Newstalk
Splanc
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Splanc Spórt 19.09.2025 25:25
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, bua ag An Ghaeltacht, dornálaíocht, rásaíocht agus go leor eile.
Scéalta le hEoin Ó Catháin: 3ú Cogadh Domhanda, Charlie Kirk agus Succession sa bhfíorshaol 12.09.2025 46:15
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoi stampa Westlife, buairt faoi go bhféadfadh cogadh domhanda tarlú, marú Charlie Kirk agus an scéal is déanaí faoi na Murdochs.
Scannáin le Conall Mac Dhonnagáin: Mad Max agus Materialists 12.09.2025 23:41
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi bheith ag filleadh ar thraenáil iomrascála, an chéad scannán Mad Max ó 1979 agus conas a léirítear fadhbanna faoi íomhá coirp d'fhir i Materialists.
Moltaí na Seachtaine 12/9 12.09.2025 4:58
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Teilifís le Sinéad Ní Uallacháin: The Traitors 12.09.2025 25:48
Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoin leagan Éireannach de The Traitors agus an misneach a fhaighimid as a bheith in ann cláracha teilifíse a phlé le daoine eile.
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Iománaíocht sa Rinn, daoine óga sa ghalf, sacar na hÉireann & Craobhacha Lúthchleasaíochta 12.09.2025 27:53
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi bhua na Rinne sa Chraobh Idirmheánach Iománaíochta, lucht féachana óg ag breathnú ar Rory McIlroy sa ghalf, foireann sacar na bhfear ag cailliúnt i gcoinne na hAirméine agus lúthchleasaithe na hÉireann sna Craobhacha Domhanda.
An Córas Oideachais le Lelia Ní Chinnéide, Rónán Ó hIcí & Osgur Ó Ciardha 05.09.2025 49:13
Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d'Aire Oideachais? An bhfuil ár gcóras oideachais maith a dhóthain? Ar cheart deireadh a chur le hobair bhaile? Pléimid na ceisteanna seo le Lelia Ní Chinnéide (Iarmhúinteoir i Scoil Bhríde), Rónán Ó hIcí (Oifigeach Gaeilge Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann) & Osgur Ó Ciardha (Bunaitheoir Fios Ceirde).
Moltaí na Seachtaine 5/9 05.09.2025 7:56
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Club Leabhar le Rónán Mistéil: I Regret Almost Everything 05.09.2025 23:22
Labhraímid le Rónán Mistéil faoi leabhar nua Keith McNally, 'I Regret Almost Everything'.
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Jim Gavin don Áras & Eileen Gleeson v an FAI 05.09.2025 24:12
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Jim Gavin ag rith don Uachtaránacht agus cás Eileen Gleeson i gcoinne an FAI.
Scéalta le Gráinne Ní Aodha: Silly Season, Uachtaránacht & Deachtóireacht 29.08.2025 33:35
An raibh "Silly Season" againn i mbliana? Cé atá ag rith don Áras? An deachtóir é Trump? Ar cheart do ghealltanas pósta Taylor Swift agus Travis Kelce a bheith ina cheannlíne nuachta? Cuirimid na ceisteanna seo ar fad ar Ghráinne Ní Aodha.
Cúram Leanaí le Julie Jay 29.08.2025 16:38
Labhraímid le Julie Jay faoin deacracht atá ag tuismitheoirí teacht ar spásanna i naíonraí agus cúram leanaí i ndiaidh am scoile, chomh maith leis an mbealach a bhfuil sí féin ag dul i ngleic le filleadh ar an scoil mar mhúinteoir agus beirt pháistí óga aici.
Moltaí na Seachtaine 28/8 29.08.2025 6:56
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.
Fuirseoireacht & Fringe le Síomha Hennessy & Louisa Ní Éideáin 29.08.2025 27:17
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin agus Síomha Hennessy faoina seónna ag Fringe Bhaile Átha Cliath i mbliana, a gcuid taithí le Fringe Dhún Éideann roimhe seo agus a gcuid tuairimí faoi earnáil na fuirseoireachta trí chéile. Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'Building Character' le Síomha Hennessy sa Grand Social ar an 11ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/show...
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Man United & bainisteoirí CLG 29.08.2025 23:57
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Man United ag streachailt arís agus bainisteoirí CLG idirchontae ag athrú.
Scéalta le hEmmet Ryan: Sióga, Wendy's agus Gavin Newsom 22.08.2025 35:35
Labhraímid le hEmmet Ryan faoina chlár faisnéise 'Sióga' faoin gclub cispheile LADTA+ Shamrock Sióga, éide scoile, AI, Wendy's agus Taco Bell ag oscailt in Éirinn agus Gavin Newsom ag éirí níos fíochmhaire le Trump. Beidh Sióga ar taispeáint san Outhouse i mBÁC ag a 7pm inniu agus an clár ag dul amach (Dé hAoine 22 Lúnasa) agus is féidir breathnú air ar Youtube ag an nasc seo freisin: https://www....
TG4 le Síomha Ní Ruairc 22.08.2025 16:10
Fógraíodh sceideal nua TG4 ar an Luan - labhraímid le Síomha Ní Ruairc faoi na cláracha is mó a bhfuil sí ag súil leo chomh maith leis an bhfás atá tagtha ar Cúla4 le blianta beaga anuas.
Moltaí na Seachtaine 22/8 22.08.2025 6:26
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.
Arbh fhearr ceolchoirmeacha móra nó beaga? le Sinéad Ní Scolaí 22.08.2025 19:13
Arbh fhearr leat freastal ar cheolchoirm i staid mhór nó in ionad níos lú? Pléimid an cheist seo le Sinéad Ní Scolaí.
Spóirt: Hurling For Cancer, Craobh Camógaíochta agus óráidí 22.08.2025 24:44
An bhfuil maitheas leis na hóráidí a thugann na captaein i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint? An bhfuil óráid ó chraobh ar leith a thaitin leat? Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi seo, chomh maith le Hurling For Cancer, Cluiche Ceannais Chraobh Chamógaíochta na hÉireann, ainmneacha ar staid Oilimpeacha agus John Giles ag éirí as an gcraoltóireacht. Is féidir tacú fós le Hurling For C...
Anailís Albaim: (Whats the Story) Morning Glory? 15.08.2025 16:08
Roinn Conall agus Cuán a gcuid tuairimí maidir leis an dara albam de chuid Oasis sula ndeachaigh Conall len iad a fheiceáil i nDún Éideann an tseachtain seo caite.
Súil Siar - Anailís Albaim: Definitely Maybe 15.08.2025 19:12
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach éist siar le hanailís albaim ó Emma Ní Chearúil agus Cuán ón uair a ndeachaigh na ticéid ar díol!
Moltaí na Seachtaine 15/8 15.08.2025 7:32
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach tá moladh ag Cuán daoibh fós!
Scéalta: Metrolink v AI, listéire agus Sydney Sweeney 08.08.2025 41:49
Buaileann Muiris Ó Cearbhaill isteach sa stiúideó le labhairt faoi Oasis, easpa téacsleabhar i nGaeilge, Dermot Desmond ag rá nár cheart Metrolink a thógáil, listéire, Daonlathaigh ag teitheadh Texas, fógra American Eagle le Sydney Sweeney agus 250 bliain ó rugadh Daniel O'Connell.
Mínithe: Tiarnaí talún v peataí 08.08.2025 11:21
Labhraímid le Tessa Fleming faoi rialacha na dtiarnaí talún faoi pheataí agus cad is féidir le tionóntaí le peataí a dhéanamh faoi na rialacha céanna.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.