An tOireachtas

Seoda ón Taisce Liteartha

Arts EN ↓ 38 episodes

Ceann de na príomhaidhmeanna a chuir  An tOireachtas  roimhe in 1897 ná nuascríbhneoireacht i nGaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Is chuige sin a cuireadh tús le Comórtais Liteartha an Oireachtais. Spreag na comórtais bhliantúla sin roinnt de mhórúdair ár linne le dul i mbun pinn agus tá saibhreas thar na bearta sa taisce saothar atá againn dá mbarr.   Sa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile.   Suigh siar agus éist le scoth na scríbhneoirea...

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.antoireachtas.ie

Author

An tOireachtas

Category

Arts

Podcast website

www.antoireachtas.ie

Latest episode

Dec 19, 2023

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Madame Lazare 19.12.2023

Tadhg Mac Dhonnagáin Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Scéilíní Scanrúla 19.12.2023

Bhuaigh Scéiliní Scanrúla le Gabriel Rosenstock an dara duais i gComórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana – 12 bhliain) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. Beidh an teach foilsitheoireachta Éabhlóid á bhfoilsiú i mbliana. Tá Gabriel Rosenstock ar dhuine de na filí is cáiliúla in Éirinn. File, fear haiku agus fear tanka go príomha é. Is aistritheoir, úrscéalaí, gearrscéa...

Mise do Mhamó 28.09.2023

Bhuaigh an saothar Mise do Mhamó an dara duais i gComórtas A5: Saothar do Dhaoine Fásta i g Comórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2019. D’fhoilsigh Leabhair COMHAR é sa bhliain 2020. Is as Bré i gCo. Chill Mhantáin í Majella Ní Dhomhnaill ach tá cónaí uirthi anois i mBaile Átha Cliath lena fear céile agus lena mbeirt pháistí óga. Bhuaigh a saothar,  Mise do Mhamó , duais i g...

Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal 22.08.2023

Bhuaigh an saothar Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas an chéad duais i gComórtas A3: Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) i g Comórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló sa bhliain 2022. Is scríbhneoir scripte agus úrscéalaí é Richie Conroy a oibríonn ar go leor cláracha teilifíse agus scan...

Nuair a Stadann an Ceol 18.07.2023

Bhuaigh an saothar  Nuair a Stadann an Ceol  le Marie Whelton duais sa chomórtas  Saothar do Dhaoine Fásta  de chuid  Comórtais Liteartha an Oireachtais 2013 . Is as Cúirt Mhic Shéafraidh, Co. Chorcaí, do Mharie ó dhúchas. Is léachtóir le teanga agus le litríocht na Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino , Baile Átha Cliath. Bhronn  Éigse É...

Khalil 20.06.2023

San eagrán seo, cloisfear  Máirín Nic Con Iomaire  ag léamh caibidil de Khalil a scríobh Yasmina Khadra agus a d'aistrigh Máirín féin go Gaeilge. Bhuaigh an leabhar seo  Gradam de Bhaldraithe  ag  Na Gradaim Foilsitheoireachta 2022 . Is iriseoir, craoltóir, múinteoir, aistritheoir agus aisteoir í Máirín. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le...

Diarmaid Ó Buachalla - Uisce Faoi Thalamh 23.05.2023

Bronnadh an chéad duais ar an saothar Diarmaid Ó Buachalla – Uisce Faoi Thalamh le Mícheál Ó Laoghaire i gcomórtas A1 -Úrscéal Ficsean Ginearálta i g Comórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. D’fhoilsigh Coiscéim an saothar sa bhliain 2018 faoin teideal Comhcheilg . Is as Co. Chorcaí é Mícheál Ó Laoghaire agus is iar-mhúinteoir bunscoile é. Tá trí chnuasach gearrscéalta dá chuid foilsith...

Béal na Péiste 25.04.2023

Bhuaigh Béal na Péiste le Fionntán de Brún an chéad duais i gComórtas A1: Úrscéal – Ficsean Liteartha i g Comórtais Liteartha an Oireachtais 2022 . Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Fionntán agus tá sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó 2017. Is i réimse an léinn is mó a bhfuil saothair foilsithe aige. D’fhoilsigh Cló Ollscoil Chorcaí saothar leis sa bhliain 2019 darb ainm R...

