Raidió Rí-Rá

Raidió Rí-Rá

Arts GA ↓ 62 avsnitt

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira

Glöm inte att besöka poddens webbplats och stötta skaparen: raidiorira.podbean.com

Skapare

Raidió Rí-Rá

Kategori

Arts

Poddens webbplats

raidiorira.podbean.com

Senaste avsnittet

29 okt 2026

Var kan du lyssna?

Poddar i appen Replaio Radio Kommer snart

Poddar kommer snart till appen. Installera nu och bli först med att uppleva ett helt nytt sätt att lyssna på poddar

Ladda ned på Google Play Installera gratis Android nästan 10 mn nedladdningar · betyg 4,8 iOS snart

Avsnitt

Closleabhar Madame Lazare 07.07.2025

Labhair Aisling le Tadhg Mac Dhonnagáin, údar Madame Lazare, faoin leagan closleabhar don scéal atá eisithe aige le gairid.

Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain 23.06.2025

Labhair Aisling le Colm Ó Cuaig agus Charlie Dillon san eagrán seo faoi leabhar nua de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann darb ainm Dúchan. Blúirí atá sa leabhar seo den bhfoclaíocht agus nathanna cainte a bhailigh Máirtín Ó Cadhain le linn a shaoil. Beidh an leabhar á sheoladh i Stúideó Cuan, An Spidéal ar an 28ú Meitheamh. Is féidir clár don imeacht sin anseo: https://www.tickettailor.com/events/ro...

Tech Duinn le Cushla 03.06.2025

San eagrán seo, déanann Emma & Aisling plé ar chéad albam Cushla, Tech Duinn. Ceol leictreonach le glór Nell Ní Chróinín atá san albam seo a mheascann amhránaíocht an tsean-nóis le ceol damhsa agus leictreonach. Is féidir Raidió Rí-Rá a leanúint ar na meáin shóisialta ag @raidiorira

Adolescence 08.04.2025

Ní fhéadfaimis an ceann seo a fhágaint ar lár. Déanann Aisling agus Emma plé ar an mionsraith is rathúla ar Netflix , Adolescence. Pléitear ábhair níos troime san eagrán seo.

Small Town, Big Story le hEvanne Kilgallon 10.03.2025

Labhraíonn aisteoir agus scríbhneoir Evanne Kilgallon faoina taithí ag obair le Chris O'Dowd ar sraith nua ar Sky TV, a gairm mar chruthaitheoir lánaimseartha, ócáidí Off Topic, agus físeáin fheisteas an lae ar TikTok!

’Fin.’ - deireadh ré Tebi Rex le Matt Ó Baoil 10.03.2025

I ndiaidh deich bliana tá deireadh ag tíocht le haistear an bhanna ceoil Tebi Rex (Max Zanga agus Matt Ó). Labhraíonn Matt linn faoina ngairm go dtí seo, an tríú albam, agus slán a fhágáil le togra a bhfuil do chroí istigh ann.

”I Was There” - Ceolchoirmeacha Íocónacha le Ruth Hodder 10.03.2025

Labhraíonn an poibleoir agus bainisteoir ceoil Ruth Hodder linn faoi phodchraoladh na Tenth Man mar gheall ar cheolchoirmeacha íocónacha Éireannacha agus an gá le hionaid bheaga ceoil. Sa tsraith "I Was There" fiosraítear ceolchoirmeacha Bob Marley, The Cranberries, agus Nirvana anseo in Éirinn. Tá an podchraoladh ar fáil ar Spotify, Apple, agus gach áit eile a mbíonn podchraoltaí.

Bops & Flops 2024 19.12.2024

Féachann Jade, Emma & Aisling siar ar 2024 agus ar na halbaim & amhráin a sheas amach. Roineann Ruairí Egan ón bpodchraoladh Léim Thart a thuairimí linn chomh maith! Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira

Small Things Like These 25.11.2024

Chuaigh na gals chun na pictiúrlainne d'eagrán na seachtaine seo chun Small Things Like These a fheiscint, scannán bunaithe ar leabhar a scríobh Claire Keegan le Cillian Murphy sa phríomhról. Bí i dteagmháil ag @raidiorira ar na meáin shóisialta!

Súil Amháin - athPhORT 19.11.2024

San eagrán seo, déanann Aisling & Emma plé ar chéad albam Súil Amháin agus cad is Big Spailpín Energy ann? Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta ar fad @raidiorira

RÓIS - MO LÉAN 25.10.2024

San eagrán seo déanann Emma, Jade & Aisling plé ar an albam 'MO LÉAN' le RÓIS. Nuair a deirim 'plé', fangirling don gcuid is mó a bhí ar siúl againn! Cad a cheapann tú fhéin faoin albam? Roinn do thuairim linn ar na meáin shóisialta ar fad @RaidioRiRa

Scannán Kneecap & Fine Art 09.10.2024

Tá clú & cáil dhomhanda bainte amach ag Kneecap i mbliana, rapálaithe ó Bhéal Feirste a thosnaigh ag cruthú ceoil i 2017. San eagrán seo, roineann Jade, Aisling & Emma a dtuairimí faoi scannán Kneecap agus an t-albam is déanaí uathu 'Fine Art'. Roinn bhur dtuairimí linn ar na meáin shóisialta @raidiorira.

Lyssna på podden Raidió Rí-Rá i Replaio

Radio och poddar i en och samma app - gratis och utan konto. Installera redan idag och missa inte premiären

Ladda ned på Google Play

Replaio är ingen poddutgivare; programnamn, omslag och ljud tillhör sina upphovspersoner och distribueras via offentliga RSS-flöden