Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
An Spota Dubh
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: www.raidionalife.ie
Autor
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Categorie
Site-ul podcastului
Cel mai nou episod
3 sept. 2026
Unde asculți?
Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curândPodcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor
Episoade
Cluichí Ceannais Peil na mBan 11.09.2019 27:16
Ba iad Colleen Barrett agus Máire Ní Bhraonáin a bhí linn roimh Cluiche Ceannais Peil Na mBan, freisin fuair muid tuairimí Róisín Tobin agus Emer Ní Ghallchóir.
Cluichí Ceannais Chamógaíochta na hÉireann 04.09.2019 36:18
An tseachtain seo ar an gclár labhair muid le Daragh Ó Conchúir agus Claire O'Connor ag breathnú chun cinn ag na cluichí Móra camógaíochta ag an deireadh seachtaine. Fuair muid tuairimí Deirdre Johnston, Fíona Ní Bhroin agus Gráinne Ní Chatháin chomh maith agus Bhí Cárthach ag caint le Maria Cooney imreoir shinsir na Gaillimhe.
Cluichí Leath Cheannais na mBan 23.08.2019 32:00
Bhí imreoir Dhún na nGall Emer Ní Ghallchóir agus iar-imreoir na Gaillimhe Máire Brennan linn ag caint ar an dá chluiche leath-cheannais i gCraobh Peil na mBan ar an domhnach.
Sár-choimhlint sa Sár-Ochtar 02.08.2019 36:09
Deireadh seachtaine ollmhór peile amach romhainn agus an babhta deireadh sa Sár-Ochtar faoi chaibidil againn. Labhair muid le Paddy Kelly, iar-imreoir sinsir Chorcaí, agus le Paul Conroy, imreoir peile na Gaillimhe, maidir lena dtuairimí faoi na cluichí ag an deireadh seachtaine.
Cluichí móra le Paddy Beag 19.07.2019 30:45
Bhí tráchtaire RTÉ RnaG Paddy ó Gríofa linn an tseachtain agus muid ag plé cluichí sna Super 8s ag an deireadh seachtaine é sin agus scéalta na seachtaine le Cárthach agus Cian.
An mbuailfidh Gaillimh Maigh Eo??? 05.07.2019 34:07
An tseachtain seo bhí deis againn labhairt le Joe Ó Conaire agus Craobh Oscailte na hÉireann ar bun. Chomh maith le sin labhair muid le Seán Denvir, iar-pheileadóir shinsir na Gaillimhe, agus John Ó Clochartaigh, fearr ón taobh eile don teorainn, agus cluiche cinniúnach ar bun ag an deireadh seachtaine!
Seaimpiní Cúige 28.06.2019 37:10
An tseachtain seo le trí chluiche mhór san iomáint, bhí Tony Murphy iar-imreoir Chill Dara linn chun an chraobh iomána a phlé.
Féasta Peile an Deireadh Seachtaine 21.06.2019 33:48
Trí chluiche ceannais cúige atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo ar an gclár. Labhair muid le imreoir Cheatharlaigh Daragh Ó Brien agus le Anailísí Tg4 Mark Harte faoin méid a bheidh ag tarlú an deireadh seachtaine seo!
Comórtas fiachmhar i Laighean agus Pebble Beach 14.06.2019 45:35
Beidh comórtas mór san iománaíocht an deireadh seachtaine seo agus labhair muid le Brian Barry ó Sky Sports agus le Michael Rice, anailísí agus imreoir Chill Chainnigh, faoi na cluichí. Chomh maith le sin bhí Joe Ó Conaire linn chun an US Open a phlé!
Craobh an Domhain le Banríon Méabh agus Iomáint le Antaine an Rí 06.06.2019 45:01
An tseachtain seo ar an gclár bhí Antaine Ó Conghaile tráchtaire le Raidió na Gealtachta linn le cluichí móra iománaíochta an deireadh seachtaine a phlé agus bhí Méabh de Búrca linn, peileadóir idirnáisiúnta na hÉireann, agus Craobh an Domhain faoi chaibidil againn.
Derby... nó Derby sacair? 31.05.2019 37:03
Ar an gclár an tseachtain seo labhair muid le traenálaí capaill Sarah Lynam agus fuair muid a tuairimí maidir le rásaí Móra an deireadh seachtaine, an Derby agus an Oaks ina measc. Chomh le sin labhair muid le lucht leanta Spurs agus Liverpool roimh cluiche ceannais Sraith na Seaimpíní ar an Satharn.
Dorn san Aer 17.05.2019 22:16
Bhí Diarmuid Gizzy Lyng ar ais linn an tseachtain seo agus Craobh iomána tosaithe. chomh maith le sin bhí Sean McComb linn agus é ag troid De hAoine ag iarraidh a seachtú bua as a chéile a bhaint amach go proifisiúnta.
