Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Eoin Ó Dubhghaill 09.04.2021 32:43
Labhraíonn Eoin Ó Dubhghaill le Seán faoin dráma raidió eisceachtúil 'Rún', a bhuaigh Gradam Joe Steve agus a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Scríobh Eoin an dráma, a bhí léirithe ag Fíbín agus taifeadta sa Taibhdhearc i nGaillimh agus is iad na haisteoirí Eoghan Ó Loideáin, Pól Ó Gríofa, Áine Ní Dhroighneáin agus Marie Bheag Bhreathnach atá le cloisteáil sna príomhpháirteanna sa dráma. Insí...
Éanna Ní Lamhna 02.04.2021 26:12
Labhraíonn Éanna Ní Lamhna le Seán faoina leabhar nua Our Wild World, foilsithe ag O’Brien Press agus insíonn sí dúinn faoina cuid oibre mar bhitheolaí, gníomhaí timpeallachta agus comhairleoir fiadhúlra. Déanann sí cur síos ar an méid atá idir lámha aici mar uachtarán ar Chomhairle Crann na hÉireann, a saothar teilifíse agus raidió (ar an chlár Mooney Goes Wild gach Luan ar RTÉ Radio 1) agus go l...
Caitríona Ní Dhomhnaill 02.04.2021 27:40
Labhraíonn Caitríona Ní Dhomhnaill le Seán faoi na róil mhóra atá déanta aici mar aisteoir go dtí seo – mar Shorcha i Ros na Rún , mar Mháire sa dráma An Triail (léirithe ag Fíbín) agus mar Neasa ar an chlár An Siopa Ealaíne ar Cúla 4. Tugann sí súil siar ar na buaicphointí atá aici go dtí seo (a céad dráma ar an stáitse agus a ainmniúchán sa rannóg Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oi...
Jo Ní Chéide 02.04.2021 31:47
Labhraíonn Jo Ní Chéide le Seán faoina cuid oibre mar chraoltóir ar na cláracha An Bóthar Go Nashville (RTÉ Raidió na Gaeltachta) agus Glór Tíre (TG4), agus insíonn sí dúinn faoina clár teilifíse nua Viva Ceol Tíre atá ag dul amach gach oíche Mháirt ar TG4. Insíonn sí do Sheáin faoina taithí, a cuimhní agus a grá don cheol tíre agus an tábhacht atá ag an cheol tíre ina saol agus ina cuid oibre.
Padraic Ó Griallais 26.03.2021 22:59
Labhraíonn Padraic Ó Griallais le Seán faoi Micil Distillery, an chéad drioglann dhleathach i nGaillimh le breis agus céad bliain anuas. Insíonn sé faoi na rudaí iontacha atá bainte amach acu agus ar siúl acu faoi láthair. Déanann sé cur síos ar na táirgí iontacha atá ar fáil acu, gin agus poitín lámhdhéanta i gConamara, chomh maith le fuisce agus uachtar Gaelach atá a chruthú acu i mbliana, agus...
Gráinne Holland 26.03.2021 27:11
Labhraíonn an ceoltóir, cumadóir agus léiritheoir Gráinne Holland le Seán faoina thogra nua Ceol na Sióg, albam nua le hamhráin do pháistí a chum agus a thaifead sí, agus leabhar a théann leis le léaráidí déanta ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Déanann Gráinne cur síos ar na rudaí a spreag an togra seo, na hamhráin a bhí ina inspioráid aici agus í ag fás aníos agus scéalta taobh...
James Riordan 26.03.2021 27:46
Labhraíonn James Riordan le Seán faoina ról nua mar Dan ar Ros na Rún, an dráma Selvage a scríobh sé agus a raibh an phríomhpháirt aige ann anuraidh, a chuid oibre mar stiúrthóir ealaíne le hAmharclann Bhrú i nGaillimh agus tograí móra drámaíochta idir lámha aige faoi láthair.
Seán T. Ó Meallaigh 19.03.2021 42:57
Labhraíonn an t-aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoina shaol sna scannáin, ar an teilifís, ar an stáitse agus ar an raidió, ag tabhairt siar ar bhuaicphointí agus cuimhní móra agus ag labhairt faoin méid iontach atá ar siúl aige faoi láthair. Pléitear na scannáin A Better You, I Am Patrick agus Arracht, na sraitheanna theilifíse Vikings, An Klondike agus Seachtar...
Sinéad Ní Uallacháin 19.03.2021 25:21
Labhraíonn Sinéad Ní Uallacháin le Seán faoi chlár faisnéise den chéad scoth atá déanta aici le Waddell Media agus craolta ar TG4, faoin cháil a bhain Peig Sayers amach mar gheall ar a leabhar Peig, a chaith breis agus scór go leith de bhlianta ar shiollabas na hardteiste. Insíonn Sinéad dúinn faoin aistear a chuaigh sí ar le níos mó a fháil amach faoi bhean a bhí i bPeig í féin, na scéalta nach b...
Jamie Ó Flannúra 19.03.2021 23:28
Labhraíonn Jamie Ó Flannúra le Seán faoina chuid oibre le Camara Education Ireland ar TechSpace agus ar TechFéile 2021, atá ar siúl idir Eanáir agus Márta 2021. Insíonn Jamie dúinn faoi na himeachtaí atá beartaithe do dheireadh TechFéile agus an tábhacht a bhaineann le hábhair STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus mata) san oideachas, agus faoina thaithí mar mheantói...
Tadhg 12.03.2021 18:37
Labhraíonn Tadhg le Seán faoin méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas - seit iontach le Féile na Gealaí ar líne, amhráin agus físeáin úra a chruthú, agus Global Pride lena hamhrán nua Space Love. Insíonn sé do Sheáin faoin gceolchoirm mhór a bheidh ar siúl ag Aerach Aiteach Gaelach beo ar Youtube (Aoine 12 Márta) agus na hamhráin a bheidh aige ann.
Caroline Seoighe 12.03.2021 8:31
Labhraíonn Caroline Seoighe le Seán faoina cuid oibre mar stíleálaí agus mar phearsa fhaisin agus tionchaire ar Instagram. Insíonn sí dúinn faoin seimineár Paisean Don Fhaisean a bheidh ar siúl ar Youtube Áras na nGael (Aoine 12 Márta) do Sheachtain na Gaeilge, le Jessica Diskin, Áine Donnelly, Mollaí agus Anna Campbell.
Seán Seoighe agus Róisín Seoighe 12.03.2021 14:37
Labhraíonn Seán Seoighe, Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe in Áras na nGael, agus Róisín Seoighe le Seán faoin méid atá ar siúl ag Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge 2021 (Instagram takeovers, seimineáir, cainteanna, ceolchoirm agus go leor eile). Insíonn Seán dúinn faoin obair a bhíonn ar siúl i rith na bliana agus na bealaí a bhíonn siad ag freastal ar an bpobal, agus insíon...
Declan Hannon 12.03.2021 9:06
Labhraíonn Declan Hannon, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 agus captaen ar fhoireann iománaíochta Luimnigh a bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó (2018 agus 2020), le Seán faoina thaithí mar ambasadóir, a haistear féin le Gaeilge, Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael agus moltaí do fhoghlaimeoirí le cur lena gcuid Gaeilge.
Orlaith Nic Ghearailt 12.03.2021 23:12
Labhraíonn Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, le Seán faoi Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021, na himeachtaí agus na hathruithe a bhí i gceist le SnaG a chur ar líne in aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na hambasadóirí iontacha atá acu i mbliana agus a cuimhní is fearr ó Sheachtain na Gaeilge go dtí seo.
Michaela Ní Labhraí 05.03.2021 15:10
Labhraíonn Michaela Ní Labhraí le Seán faoina cuid oibre mar chef taosráin, a leathanach Instagram @mamafoxcakes agus Instagram takeover atá a dhéanamh aici d'Áras na nGael mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Insíonn Michaela dúinn faoi na rudaí is mó a spreag í dul I mbun bácála, faoi bheith ag obair in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha, an tábhacht a bhaineann le páistí a spreagadh...
Máire Eilis Ní Fhlaithearta 05.03.2021 13:13
Labhraíonn Máire Eilis Ní Fhlaithearta le Seán faoin méid atá ar siúl i Ros na Rún lena carachtar Caitríona i Sraith 25 agus insíonn sí dúinn faoin bhfíseán iontach a rinne foireann Ros na Rún bunaithe ar Jerusalema. Tugann sí léargas dúinn faoin bhliain eisceachtúil a bhí acu ag taifead an tsraith is déanaí in aimsir Chovid agus insíonn sí dúinn faoi na cuimhní is fearr ón 25 bliain i Ros na Rún...
Marion Ní Loinsigh 05.03.2021 14:05
Labhraíonn Marion Ní Loinsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún le Seán faoin éacht atá déanta acu cláir den scoth a chur amach le linn aimsir Chovid. Insíonn sí dúinn faoi na dúshláin, na srianta a cuireadh i bhfeidhm, athruithe a bhí le déanamh agus na bealaigh a chuaigh foireann Ros na Rún i ngleic leis na modhanna taifeadta nua. Tugann sí súil siar ar na scéalta móra ó Shraith 25 go dtí seo agus...
Múinteoir Meg 05.03.2021 20:18
Labhraíonn Múinteoir Meg le Seán faoin obair iontach atá a dhéanamh aici ag cur na Gaeilge chun cinn lena Instagram agus lena cuid oibre mar mhúinteoir meánscoile. Insíonn sí dúinn faoina sraith téacsleabhair nua Croí na Gaeilge, foilsithe ag Edco do mhic léinn an teastais shóisearaigh, agus faoin méid atá ar siúl aici le Gaelchultúr, i measc go leor leor eile.
Eoin McEvoy 26.02.2021 12:07
Labhraíonn Eoin McEvoy faoin méid atá ar siúl ag na grúpaí Aerach Aiteach Gaelach agus Queercal Comhrá sna míonna amach romhainn, do Sheachtain na Gaeilge agus do Bhród 2021. Insíonn Eoin dúinn faoin scigamhrán a chruthaigh ochtar ón ngrúpa, bunaithe ar dhá rud a bhí go mór sna meáin le déanaí – rabhcán muirí nó sea-shanties agus scéal mór faoi bhriseadh rialacha na dianghlasála ar bhád amach ó ch...
Claire Marie Dunne 26.02.2021 28:44
Labhraíonn an Dr. Claire Marie Dunne le Seán faoina lámhleabhar nua Sceitimíní: Gníomhaíochtaí Spraíúla don Seomra Ranga (foilsithe le COGG), a cuid oibre in Institiúid Oideachais Marino, litríocht do pháistí i nGaeilge agus ionadaíocht i leabhair do pháistí. Déantar comhrá faoi straitéisí leis an Ghaeilge a spreagadh sa seomra ranga, na leabhair do pháistí is fearr agus foilseacháin iontacha atá...
Conall Ó Céidigh 26.02.2021 13:59
Labhraíonn Conall Ó Céidigh le Seán faoina chuid aisteoireachta – mar Rory i Ros na Rún agus mar Dan sa scannán Arracht – a chuid oibre le Clubforce agus a bhulladóir Collins, atá leathanach Instagram aige @collinsthebulldog. Tugann Conall súil siar ar na buaicphointí óna chuid ama i Ros na Rún go dtí seo agus an méid a bhí ar siúl aige le bliain anuas agus insíonn sé dúinn faoin méid atá ag teach...
Louise Cantillon 26.02.2021 23:33
Labhraíonn Louise Cantillon le Seán faoina saothar raidió agus iriseoireachta – na cláir Spin ar Scoil, Spin Now agus Hit 30 na hÉireann ar Spin, agus an colún Louise Loves sa Limerick Leader. Déantar comhrá chomh maith faoi na buaicphointí is mó ag Louise go dtí seo, a cuid taithí mar mhúinteoir meánscoile, na rudaí is mó a thaitníonn léi agus go leor eile.
J Smith 19.02.2021 8:37
Labhraíonn an t-amhránaí, ceoltóir agus cumadóir J Smith liom faoina singil nua I’m Sorry. Déanann sé cur síos ar a stíl nua, curtha i gcomparáid leis an saothar atá déanta aige mar YURN agus mar phríomhamhránaí le Gypsies on the Autobahn. Insíonn sé do Sheán faoina thaithí go dtí seo, na buaicphointí is mó agus scéalta álainn taobh thiar den singil úr agus ealaín an singil.
Róisín Ní Mhaoláin 19.02.2021 20:40
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Seán faoin méid iontach atá ar siúl aici leis na Gaelgals le cúpla mí anuas, podchraoladh ar Raidió Rí-Rá agus ócáid mhór do Sheachtain na Gaeilge san áireamh. Déanann sí cur síos ar mhíreanna atá déanta aici ar StadAir ar RTÉ 2FM le gairid agus comórtas a bhí sí ag reáchtáil ar a leathanach Instagram. Insíonn sí do Sheáin faoina clár An Meangadh Mór ar Raidió na L...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.