RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Určitě navštivte web podcastu a podpořte jeho tvůrce: www.rte.ie
Autor
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Kategorie
Web podcastu
Nejnovější epizoda
6. říj 2026
Kde poslouchat?
Podcasty v aplikaci Replaio Radio Už brzyPodcasty míří do aplikace už brzy. Nainstaluj si ji teď a jako první uvidíš úplně nový pohled na podcasty
Epizody
Ursula Ní Shabhaois, Iriseoir 14.09.2026 8:15
Ag plé an dea-scéala go bhfuil deireadh le cur le na taraifí ar uisce beatha a bhí ag na Stáit Aontaithe ár Uisce Beatha na tíre seo agus eolas fosta ar scéalta nuachta reatha sna Sé Contae. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tony Mac Ruairí, Pobalscoil na Rosann 14.09.2026 5:35
Tá ócáid mhór ar an Chlochán Liath inniu ag Pobalscoil na Rosann áit a bhfuil an laoch spóirt Sonia O’Sullivan ag oscailt traic lúthchleasaíochta úr na scoile go hoifigiúil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pat the Cope Ó Gallachóir TD 14.09.2026 10:18
Ag plé cuairt an Uachtaráin Donald Trump go hÉireann, thóg an t-Uachtarán ard arís ar Éireann Aontaithe leis an Taoiseach le linn a chuairt. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste 10.09.2026 4:18
Mír grinn na seachtaine seo le Mary Aggie ag caint inniu ar an athrú atá tagtha ar dul amach don oíche agus an mhéid atá le pleanáil agus na deochanna roimh ré agus an shift. Sé, an shift. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Garraíodóir Chluain na dTor, Deirdre Ní Bhraonáin 10.09.2026 10:16
Mír na seachtaine seo le Deirdre faoin nádúr agus faoi chúrsaí garraíodóireachta, comhairle faoi na plandaí agus na glasraí atá maith le cur agus fás faoin am seo bliana. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 10.09.2026 5:35
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, tá Andy i láthair ag ócáid i Londain inniu atá ag plé leis na meáin agus na buntáistí a bhaineann le hábhar fisiceach in áit ábhar digiteach See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bernadette Morris, léiritheoir na sraithe. 09.09.2026 4:17
Beidh sraith úr ag toiseacht anocht ar TG4, ‘Bia Úr’ agus linn ar maidin le labhairt faoin tsraith úr seo bhí léiritheoir na sraithe, Bernadette Morris. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Hiúdaí Ó Gallachóir ón chomhlacht Corveen Glen Meats 09.09.2026 10:23
Tá Lidl ag cur tús le Clár Forbartha Soláthróirí le tacú le gnóanna beaga a dtáirgí a chur chun cinn agus ó amárach ar aghaidh, beidh cuid tairgí an chomhlachta Corveen Glen Meats ar fáil in ollmhargaidh Lidl. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pádraig Ó Duibhir ón choiste eagraithe 09.09.2026 6:53
Beidh cruinniú poiblí ar siúl sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair amárach le plé a dhéanamh ar an drochbhail atá ar bhealach Mhachaire Gathlán. Bhí Pádraig Ó Duibhir, duine de lucht eagraithe an chruinnithe agus duine atá ina chónaí ar an bhealach, linn ar maidin le plé a dhéanamh ar an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Máire Ní Chochláin Cathaoirleach CLG Dhún na nGall agus Clíodhna Ní Mhianáin, imreoir camógaíochta le Doire agus ball de CLG Shleacht Néill 09.09.2026 23:00
D'fhógair an Dochtúir Máire Mhic Giolla Íosa inné go raibh sí ag éirigh as a ról mar chathaoirleach ar an Choiste Chomhtháthaithe a roghnaíodh leis an CLG, Cumann Peile na mBan agus an Cumann Camógaíochta a thabhairt le chéile mar aon eagraíocht amháin. Labhair Máire Ní Chochláin agus Clíodhna Ní Mhianáin linn faoin scéala seo ar maidin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pacáiste ó teacht le chéile Coláiste na Croise Naofa 08.09.2026 26:55
Bhí teacht le chéile ag iardhaltaí de chuid Choláiste na Croise Naofa ar an Fhál Carrach le gairid in Óstán Loch Altan i nGort a’Choirce le ceiliúradh a dhéanamh ar thrí scór bliain ó thosaigh siad ar an scoil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Proinsias Mac a’ Bhaird as Oileán Árainn Mhór 08.09.2026 9:22
Tá Banna Píob Árainn Mhór ag ullmhú le turas a dhéanamh chuig Beaver Island i Michigan an tseachtain seo, turas a rinne teaghlaigh ón oileáin thar 170 bliain ó shin le linn an Gorta Mór, agus labhair ball den bhanna, Proinsias Mac a’ Bhaird linn ar maidin faoin turas seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn 08.09.2026 7:53
Mír rialta le ball den Gharda Síochána sa chontae, plé inniu ar thiomáint chontúirteach, ar dhamáiste coiriúil a rinneadh i mBealach Féich agus ionsaithe a tharla i mBun na hAbhann i measc ábhair eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Joseph Mangan as Gort a’ Choirce 07.09.2026 5:29
Bhí Joseph Mangan i láthair i bPáirc an Chrócaigh oíche Shatharn nuair a chur an dornálaí Katie Taylor deireadh lena gairm proifisiúnta mar dhornálaí in eadán Flora Pili. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na Tráchtairí Seosamh Mac Ceallbhuí Iseult Ní Mhathúna 07.09.2026 10:38
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí Gaelacha a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Kieran Ó Rabhartaigh, fear gnó as Dún Lúiche 07.09.2026 4:49
D’éirigh go maith i mbliana arís leis an lá mór ceoil a d’eagraigh Clann Uí Rabhartaigh i nDún Lúiche ar an lá saoire bainc i mí Lúnasa. Thóg siad níos mó ná €42,800 do na carthánachtaí seo a leanas: an Kevin Bell Trust, Oispís Dhún na nGall agus Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Charlie Mac Laifeartaigh, úinéir Ostán na Trá sna Dúnaibh 07.09.2026 8:00
Ag cur síos ar an óstán agus an séasúr turasóireachta i mbliana. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir leis an Sunday World 07.09.2026 11:39
Ag plé na scéalta mór atá i mbéal an phobail sna sé chontae inniu – teannas arís mar gheall ar pharáid na nOráisteach i nDroim Croí, cuid cainte príomhaire na Breataine, Andy Burnham faoi reifreann ar Éire Aontaithe agus an tionchar a bhí ag tragóid 9/11 ar fheachtas an IRA sa tír seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Margaret Mary Mhic Suibhne, cúramóir altrama as Gaoth Dobhair 07.09.2026 6:41
Bíonn an eagraíocht Tusla sa tóir ar chúramóirí altrama go rialta agus iad ag iarraidh cúram agus tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do pháistí atá faoi chúram an stáit seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste 04.09.2026 6:35
Mír grinn na seachtaine seo le Mary Aggie, ag caint inniu faoi a bheith ag ullmhú don fhómhar agus don gheimhreadh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na tráchtairí spóirt Seosamh Mac Ceallabhuí agus Iseult Ní Mhathúna 04.09.2026 10:10
Ag caint faoi na cluichí a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i gcraobhacha peile na bhfear agus na mban sa chontae seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Chluain na dTor 04.09.2026 10:29
Mír seachtainiúil faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag caint inniu faoi chomh fairsing agus atá daoil nó earwigs i mbliana agus ag caint faoin phlanda agus an nóinín an Rudbeckia nó an Black Eyed Suzy atá maith le dath a chur sa ghairdín fán am seo bliana. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Patrica Uí Arlaigh, Príomhoide Scoil Naomh Carlo Acutis, Gort a’ Choirce 04.09.2026 7:55
Dhéanfaidh Easpag Rath Bhoth, Niall Ó Colla, aifreann a cheiliúradh i dTeach Pobail Chríost Rí, Gort a’Choirce ag a 11r.n. Dé Domhnaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar athainmniú na scoile go Scoil Naomh Carlo Acutis le gairid. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap as Íoclann Na Bhun Bhig 03.09.2026 9:42
Ag caint inniu faoi na liostaí fada feithimh do sheirbhísí cúraim baile agus d’uaireanta breise cúraim sa chontae seo agus faoin deascéala go bhfuil níos mó daoine ag maireachtáil i ndiaidh daofa a bheith ag fulaingt le hailse. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Marina Nic Giolla Bhríde - Comhordaitheoir Scoil Cheoil na Crannóige 03.09.2026 11:39
Ag cur síos ar an scoil cheoil, na ranganna agus na huirlisí atá a theagasc acu chomh maith leis na sonraí faoin séasúr úr ranganna a bheas ag toiseacht gan mhoill. Comhrá chomh maith le Beth Ní Rabhartaigh, Roybn Ní Choille agus Brian Mac Aodha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Podobné podcasty
Replaio není vydavatelem podcastů; názvy pořadů, obálky a audio patří jejich autorům a šíří se přes veřejné RSS kanály