An tOireachtas
Seoda ón Taisce Liteartha
Ceann de na príomhaidhmeanna a chuir An tOireachtas roimhe in 1897 ná nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Is chuige sin a cuireadh tús le Comórtais Liteartha an Oireachtais. Spreag na comórtais bhliantúla sin roinnt de mhórúdair ár linne le dul i mbun pinn agus tá saibhreas thar na bearta sa taisce saothar atá againn dá mbarr. Sa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile. Suigh siar agus éist le scoth na scríbhneoirea...
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.antoireachtas.ie
Author
An tOireachtas
Category
Podcast website
Latest episode
Dec 19, 2023
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Eagrán 2 28.02.2022 35:47
Bhain Lúba le Alan Titley Buaic-Saothar Próis na Bliana i g Comórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018. D’fhoilsigh An Gúm é sa bhliain 2020. Is scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley a bhfuil naoi n-scríofa aige agus an deichiú ceann idir lámha aige faoi láthair. Ar a bharr seo, tá ceithre chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsithe agus an cúigiú cea...
Eagrán 1 14.02.2022 19:10
Bronnadh an chéad duais i gcomórtas Saothar don Léitheoir Fásta ar Phluid i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021. Cuimhní cinn ar thréimhse chorraitheach sna príosúin An Cheis Fhada agus Ard Mhacha atá ann, faoi bhlianta na hagóide pluide idir 1976 agus 1981. D'fhoilsigh Coiscéim é i Mí na Nollag 2021. Sa phodchraoladh seo, léann Eoghan Mac...
Eagrán 10 Cuid 2 10.12.2021 27:40
Buaiteoirí na gComórtas Liteartha don Scríbhneoir Óg 2021 a bheidh le cloisteáil san eagrán seo den phodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha. Ar dtús, tá réamhrá againn ó Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir, agus ansin beidh scoth na scríbhneoirí ó mheánscoileanna agus ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla ag léamh a gcuid saothair bhuacacha. Is léir go bhfuil féith na...
Eagrán 10 Cuid 1 10.12.2021 37:43
Buaiteoirí na gComórtas Liteartha don Scríbhneoir Óg 2021 a bheidh le cloisteáil san eagrán seo den phodchraoladh, Seoda ón Taisce Liteartha. Ar dtús, tá réamhrá againn ó Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir, agus ansin beidh scoth na scríbhneoirí ó mheánscoileanna agus ó institiúidí tríú leibhéal éagsúla ag léamh a gcuid saothair bhuacacha. Is léir go bhfuil féith na...
Eagrán 9 23.06.2021 18:00
Teideal an Leabhair: Cuisle an Chósta Údar: Catherine Foley Foilsithe ag Leabhair COMHAR Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2016 ar an mbailiúchán seo. Dialann bliana ar shaol Gaeltachta atá sa leabhar seo a d'fhoilsigh LeabhairCOMHAR i mí Aibreán 2020. Ceann de buanna suaithinseacha an leabhair seo ná an réimse grianghraf atá glactha ag RoseAnn Foley...
Eagrán 8 26.04.2021 15:59
An dara háit sa chomórtas Ghearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) 2015 ‘ Súile Éisc ’ le Michelle Nic Pháidín. Rugadh Michelle Nic Pháidín in Albain ach bhog a teaghlach go Gaeltacht Ghaoth Dobhair agus gan í ach ina tachrán. Fuair sí a cuid oideachais uilig trí mheán na Gaeilge agus thug sí aghaidh ar an iriseoireacht ag an tríú leibhéal. Scríobh Michelle le Foinse agus Lá nuai...
Eagrán 7 18.03.2021 23:17
Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015 ar an úrscéal bleachtaireachta seo atá suite i gceantar cáiliúil Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht é an bhliain chéanna. Seo Anna ag léamh caibidlí 1 agus 2 den úrscéal. Scríbhneoir: Anna Heussaff Tá an-aitheantas bainte amach ag Anna as a cuid úrscéalta do léitheoirí fásta, don aos óg agus d’fho...
Eagrán 6 15.02.2021 18:34
Buaiteoir Cnuasach Filíochta 2014 'Dambatheanga' le Mícheál Ó Ruairc. Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál Ó Ruairc ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Go dtí seo tá cúig leabhar do pháistí foilsithe aige agus leabhar amháin do mhic léinn ollscoile. Chomh maith leis sin tá trí úrscéal do dhaoine fásta, sé chnuasach filíochta...
Eagrán 5 14.01.2021 26:24
Teideal an Leabhair: Tairngreacht Foilsithe ag Leabhair COMHAR Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ar an úrscéal seo agus bhain an leabhar gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach sa bhliain 2019. Rinneadh cur síos ar Phroinsias Mac a’ Bhaird mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ nuair a foilsíodh Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010) agus is c...
Eagrán 4 10.11.2020 23:51
Buaiteoir Buaic-Shaothar Próis na Bliana de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2019 agus Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2020, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta, 'Máchail' le Ré Ó Laighléis , foilsithe ag Móinín. Faoin Leabhar Úrscéal comhaimseartha, ina gcuireann muid aithne ar Chormac Mac Guidhir, ógfhear atá ag tráth ina shaol a bhfuil sé gafa le fearg, le fuath agus le fonn díolta...
Eagrán 3 24.09.2020 23:40
Buaiteoir Úrscéal Fiscean do Dhaoine Óga (9-12) de chuid Chomórtas Liteartha an Oireachtais 2017 agus Buaiteoir Ghradam Réics Carló 2019 'Boscadán' le h Áine Ní Ghlinn. Faoin Údar File, scríbhneoir agus léachtóir is ea Áine Ní Ghlinn. Tá sí ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020 – 2022. Tá 31 leabhar foilsithe aici - 5 chnuasach filíochta do dhaoine fásta, 2 chnuasach filíochta do dhaoine óga, cnua...
Eagrán 2 10.07.2020 19:54
Buaiteoir Cnuasach Filíochta 2019 'Obair Bhaile' le Louis de Paor. File, múinteoir agus eagarthóir is ea é Louis de Paor. As Corcaigh ó dhúchas, tá sé anois ina chónaí i nGaillimh - áit atá sé ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Eagrán 1 08.06.2020 18:18
Buaiteoir Ghearrscéal 2019 (Duais an Mhaolánaigh) ‘ Aonaráin ’ le Joe Steve Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Is é Páid Ó Neachtain, mac an údair, atá ag léamh an tsaothair. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.