RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

News GA ↓ Epizody: 218

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Určitě navštivte web podcastu a podpořte jeho tvůrce: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Kategorie

News

Web podcastu

www.rte.ie

Nejnovější epizoda

6. říj 2026

Kde poslouchat?

Podcasty v aplikaci Replaio Radio Už brzy

Podcasty míří do aplikace už brzy. Nainstaluj si ji teď a jako první uvidíš úplně nový pohled na podcasty

Stáhnout z Google Play Nainstaluj zdarma Android téměř 10 mil. stažení · hodnocení 4,8 iOS už brzy

Epizody

Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach 03.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta ag caint faoi shábháilteacht páistí ar líne agus ar líonraí sóisialta agus faoin Aip Yuka, aip faoi chúrsaí sláinte agus bia agus moltaí faoin dóigh le saol níos folláine a chaitheamh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Áine Ní Churráin as Carraig an tSeascann, Na Doirí Beaga 02.09.2026

Cuireadh tús le Camino Dhún na nGall Dé Domhnaigh agus arís i mbliana táthar ag súil na mílte euro a bhailiú d'Ionad Tacaíochta Chúram Ailse an Iarthar nó Cancer Care West, bhí Áine ag caint linn beo ó Chamino Dhún na nGall inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt 02.09.2026

Ag caint faoi mar atá ag éirigh go maith le leabharthaí Gaeilge foi láthair agus an tábhacht a bhaineann le foilsitheoirí Gaeilge, agus cur síos fosta ar leabhar a scríobh sé féin, an leabhar Mór agus Muilc a bhfuil aitheantas UNESCO faighte aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Shaun Ó Dubhchóin, dornálaí as an Mhín Charraig i nGort a Choirce 02.09.2026

Tá Shaun i ndiaidh pilleadh abhaile ón tSeirbia áit a raibh Craobhacha Faoi 19 na hEorpa sa dornálaíocht ar siúl, cuireann sé síos ar an turas, an dóigh a chur sé suim sa dornálaíocht an chéad lá riamh agus a chlub dornálaíochta i nDún Fionnachaidh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ciarán Mac Dáibhéid, Príomhoide Scoil Bhríde i Leitir Mhic a'Bhaird 02.09.2026

Beidh agóidí ar siúl i sé áit éagsúla i Leitir Mhic a’ Bhaird ag 3 a chlog le haird a dhíriú ar an imní atá ar phobal an cheantair faoin neamhaird atá a dheanamh den teorainn luais fríd an bhaile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Brian Feda Ó Dónaill ón chomhlacht Bus Feda, Rann na Feirste 02.09.2026

Ag caint ar na fadhbanna leanúnacha le cúrsaí tráchta i Leitir Ceanainn agus an dóigh a bhfuil lánaí rothaíochta agus cosáin siúil a bhforbairt faoi láthair i Leitir Ceanainn ag cur leis an tranglam tráchta atá ansin go rialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Diane Ní Chanainn, Bainisteoir Margaíochta Theach Solais Fhánada 01.09.2026

Tá Teach Solais Fhanada ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód i mbliana agus tá tionscnamh speisialta curtha ar bun acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Hannah Ní Dhomhnaill a bhí i láthair ag an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, sa Ghailearaí ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair 01.09.2026

Tá an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, a dhéanann ceiliúradh ar cheardaithe agus ar ealaíontóirí as an chontae seo, ar siúl sa Ghailearaí anseo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair san am i láthair. Fuair ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill an deis cuairt a thabhairt ar an taispeántas le gairid.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seoladh an Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ar Thrá na Fearthainne 01.09.2026

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall agus Garda Cósta na hÉireann Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ag ócáid a bhí ar siúl ar Thrá na Fearthainne ar Déardaoin seo a chuaigh thart. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Garda Bríd Ní Chanainn, ó Stáisiún Gardaí Bhealach Féich 01.09.2026

Mír rialta le ball don Gharda Síochana sa chontae ag tabhairt eolas agus comhairle dár n-éisteoirí. Eolas inniu faoi eachtraí gadaíochta i gCionn an Droichid agus i Leitir Ceanainn, faoi ionsaí a tharla i mBun Cranncha, cúrsaí sábhailteachta anois agus na scoileanna oscailte arís agus faoi cham scéimeanna gutháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall 31.08.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí leathcheannais craoibhe a bhí ar siúl san iománaíocht ag an deireadh seachtaine.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Hughie Rua Ó Gallachóir, ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair 31.08.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí sacair a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus tús curtha le Corn Voodoo agus Brian McCormick.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

An t-iriseoir, Antoin Mac Cába 31.08.2026

Ag pilleadh inniu ar scéal na Spéiríní agus an fiosrúchán poiblí atá ar bun mar gheall ar mhianach óir atá an comhlacht Dalradian ag iarraidh sna Spéiríní i gContae Thír Eoghain.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

John Boyle, Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann  31.08.2026

Ní bheidh ceithre scoil náisiúnta in iarthar Dhún na nGall ag athoscailt don scoilbhliain úr. Labhair John linn faoin scéala seo agus fosta faoin scéala go bhfuil líon ard ranganna bunscoile i nDún na nGall ina bhfuil 30 dalta nó níos mó ann.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Póilín Nic Géidigh as an Ardaí Bheag, Gort a Choirce atá i láthair ag an Phicnic Leictreach sa tSráidbhaile i gContae Laoise 28.08.2026

Beidh os cionn 80,000 duine ag freastal ar an Phicnic Leictreach nó EP mar is fearr aithne air an deireadh seachtaine seo i gContae Laoise, cuireann Póilín síos ar an fhéile agus ar imeachtaí a bheas sí féin páirteach ann le linn an deireadh seachtaine.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mír ómóis i gcuimhne ar an t-Iar Chomhairleoir Contae agus an t-Iar Sheanadóir Éanna Ó Cnáimhsí a fuair bás inné 28.08.2026

Páirteach sa chomhrá seo bhí Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, Séamus Ó Domhnaill, Daithí Alcorn, Máire Ní Chochláin, Alan Ó Baoid agus Myles Mac Suibhne. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach 27.08.2026

Mír rialta le hAndy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, caint inniu ar an tseirbhís úr atá a chur ar fáil ar líne ag RTÉ, RTÉ Listen agus faoin chluiche úr Grand Theft Auto atá le teacht ar an mhargadh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Micheál Ó Tunnaigh 27.08.2026

Seolfaidh clann ceolmhar Uí Thunnaigh eagrán úr den leabhar a scríobh a n-athair Paddy sna nóchaidí “Where Songs do Thunder” ag ócáid a bheas ar siúl san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn san oíche amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mary Aggie as an Pholl Dóite. 09.07.2026

Mír seachtainiúil grinn le bean an Phoill Dhóite, Mary Aggie.

Emer Ní Ghallachóir, tráchtaire spóirt. 09.07.2026

Beidh cluiche mór ag mná Faoi 20 Dhún na nGall ar an tSatharn nuair a bheas siad ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 20 Peile na hÉireann in éadan Gaillimh.

Marie Nic Eamharcaigh ó Choiste Forbartha Mhín na Leice. 09.07.2026

Beidh Aonach Jack na bliana seo ar siúl i Mín na Leice an deireadh seachtaine seo.

Deirdre Ní Bhraonáin - Garraíodóir Chluain na dTor. 09.07.2026

Mír rialta le Deirdre ag tabhairt eolas agus comhairle maidir le cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag freagairt ceisteanna ón phobal agus ag tabhairt comhairle fosta ar an dóigh le hamharc i ndiaidh plandaí agus glasraí sa teas mhór.

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Feidhmeannach Forbartha le Danú Media. 09.07.2026

Tá Danú Media ag lorg fir le Gaeilge mhaith agus atá idir 18 agus 35 bliain d’aois faoi láthair le páirt a ghlacadh i ngrúpaí plé do shraith úr teilifíse ar TG4 darbh ainm Fearúlacht.

Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 09.07.2026

Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Andy Caomhánach Fear na Ríomhairí. 08.07.2026

Inniu tá sé ag ceistiú an bhfuil deireadh ag teacht leis na Meán Fisiciúil Mar is Eol Dúinn Iad agus tuairiscí ann go bhféadfadh an chéad PlayStation agus Xbox eile teacht gan tiomántán diosca ar bith agus bhí sé ag rá go léiríonn figiúirí nua ón CSO gur úsáid ionaid sonraí 23% de leictreachas méadaithe na hÉireann in 2025.

Poslouchej podcast Barrscéalta v Replaio

Rádio a podcasty v jedné aplikaci - zdarma a bez registrace. Nainstaluj si ji ještě dnes a nepropásni premiéru

Stáhnout z Google Play

Replaio není vydavatelem podcastů; názvy pořadů, obálky a audio patří jejich autorům a šíří se přes veřejné RSS kanály