RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

News GA ↓ Episoade: 218

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categorie

News

Site-ul podcastului

www.rte.ie

Cel mai nou episod

6 oct. 2026

Unde asculți?

Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curând

Podcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor

Descarcă din Google Play Instalează gratuit Android aproape 10 mil. descărcări · nota 4,8 iOS în curând

Episoade

Sagart Paróiste Ghort a’Choirce, an tAthair Donnchadh Ó Baoill agus Oifigeach Ealaíona Chomhairle Contae Dhún na nGall, Traolach Ó Fionnáin. 24.06.2026

Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta san fheachtas “An tAmhrán is Ansa Linn” ar an chlár an Cóisir Cheoil.

Cartlann na Céadaoine. 24.06.2026

Le Corn an Domhain faoi lán seoil chuaigh muid siar go dtí an bhliain 1990 nuair a d’imir foireann sacar na hÉireann sa chomórtas den chéad uair riamh Ba é Packie Bonner a bhí sna cúil d’fhoireann na hÉireann agus labhair Pádraig Ó Cnáimhsí agus Naul Mac Comhaill le Conall Ó Dubhthaigh faoi Phackie ag an am.

Sally Ní Dhuibhir agus Deirdre Learmont atá ag obair ar an chlár teilifíse Opry le Daniel. 24.06.2026

Tá an clár ceoil tíre “Opry le Daniel” i measc na gcláracha teilifíse is mó a bhfuill tóir air ar TG4 le blianta anuas agus beidh Opry le Daniel ar ais sa Millennium Forum i nDoire ar an 30ú Meitheamh go dtí an dara lá d’Iúil.

Nóra Ní Fhlanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Bád Tarrthála Oileán Árainn Mhór. 24.06.2026

Comhairle do dhaoine atá ag smaoineamh ar dhul chun na farraige le linn an aimsir mhaith, caithfear i gcónaí a bheith cúramach san uisce.

An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh ón Pháirtí Cúitimh 100%. 24.06.2026

Chuir an Teachta Dála ón Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward rún os comhair na Dála ar maidin inniu maidir leis an chaighdeán úr IS465 le measúnú a dhéanamh ar thithe le brící lochtacha a foilsíodh le gairid.

Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 24.06.2026

Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Donna Ní Ghallachóir, Oifigeach Forbartha Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille. 23.06.2026

Beidh oíche oscailte ag scéim Chéad Fhreagróirí Ghleann Cholm Cille ón 7-9 a chlog anocht i Seanscoil na Carraige.

Pacáiste ón ócáid ‘Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ 23.06.2026

Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid dírithe ar an téama ‘Éire Aontaithe” Labhair Conor Róisín Nic Liam, a bhí i mbun taighde do Chonradh na Gaeilge ar an ábhar seo, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

An Dr. Pól Deeds, Coimisinéir Gaeilge na Sé Chontae. 23.06.2026

Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.

An Garda Bríd Ní Chanainn ó Stáisiún Bhealach Féich. 23.06.2026

Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann ag an deireadh seachtaine agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl sa chontae seo. Tharla cuid mhór eachtraí agus bhí deireadh seachtaine gnóthach ag na Gardaí.

Pat Ó Flanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. 23.06.2026

Seolfar Fleadh Cheoil na hÉireann go hoifigiúil i mBéal Feirste inniu.

Maighreád Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 23.06.2026

Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.

Barrscéalta, clár iomlán, 23/06/2026. 23.06.2026

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Caoimhín Ó Casaide. 19.06.2026

Ag caitheamh súil chun cinn ar chluiche Dhún na nGall v Baile Átha Cliath agus cluichí eile a bheas ar siúl i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine. Labhair sé fosta faoi bhás Donald Uí Bhreisleáin, fear a bhí iontach gníomhach i CLG Ghaoth Dobhair i rith a shaoil mar imreoir agus mar riarthóir.

An tAthair Seán Ó Gallchóir. 19.06.2026

Tá cluiche mór ag Dún na nGall ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, beidh lá stairiúil ag fear eile ar an Domhnach fosta, sin Micheal Ó Murchú agus é réidh le himirt. 200ú cluiche dá chontae agus labhair sé fosta faoin scéal brónach ar maidin go bhfuair Donald Ó Breisleáin bás, iar imreoir do Ghaoth Dobhair agus do Dhún na nGall.

Emer Ní Ghallachóir. 19.06.2026

Beidh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce amárach i gCraobh na hÉireann in éadan Mhaigh Eo.

Tomaí Rua Ó Conghaile. 19.06.2026

Beidh an ócáid, Griantrad ar siúl ar an Domhnach seo i bPáirc Bhaile na Lorgan i nDún Dealgán.

Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Cluain na dTor. 19.06.2026

Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Inniu labhair Deirdre ar an dóigh le leas a chur ar a gcuid glasraí agus torthaí.

Dónall Mac Ruairí. 19.06.2026

Beo ó Railí Idirnáisiúnta Dhún nGall agus an chéad lá ar obair i nGaoth Dobhair.

Barrscéalta: Dé hAoine 19 Meitheamh 2026. 19.06.2026

Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.

Brídanna Ní Bhaoill agus Eilín Uí Bhaoill ó Seanachas Sheáin Néill. 18.06.2026

Seolfar an leabhar “Maith Thú A Mhicí” le Micí Sheáin Néill Ó Baoill i Rann na Feirste anocht. Bhí an leabhar as cló le tamall, agus seo an tríú eagrán den leabhar. Labhair Conor Ó Gallachóir le Brídanna agus Eileen faoin ócáid.

Aindriú Mac Niallais as Gaoth Dobhair a bhfuil baint aige le Railí idirnáisiúnta Dhún na nGall ón bhliain 1987. 18.06.2026

Ag cur síos ar an bhaint a bhí aige leis an railí le daichead bliain, an obair a bhíonn ar siúl aige le linn an railí agus an ról a bheas aige i railí na bliana seo.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig. 18.06.2026

Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag freagairt ceisteanna ó éisteoiri agus ag tabhairt comhairle sláinte don phobal agus plé ar Seachtain Idirnáisiúnta Sláinte na bhFear ar siúl an tseachtain seo.

An Comhairleoir Contae Neamhspleách Micheal Cholm Mac Giolla Easbuig. 18.06.2026

Tá sé deimhnithe anois go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid i gceann 6 seachtainí mar go mbeidh an máistreás poist in Anagaire ag éirigh as go luath agus nár éirí le An Post ina gcuid iarrachtaí duine eile a aimsiú chun an Oifig an Phoist a reáchtáil.

An ceantálaí Eamonn Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair agus an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh. 18.06.2026

Ag caint ar an tionchar a bheas ag na rialacha úra a d’fhógair an Roinn Tithíochta maidir le daoine ar mian leo tithe a ligean go gear téarmach ar Airbnb ó suíomhanna de mhacasamhail le hiarracht a dhéanamh níos mó tithe a bheith ar fáil ar chíos go fad téarmach.

Ascultă podcastul Barrscéalta în Replaio

Radio și podcasturi într-o singură aplicație - gratuit și fără înregistrare. Instaleaz-o azi și nu rata lansarea

Descarcă din Google Play

Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice