RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Μην παραλείψεις να επισκεφτείς τη σελίδα του podcast και να στηρίξεις τον δημιουργό: www.rte.ie
Δημιουργός
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Κατηγορία
Ιστοσελίδα του podcast
Τελευταίο επεισόδιο
5 Οκτ 2026
Πού να ακούσεις;
Podcast στην εφαρμογή Replaio Radio Έρχεται σύντομαΤα podcast έρχονται σύντομα στην εφαρμογή. Εγκατάστησέ την τώρα και δες πρώτος μια εντελώς νέα προσέγγιση στα podcast
Επεισόδια
Tús Áite: Feirmeoirí agus Athrú Aeráide 09.09.2026 5:14
Beidh ar fheirmeoirí na hÉireann ullmhú d’aimsir a bheidh ag luascadh go géar idir báisteach iomarcach, triomach agus teas - sin dar leis an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (CCAC). Phléamar an scéal seo le Alice Doyle, Leas Uachtarán Cumann na bhFeirmeoirí. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Coinspóid sa CLG 09.09.2026 21:35
Inné d’éirigh an tiar Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa as mar chathaoirleach an choiste a bhí ag déanamh maoirseoireacht ar an gcomhnascadh idir CLG, Cumann Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta. Bhí tuairimí na n-imeroirí á chloisteáil againn, anuas ar phlé le Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála do Shinn Féin agus Ball de Choiste an Oireachtais um Ealaíona, na Meáin, Cumarsáid, Cultúr agus Spórt....
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 09.09.2026 7:28
Scéalta móra polaitíochta na lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Fiosrúchán Chomisiún na Meán. 08.09.2026 9:38
D’fhógair Coimisiún na Meán fiosrúchan ar an meán shóisialta X um thráthnóna maidir le himní go bhfuil ag teip air dearbhú aoise agus smacht tuismitheora a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Seo é an chéad fhiosrúchán de chuid Choimisiún na Meán faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne. Phléamar an scéal le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir, Cearta Digiteacha Éireann. See omnystudio.com/listener for pri...
Tús Áite: Oscailt Gaelcholáiste Synge 08.09.2026 8:18
Oscailíodh doirse Ghaelcholáiste Synge i gcathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an tseachtain seo chaite, agus tús curtha le ré úr i stair an Ghaeloideachais in iarthar na cathrach. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille ann chun an scéal fhiosrú, agus labhair sé le Medb Ní Fheaghail, Príomhoide Tánaisteach na scoile. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta 08.09.2026 17:13
Na scéalta móra idirnáisiúnta á phlé ar an gclár le Peadar De Blúit, Tráchtaire, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 08.09.2026 7:10
Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Painéal Idirnáisiúnta: “Think-in" Fianna Fáil. 07.09.2026 7:05
Is ag teacht le chéile Fhianna Fáil sa Tulach Mór i gCo Uibh Fhaillí atá an tAire Dlí agus Cirt agus an Taoiseach ag caint faoi na moltaí nua agus faoin laghdú ar iarrthóirí tearmainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Painéal Iidirnáisiúnta: Bua faighte ag an AFD sa Ghearmáin. 07.09.2026 18:39
Tá an páirtí i bhfad ar dheis, Alternative für Deutschland (AfD), an-ghar do bheith ábalta rialtas a bhunú i stát Saxony-Anhalt in oirthear na Gearmáine tar éis dóibh teacht sa chéad áit ansin le 43.8% den vóta. Tá siad anois ag lorg tacaíochta ó pháirtithe eile le cathrú leo comhrialtas a chur le chéile. Diúltaíonn formhór páirtithe polaitiúla sa Ghearmáin comhoibriú leis an AFD. &nbs...
An Painéal Iidirnáisiúnta: Rialacha Saorántachta. 07.09.2026 18:33
Bheadh ar dhaoine atá ag déanamh iarratas ar shaoránacht Éireannach Gaeilge nó Béarla a bheith acu faoi rialacha níos déine atá á moladh ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan. Dúirt an Taoiseach Míchéal Martin go mbeadh na rialacha nua ag teacht leis an gnáth cur chuige i dtíortha Eorpacha eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 04.09.2026 5:10
Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine. 04.09.2026 22:37
Phléamar cúrsaí na seachtaine seo le Diarmuid Ó Sé, Iar-Léachtóir An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus Críostóir Ó Faolain, Stiúrthóir Choláiste na Rinne. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Katie Taylor i bPáirc an Chrócaigh. 04.09.2026 6:06
Cuirfidh an laoch spóirt Éireannach deireadh lena laethanta sa chró dornálaíochta le troid amháin eile i gcoinne an dornálaí Francach Flora Pili oíche amárach i bPáirc an Chrócaigh. Phléamar an imeacht stairiúil seo le Julia Ní Dhubháin, Cóitseálaí dornálaíochta Club Dornálaíochta Chonamara. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cúnamh Forbartha Thar Lear 04.09.2026 7:27
Tá Éire anois san ochtú áit ar domhain ó thaobh cúnamh forbartha thar lear Anuraidh méadaíodh an leathdháileadh don chlár Cúnamh Éireann €36 milliún go €807.0 milliún. Phléamar an scéal seo le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Síocháin uaidh Putin? 03.09.2026 4:08
Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal leis an gCoirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Tuarascáil Aeraide Met Éireann 03.09.2026 5:36
Léiríonn tuarascáil ó Met Éireann go raibh an Samhradh seo mar an Samhradh is teo ar an taifead don dara Samhradh as a chéile de réir anailís sealadach ar na sonraí. Bhí sé chinn den 10 Samhradh is teo riamh ann ó 2001 i leith. Bhí An Coirnéal Seosamh Mac Donnchadha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Polaitíocht an Lae 03.09.2026 5:21
Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Cuairt Trump 03.09.2026 11:01
Ta uachtarán Mheiriceá Donald Trump le cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn agus go bhfuil an cuma ar an scéal go mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Catherine Connolly mar chuid den chuairt sin. Phléamar an scéal le na Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mórshiúil na Fir Bhuí, Bóthar Gharbh Eachaidh. 03.09.2026 8:42
D'fhógair an tOrd Oráisteach pleananna do pharáid "theoranta" mar a thug siad air i nDroim Crí, ceann de na bealaí paráide is conspóidí i dTuaisceart Éireann. Bhí an scéal seo a phlé le Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir agus craoltóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Síocháin uaidh Putin? 03.09.2026 4:08
Dúirt Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, go bhfuil seans ann teacht ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin, agus dúirt Aire Gnóthaí EAchtracha na hÚcráine Kyiv go raibh sé ag súil le “dinimic nua” sna hiarrachtaí síochána. Phléamar an scéal le See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil 03.09.2026 6:01
Na scéalta nuachta ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Concubhar Ó Liatháin, Iriseoir ilmheáin le TG4. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Mír na Meán 02.09.2026 9:49
Na scéalta atá go mór i mbéal an phobail, á chur i láthair ag Síle Ní Choinceannain, Ollamh Cúnta sa Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tús Áite: Stiúrthóir nua Cheathrú Ghaeilge BÁC. 02.09.2026 10:09
Tá an ceoltóir agus an gníomhaí pobal agus Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath. Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe do cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Labhair muid leis faoin ról nua seo. See omnystudio.com/listener for priv...
Tús Áite: Athrú Aeráide agus Feirmeoireacht. 02.09.2026 5:22
Duirt Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe go sárófar ardú 1.5°C ar theocht dhomhanda agus go bhfuil an dúshlán anois “athraithe ón sárú sin a sheachaint go bainistiú a dhéanamh air. Tá cur síos déanta ag na Náisiúin Aontaithe, i measúnú den chéad chineál dá leithéid, ar an gcaoi a bhféadfadh an domhan an méadú ar theocht dhomhanda a thabhairt ar ais go 1.5°C tar éis an spriochloch sin a bheith sá...
Tús Áite: Rialacha nua e-scútair. 02.09.2026 5:15
Ón Aoine seo amach, beidh sé éigeantach do dhaoine atá ag úsáid e-scútar clogad agus éadaí so-fheicthe a chaitheamh. Ní thiocfaidh an méadú atá beartaithe ar an íosteorainn aoise ó 16 go 18 mbliana d’aois i bhfeidhm go dtí níos déanaí sa bhliain. Bhí éin Ó Muíneacháin, urlabharaí iompair Fhianna Fáil, inár dteannta chun an scéal a phlé. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Παρόμοια podcast
Το Replaio δεν είναι εκδότης podcast - τα ονόματα των εκπομπών, τα εξώφυλλα και ο ήχος ανήκουν στους δημιουργούς τους και διανέμονται μέσω δημόσιων ροών RSS