Newstalk
Splanc
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Moltaí na Seachtaine 8/8 08.08.2025 8:12
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Siamsaíocht: Léirmheas ar Oasis i Manchain 08.08.2025 10:41
Labhraímid le Connlaith Ní Raifeartaigh, a d'fhreastail ar cheolchoirm Oasis i Manchain, áit arb as don bhanna.
Siamsaíocht: Margadh Disney agus WWE 08.08.2025 12:00
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi scéalta iomrascála a thit amach le cúpla seachtain anuas, Disney agus ESPN ag ceannach cearta craolta Meiriceánacha ar 'Premium Live Events' de chuid WWE agus bás Hulk Hogan ina measc.
Spóirt: Imreoirí na bliana agus Craobh Camógaíochta 08.08.2025 23:27
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi na himreoirí is fearr sa pheil agus san iománaíocht i mbliana, rialacha a d'fhéadfaí a athrú i bpeil na mban agus Cluiche Ceannais na hÉireann sa Chamógaíocht.
Splanc Nuacht 01.08.2025 28:19
Tá Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi scéalta na seachtaine: amhrán nua CMAT, Eoin Hayes ar ais sna Soc Dems agus na taraifí ina measc.
Splanc Mínithe: Ciarraí Abú! 01.08.2025 19:46
Gan amhras, is iad Ciarraí laochra an chaid agus Sam imithe ó dheas arís! Ach cad iad na bealaí eile ina bhfuil Ciarraí chun cinn ar gach chontae eile sa tír? Cé níos fearr ná an Kerry Cowboy é féin - Séaghan Ó Súilleabháin - le plé iontach a dhéanamh le Cuán faoin ábhar?
Splanc Moltaí 01.08.2025 5:39
Tugann Cuán neart moltaí dúinn maidir le ceol, teilifís, leabhair, cá háit gur chor dúinn dul agus eile. Agus cad atá ar siúl le huachtar reoite? Téann Cuán siar ar bhóithrín na smaointe ag labhairt faoi na huachtar reoite is fearr a bhí ann ag fás aníos dó.
Splanc Mínithe: Dopamean Girl ag an 'Edinburgh Fringe' 01.08.2025 15:14
Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Cuán, agus í ag an 'Edinburgh Fringe', áit ina bhfuil sí ag déanamh cónaitheacht lena seó stáitse Dopamean Girl.
Splanc Siamsaíocht: Breaking The Band 01.08.2025 22:24
Labhraíonn Seán Ó Dubhchon le Cuán faoi 'Breaking The Band', cláir ceoil réaltachta nua ar Netflix. Cad a dhéanann banna maith? Gheobhaimid amach anseo.
Splanc Spórt 01.08.2025 17:54
Ciarraí Abú! Bhí an 'Poc ar Buile' sa Ríocht agus an Sam Maguire imithe ó dheas. Cad a tharla do Dhún na nGall? Tugann Daragh Ó Conchúir agus Cuán súil siar ar Chluiche Ceannais na hÉireann.
Scéalta: Ozzy Osbourne, Plean Forbartha Náisiúnta agus Molly Malone 25.07.2025 34:39
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi bhás Ozzy Osbourne, €200 billiún fógartha don Phlean Forbartha Náisiúnta, comhaid Epstein, teannas faoi champa samhraidh i gCo an Dúin agus daoine ag cur lámh ar Molly Malone.
Superman nua 25.07.2025 16:03
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoin scannán nua Superman agus an eite dheis ag éirí feargach faoi.
Moltaí na Seachtaine 25/7 25.07.2025 1:06
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Folklore 5 bliana ar an bhfód 25.07.2025 22:34
Tá Folklore le Taylor Swift 5 bliana ar an bhfód! Labhraímid le Rút Ní Theimhneáin faoin albam, faoin am ar eisíodh é agus faoin tionchar a bhí aige.
Spóirt: Craobh Peile na hÉireann agus Scottie Scheffler 25.07.2025 26:18
Labhraímid faoi Chraobh Peile na hÉireann agus bua Scottie Scheffler san Open le Daragh O Conchúir.
Scéalta: Sos a thógáil, tithe tábhairne, AI agus rás Uachtaránachta 18.07.2025 32:34
An bhfuilimid in ann sos a thógáil i rith an tsamhraidh a thuilleadh? Pléimid é seo, chomh maith le tithe tábhairne ag dúnadh, AI san iriseoireacht agus iarrthóirí do rás Uachtaránachta na hÉireann le Gráinne Ní Aodha.
Turasóireacht: An bhfuilimid ullamh don aimsir? 18.07.2025 17:23
An bhfuil turasóireacht na hÉireann ag brath an iomarca ar an aimsir? Pléimid é seo le Jamie Ó Flannúra.
Moltaí na Seachtaine 18/7 18.07.2025 6:22
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Club Leabhar: The Thursday Murder Club 18.07.2025 22:43
Pléimid The Thursday Murder Club (scríofa ag Richard Osman) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.
Spóirt: Ben Healy, Scottie Scheffler agus Craobh Iománaíochta 18.07.2025 22:04
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Ben Healy sa gheansaí buí ag an Tour de France, ráiteas Scottie Scheffler ag an Open sa ghalf agus Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
Scéalta: Obama, árasáin agus Grok 11.07.2025 32:39
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi Obama sa 3Arena, árasáin ag éirí níos lú agus Grok ag rá rudaí frith-Ghiúdacha. Tags: planning permission, apartments, Fintan O'Toole, Twitter, Musk, the Ringer, Brian Phillips
AI: an bhfuilimid go mór i dtrioblóid? 11.07.2025 17:58
Labhraímid le hAndy Caomhánach (Comhairleoir ríomhaireachta agus Léachtóir i dTeicneolaíocht na Faisnéise in Ollscoil na Gaillimhe) faoi na bealaí a bhfuil intleacht shaorga ag déanamh dochar do dhaoine. Tags: artificial intelligence, ChatGPT, Gemini, Grok, Mark O'Connell, Fintan O'Toole, the Ringer, Brian Phillips
Moltaí na Seachtaine 11/7 11.07.2025 6:02
Labhraíonn Cuán faoi cad ba cheart daoibh a léamh, breathnú air agus éisteacht leis an tseachtain seo.
Stair na gCluichí Gaelacha 11.07.2025 22:10
Agus muid ag tnúth le cluichí ceannais na hÉireann, labhraímid lenár staraí Cúán de Búrca mar gheall ar stair na gcluichí Gaelacha agus an tábhacht cultúrtha a bhaineann leo. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, history
Spóirt: Ballaí íocaíochta, na meáin agus Ben Healy 11.07.2025 22:40
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir mar gheall ar bhallaí íocaíochta (paywalls) i spóirt éagsúla, imreoirí nach bhfuil ag iarraidh labhairt leis na meáin, na cluichí móra CLG ag an deireadh seachtaine agus bua ag Ben Healy i gcéim Tour de France. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, rothaíocht, cycling, sports, media days
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.