil ar líne ag RTÉ, RTÉ Listen agus faoin chluiche úr Grand Theft Auto atá le teacht ar an mhargadh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Micheál Ó Tunnaigh 27.08.2026 8:59
Seolfaidh clann ceolmhar Uí Thunnaigh eagrán úr den leabhar a scríobh a n-athair Paddy sna nóchaidí “Where Songs do Thunder” ag ócáid a bheas ar siúl san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn san oíche amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie as an Pholl Dóite. 09.07.2026 5:59
Mír seachtainiúil grinn le bean an Phoill Dhóite, Mary Aggie.
Emer Ní Ghallachóir, tráchtaire spóirt. 09.07.2026 4:47
Beidh cluiche mór ag mná Faoi 20 Dhún na nGall ar an tSatharn nuair a bheas siad ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 20 Peile na hÉireann in éadan Gaillimh.
Marie Nic Eamharcaigh ó Choiste Forbartha Mhín na Leice. 09.07.2026 6:10
Beidh Aonach Jack na bliana seo ar siúl i Mín na Leice an deireadh seachtaine seo.
Deirdre Ní Bhraonáin - Garraíodóir Chluain na dTor. 09.07.2026 12:41
Mír rialta le Deirdre ag tabhairt eolas agus comhairle maidir le cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag freagairt ceisteanna ón phobal agus ag tabhairt comhairle fosta ar an dóigh le hamharc i ndiaidh plandaí agus glasraí sa teas mhór.
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Feidhmeannach Forbartha le Danú Media. 09.07.2026 6:59
Tá Danú Media ag lorg fir le Gaeilge mhaith agus atá idir 18 agus 35 bliain d’aois faoi láthair le páirt a ghlacadh i ngrúpaí plé do shraith úr teilifíse ar TG4 darbh ainm Fearúlacht.
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 09.07.2026 4:33
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Andy Caomhánach Fear na Ríomhairí. 08.07.2026 9:59
Inniu tá sé ag ceistiú an bhfuil deireadh ag teacht leis na Meán Fisiciúil Mar is Eol Dúinn Iad agus tuairiscí ann go bhféadfadh an chéad PlayStation agus Xbox eile teacht gan tiomántán diosca ar bith agus bhí sé ag rá go léiríonn figiúirí nua ón CSO gur úsáid ionaid sonraí 23% de leictreachas méadaithe na hÉireann in 2025.
Cartlann na Céadaoine. 08.07.2026 8:19
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1986 nuair a labhair Timlín Ó Cearnaigh le Danny McQuillan as Port an Dúnáin, dhá lá roimh mhórshiúlta an dara lá déag. Chuir Timlín ceist air ar tús c’fhad é ina chónaí i bPort an Dúnáin.
Brianna Ní Fhíoruisce dalta ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Aisling Mhic Cumhaill Oifigeach Oideachais & Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta. 08.07.2026 8:41
Tá “Cuan”, teidí a rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus a fuair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta anois ag déanamh ionadaíochta don tír seo ag an Chomórtas Domhanda i Riga i Latvia.
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. 08.07.2026 10:53
Tá an chuma air go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid ag deireadh na míosa seo. Tá an té atá i mbun na hoifige faoi láthair ag éirí as agus go dtí seo níl duine ar bith úr ar fáil leis an tseirbhís a reáchtáil. Rinne an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an cheist a ardú sa Dáil inné agus labhair sé linn inniu faoin scéal seo.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta. 08.07.2026 5:31
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Róise Ní Laifeartaigh Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall. 07.07.2026 7:14
Bhí ócáid speisialta ar siúl in Áras na Contae i Leifear ar maidin áit ar bronnadh scoláireachtaí ar bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
Podcasts similares
Replaio no es editor de podcasts; los nombres de los programas, las portadas y el audio pertenecen a sus autores y se distribuyen a través de canales RSS públicos