An Seol Atá Fút 21.03.2023

Bhuaigh Annemarie Nugent an chéad duais i gComórtas A3 – Ficsean do Dhaoine Óga (13-15 bliana) lena saothar An Seol atá Fút i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 . Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta scríofa aici le blianta beaga anuas. Ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge in 2021-2022, scéim a thug deis di forba...

Katie ar an gCás 21.02.2023

Bronnadh an chéad duais ar Éadaoin Ní Dhomhnaill i g Comórtas A2: Ficsean do Dhaoine Óga (9/10 mbliana - 12 bhliain) i g Comórtais Liteartha an Oireachtais 2022 lena scéal Katie ar an gCás . Is as Inis Meáin, Oileáin Árann í Éadaoin Ní Dhomhnaill. Bhain sí céim amach i Léann an Aistriúcháin agus i mBéarla sa bhliain 2021 ó Ollscoil na Gaillimhe agus beidh sí ag tabhairt faoi mháistreacht sa scríbh...

Cluiche Liathróid Láimhe? 24.01.2023

Bronnadh an chéad duais  i gComórtas A8: Scéal dírithe ar dhéagóirí  ar an saothar  Cluiche Liathróid Láimhe?  le  Diarmuid de Brún  i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Seo an chéad uair do Dhiarmuid duais a bhuachan i gComórtais Liteartha an Oireachtais. Tá cónaí ar Dhiarmuid i Machaire Rátha, Co. Dhoire agus tá sé mar bhall den chumann scríbhneoireachta nuab...

An tOireachtas Tríd Súile Ghasúir 21.12.2022

Bhuaigh Caitríona Ní Raifeartaigh An Chéad Duais i gComórtas B9 – Gearrscéal nó Aiste: Roinn A (faoi 16) lena aiste An tOireachtas Tríd Súile Ghasúir i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Tá Caitríona 13 bliain d’aois agus is as An Teach Mór, Indreabhán i gCo. na Gaillimhe di. Tá sí sa dara bliain i gColáiste Chroí Mhuire Naofa ar an Spidéal. Glacann sí páirt go minic sna comórtais amhránaío...

Sos 20.12.2022

Bhuaigh Méabh Ní Chonaill an chéad duais i gComórtas B8 – Dán: Roinn B (faoi 21) lena dhán Sos i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Is as Leac Fhinín Lios a' Chraosaigh Maigh Chromtha Co. Chorcaí do Mhéabh agus tá sí naoi mbliana déag d'aois. I ndiaidh na hArdteiste tá súil aici staidéar a dhéanamh ar an gceol san ollscoil agus b'fhéidir an Ghaeilge leis. Tá sí ag freastal ar Oireachtas na...

M'abhainn 15.12.2022

Is as Baile an Éanaigh, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne d’Aisling Ní Shúilleabháin. Tá sí ceithre bliana déag d'aois agus tá sí ag freastal ar Phobal Scoil Chorca Dhuibhne.   Scríobh sí an chéad véarsa den dán seo i rith na dianghlasála nuair a bhí an scoil dúnta agus breis ama á chaitheamh aici lasmuigh. Scríobh sí an dara véarsa nuair a bhí sí ar ais ar scoil.   Tá suim ag Aisling sa cheo...

Turas go dtí an Tuama 12.12.2022

San eagrán seo, cloisfear Cathal Mac Donnacha ag léamh a saothar Turas go dtí an Tuama le a bhuaigh an chéad duais i gComórtas B6 – Scéal: Roinn B (faoi 21) i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022. Rugadh agus tógadh Cathal i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. D'fhreastail sé ar Scoil Cholmcille ar an Tulach agus é ag fás aníos agus ansin chuaigh sé ar aghaidh chuig an meánscoil i gColáiste C...

Crann Siógach 09.12.2022

Tá Cara Ní Ghallachóir deich mbliana d'aois agus tá cónaí uirthi i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall i gCró na gCaorthann, Ard an Rátha. Tá sí ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé agus tá sí i rang a ceathair. Tá sí paiseanta faoin Ghaeilge agus tá suim ar leith aici sa léitheoireacht agus an scríbhneoireacht. Is maith léi peil Ghaelach agus tá bua na haisteoireachta aici chomh maith....

Cogadh don Chorn 05.12.2022

Tá Naoise Ní Fhuireastal sé bliana déag d’aois agus tá sí ag freastal ar Ghaelcholáiste Chéitinn i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árainn. Rugadh agus tógadh í le Gaeilge faoin tuath gar do Chluain Meala agus tá sí sáite sa chultúr Gaelach ón gcliabhán. Tá an suim aici sa cheol traidisiúnta agus an C.L.G. Seinneann sí an consairtín, an chruit agus an pianó. Imríonn sí peil Ghaelach le Trách...

Eagrán 10 22.11.2022

Bhain an saothar An Diabhal ar an Ól le Mícheál Ó Conghaile an chéad duais amach i gComórtas A3: Ficsean do Daoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2014. Tá Mícheál ag scríobh le blianta fada anois agus clúdaíonn a cuid scríbhneoireachta réimse leathan seánraí ó úrscéalta, drámaí agus tá aistriúcháin déanta ar ghearrscéalta leis chuig Albáinis, Rómáinis agus Cróitis. Bh...

Eagrán 9 29.09.2022

Is as Ard an Rátha i ndeisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Is scéalaí agus scríobhneoir í agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile bainte amach aici sa dá cheird, An Carria a bhain an chéad duais i g Comórtas A5 – Gearrscéal (Duais an Mhaolánaigh) in 2013 ina measc. Tá an-dúil aici sa dúlra agus sa bhéaloideas agus is minic í ag tarraingt orthu seo mar théamaí ina cuid scríbhneoireac...

Eagrán 8 23.08.2022

Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál ó dhúchas ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Tá cúig chnuasach filíochta Gaeilge foilsithe aige chomh maith le ceann amháin i mBéarla. Tá roinnt mhaith duaiseanna buaite aige lena chuid filíochta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolaimí éagsúla. Bhuaigh an bailiúchán dhátheangach, Dambatheanga: Damlanguage (Arlen Hou...

Eagrán 7 19.07.2022

San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha, cloisfear Áine Durkin ag léamh rogha dánta óna shaothar Mise Áine: An Bhean Istigh a bhain an chéad áit amach i gComórtas A9: Comórtas don Scríbhneoir Nua i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2017. Is as Conamara ó dhúchas d’Áine. Tá duaiseanna i gComórtais Liteartha an Oireachtais bainte ag Áine Durkin dá bhlag, Mise Áine (2010), agus dá cn...

Eagrán 5 27.06.2022

Ceaití Ní Bheildiúin  a bheidh le cloisteáil san eagrán seo de  Seoda Ón Taisce Liteartha , ag léamh  Agallamh sa Cheo, Cnoc Bhréanainn  a bhain an chéad duais i  gComórtas A9: Cnuasach Filíochta  i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2018 .  D’fhoilsigh  Coiscéim  é sa bhliain 2019. Bronnadh  Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtné...

Eagrán 6 21.06.2022

San eagrán seo de Seoda ón Taisce Liteartha , cloisfear Diarmuid Johnson ag léamh dhá shliocht óna saothar  Seacht dTír, Seacht dTeanga  a bhuaigh  Comórtas A4: Saothar Próis  i  gComórtais Liteartha an Oireachtais  sa bhliain 2021. Is iomaí leabhar atá foilsithe ag Diarmuid Johnson : cuid acu i mBéarla; cuid acu i mBreatnais; agus cuid acu i nGaei...

Eagrán 4 21.04.2022

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais, Comórtas A7: Gearrscéal – Duais an Mhaolánaigh ar An Chóir Chodlata le Seán Ó Muireagáin sa bhliain 2018. Is scríbhneoir filíochta, amhráin agus gearrscéalta chomh maith le craoltóir raidió le Raidió Fáilte é Seán Ó Muireagáin arbh as Béal Feirste dó ó dhúchas. D’fhoilsigh an teach fhoilsitheoireachta, Éabhlóid , cnuasach gearrscéalta...

Eagrán 3 23.03.2022

Bronnadh an chéad duais i  gComórtais Liteartha an Oireachtais 2021 ,  Ficsean do Dhaoine Óga  ar an saothar  Scian Ghéar . D'fhoilsigh  Cló Iar-Chonnacht  an leabhar le déanaí faoin teideal  Fóir Orm!      Is file, scríbhneoir próis, taighdeoir, iar-mhúinteoir meánscoile agus iar-chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Áine Uí Fhoghlú, arb as Gae...

Listen to the Seoda ón Taisce Liteartha podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.