Tá an Samhradh ag teacht 10.05.2019 37:39
Bhí iar-roghnóir Tiobraid Árann Paudie Ó Néill linn ag plé craobh iomána an deireadh seachtaine. Labhair muid le Liam Ó Lionáin, Port Láirge, faoi chluichí peile an deireadh seachtaine agus bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn chun cluiche ceannais Champions Cup a phlé.
Gáire le Máire agus Cluichí Ceannais Sraithe na mBan 03.05.2019 39:58
Cluichí ceannais Sraithe na mBan ag teacht aníos ag an deireadh seachtaine agus bhí Máire Brennan na Gaillimhe, Aisling Ní Bhroin Laoise agus Michelle Ryan Phort Láirge linn chun na cluichí a phlé.
Cailín na Gaillimhe agus Ciarán an Rugbaí 19.04.2019 36:07
An tseachtain seo ar an gclár shuí muid síos le Áine McDonagh, imreoir le Gaillimh, chun cluichí leathcheannais sraithe na mban a phlé! Chomh maith le sin labhair muid le Ciarán Ó Raghallaigh ó The Times Ireland Edition chun na cluichí leathcheannais sa Champions Cup a phlé!
Ní Máistirí Muidne. 12.04.2019 43:17
An tseachtain seo ar an gclár chaith muid súil ar chomórtas na Máistrí agus bhí Joe Ó Conaire linn agus é tabhairt roinnt a thuairimí linn.
An mbéidh an Tiger a rolláil Dé Sathairn? 05.04.2019 39:20
Fuair Cian agus Cárthach roghanna Paddy ó Gríofa, Sarah Lynam, Feilim Mac an Iomaire agus Declan Maronn don Grand National in Aintree ar an Sathairn, agus bhí scéalta na seachtaine á phlé acu freisin.
Sraitheanna ag teacht chun críche agus Éire vs cloch mhór Gibraltar 22.03.2019 48:09
An tseachtain seo bhí Seán Denvir linn chun babhtaí deireanacha na sraith peile a phlé linn, phlé muid cluichí leath cheannais in éineacht le Brian Barry ó Sky Sports. Chomh maith le sin phlé muid an dá cluiche mór sacair agus Éire ag cúr tús lena bhfeachtas cáiliúcháin.
Trup trup a chapaillín!! 08.03.2019 34:40
Tá Cheltenham ar leic an dorais againn agus bhí Paddy Desmond ó Paddy Power agus Daragh Ó Conchúir ón Irish Field linn ag plé rásaí Móra na seachtaine.
Celtic 'is na camáin 01.03.2019 45:37
An tseachtain seo bhí Ciarán Ó Gallachóir linn agus é ag plé todhchaí Celtic agus Brendan Rogers tar éis a phost a fhágáil. Freisin bhí iarr imreoirí Cathal Moore agus Tony Murphy linn agus an tsraith iomána ag teacht chun críche.
Colm De Buitléar 26.02.2019 21:13
Ní minic a thagann imreorí Rugbaí chun cinn as Gaeltacht Chonamara , ach tá Colm De Buitléar ag dul ó neart go neart I ngeasaí glas Chonnacht I mbliana. Labhair sé le Cárthach i rith na seachtaine.
Sacar, Sigerson 'is Ross 15.02.2019 53:15
Bhí Fiachra Ó hEochaidh linn agus é ag breathnú ar aghaidh ag Sraith na hÉireann atá le tosú an deireadh seachtaine seo. Bhí Cian Kiely linn agus Corn Sigerson á phlé aige agus bhí Ross O'Carroll linn chomh maith chun babhta a trí don tSraith Iomána a phlé.
Clár 47 - 2019 - Raidió na Life 08.02.2019 51:10
Bhí An Spota Dubh i bPáirc an Chrócaigh agus sraitheanna Allianz á phlé againn. Le Cárthach agus Cian bhí Paul Conroy, Donie Breathnach, Fiona Ní Chorcoráin agus Cian Ó Connell.
Clár 46 - 2019 - Raidió na Life 08.02.2019 35:08
An tseachtain seo bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill ó TG4 linn chun cúrsaí rugbaí a phlé agus bhí bainisteoir Castleblaney Jimmy Lacey ar an bhfón chomh maith agus é ag breathnú chun cinn ar chluiche ceannais Iomána Sóisir na hÉireann ar an Domhnach.
Clár 45 - 2019 - Raidió na Life 01.02.2019 55:17
An tseachtain seo bhí anailísí RnaG agus TG4 Cian de Buitléir agus Jeff Neville ó the Loose Head linn ag breathnú ar aghaidh ar an 6 Nations. Freisin bhí Daragh Ó Conchúir ó The Irish Field ag plé an Dublin Racing Festival ag an deireadh seachtaine.
Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice