RTÉ Raidió na Gaeltachta

Adhmhaidin

News GA ↓ Episoade: 266

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categorie

News

Site-ul podcastului

www.rte.ie

Cel mai nou episod

8 oct. 2026

Unde asculți?

Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curând

Podcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor

Descarcă din Google Play Instalează gratuit Android aproape 10 mil. descărcări · nota 4,8 iOS în curând

Episoade

Caitríona Nic Seoin, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. 03.07.2026

An Ghaeilge ag teacht chun cinn níos mó ag cruinnuithe an bhoird.

Cathy Ní Ghoill.,Comharchumann Forbartha Árann. 03.07.2026

Cruinniú a bhí ag an gcomharchumann inné le Aer Árann faoi athruithe atá le déanamh ar an bpróiseas áirithintí.

Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Roinn an Léinn Rúisigh & Slavaigh, Coláiste na Tríonóide. 03.07.2026

Tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla sa Rúis agus in oirthear na hEorpa - cá seasann an chogaíocht anois.

Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa nGaeltacht. 03.07.2026

Deir Comhordaitheoir na dTithe Folmha sa Ghaeltacht go ndéanfadh sé an leas do phobal na nDeise dá gcuirfí fiú 10% de na tithe folmha atá sa limistear ar ais in úsáid do chainteoirí dúchais Gaeilge.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste. 03.07.2026

Tá sé dá thuairisciú ó thuaidh go bhfuil roinnt dul chun cinn dá dhéanamh sna cainteanna chun buiséad a aontú don Fheidhmeannas i Stormont.

Liam Tunney, iriseoir, Belfast Telegraph. 03.07.2026

Tá an Coiste Cróinéara a bunaíodh le fáil amach cen tsiocair báis a bhí ag Noah Donohoe i mBéal Feirste curtha ar athló, i ndiaidh dóibh 25 uair a chloig a chaitheamh i mbun macnaimh.

Dr Leo Kilroy, Attaché Oideachais na hÉireann, An Bhruiséil. 03.07.2026

Inniu sa mBruiséil reáchtáilfear cruinniú de Choiste Oideachais Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus tá an cruinniú uilig le tionól trí mheán na Gaeilge.

Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta  03.07.2026

Deir an Taoiseach Micheál Martin go n-oibreodh an rialtas anseo i gcomhar leis an Aontas Eorpach le polasaí comónta a dhréachtadh faoi Aughinish agus na tuairiscí go bhfuil an alumina atá dá tháirgiú i Luimneach dá úsáid ag an Rúis ina gcogadh leis an Úcráin.

An Tuairisc Spóirt. 03.07.2026

Mac Dara Mac Donncha.   

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta. 03.07.2026

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Príomhscéalta an Iarthair. 03.07.2026

Fódhla Ní Bhraonáin.

Príomhscéalta an Tuaiscirt. 03.07.2026

Caoimhe Ní Chonchoille.

Príomhscéalta an Deiscirt. 03.07.2026

Conn Ó Muineacháin.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta. 03.07.2026

Máire de Bhailís.

Adhmhaidin. 03.07.2026

Clár Iomlán.

Pat the Cope Ó Gallchóir TD : Mír an Tuaiscirt. 02.07.2026

Tá súil ag an TD, a chaith 8 mbliana mar Fheisire Eorpach go mbainfidh an tír tairbhe as an uachtaránacht.

Éamon Ó Cuív : Mír an Iarthair. 02.07.2026

Feictear don iar-Aire Gaeltachta go bhfuil easnaimh go leor sa dréacht threoirlínte pleanála tuaithe agus Gaeltachta atá foilsithe ag an rialtas, de bharr a deir sé nach bhfuil aon soláthar dearfach ann don Ghaeltacht.

Julian De Spáinn : Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge. 02.07.2026

Is buille do na ceantracha Gaeltachta an méid atá molta sa dréacht ráiteas náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh an tseachtain seo a deir Conradh na Gaeilge.

Pa Daly TD de chuid Shinn Féin agus dlíodóir. 02.07.2026

Tá dlíodóirí ar fud na tíre a ghlacann páirt sa Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil ag diúltú oibriú i gcúirteanna dúiche mar gheall ar mhíshásamh leis an gcóras nua cúitimh atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas.

Pat Ó Súilleabháin : Mír an Deiscirt. 02.07.2026

Tabharfaidh na mílte rothaithe ó cheann ceann na tíre faoi Mhórchuaird Rothaíochta Chiarraí ar an Satharn agus cuid mhaith acu ag bailiú airgid do charthanais éagsúla.

Pól Mac Suibhne : Ard Rúnaí Cúnta Cheardchumann Fórsa. 02.07.2026

An tseachtain seo tháinig deireadh leis an gComhaontú Náisiúnta Pá reatha. Ag an bpointe seo ní léir mórán dóchais ag an rialtas ná ag na ceardchumainn go dtiocfar ar leagan nua. Deir Pól nach féidir aighnis thionslaíoch a chur as an áireamh mura bhfaigheann siad aird ar a gcuid éilimh.

Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta, Raidió na Gaeltachta. 02.07.2026

Deir an Taoiseach Mícheál Martin gur mhór an onóir, Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheith ag Éirinn agus go gcomhlíonfar an dualgas go dúthrachtach. Inné chuir Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a h-ainm le Bille leasaithe Údarás na Gaeltachta.

An Tuairisc Spóirt. 02.07.2026

Mac Dara Mac Donncha.

Ceannlínte na Nuachtán. 02.07.2026

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Príomhscéalta na Nuachta Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil. 02.07.2026

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta: Cáit de Bhailis Príomhscéalta an Iarthair: Séamus Ó Scanláin Príomhscéalta an Deiscirt: Aoife Ní Shúilleabháin Príomhscéalta an Tuaiscirt: Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Ascultă podcastul Adhmhaidin în Replaio

Radio și podcasturi într-o singură aplicație - gratuit și fără înregistrare. Instaleaz-o azi și nu rata lansarea

Descarcă din Google Play

Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice