Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Myra Zepf 04.06.2021 30:12
Labhraíonn Myra Zepf le Seán faoina saothar is déanaí – na leabhair An Féileacán agus an Rí (buaiteoir Gradam Reics Carló 2020), Nóinín (buaiteoir Ghradam CBI do Leabhar na Bliana 2020) agus Míp (ainmnithe ar ghearrliostaí Gradam Reics Carló agus Gradam CBI), sraith theilifíse nua bunaithe ar shraith Rita (buaiteoir Gradam Chumann Litearthachta na hÉireann 2019), an scannán Sol (ina ndearna sí ais...
Somhairle Mag Uidhir 04.06.2021 29:22
Labhraíonn Somhairle Mag Uidhir le Seán faoina shaothar raidió – a chlár cainte úr Ón Bhun Aníos , a chlár ceoil Somhairle Cathrach Bhéal Feirste agus cláir nuachta ar Raidió Fáilte. Insíonn sé do Sheáin faoina shaothar iriseoireachta, na rudaí a spreag agus a tharraing i dtreo na craoltóireachta é agus an nuacht is déanaí ón bhfeachtas Acht Anois, agus go leor eile.
Robbie Irwin 28.05.2021 41:05
Labhraíonn Robbie Irwin faoin méid atá ar siúl aige mar Oifigeach Rannpháirtíochta Mac Léinn in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath agus mar Chomhlach Proifisiúnta le Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuaidh, chomh maith le MA atá idir lámha aige ar Dearadh agus Forbairt na Ríomhfhoghlama. Tugann sé súil siar ar a thaithí le Eco Schools, COGG agus Twinkl, agus Coláistí Gael Linn i nDún...
Osgur Ó Ciardha 28.05.2021 29:45
Labhraíonn Osgur Ó Ciardha faoina méid atá bainte amach aige sa turasóireacht, anseo in Éirinn agus i Meiriceá Theas, a thogra úr – Zanzibar Locke – i lár na cathrach, ach go háirithe. Déanann sé cur síos ar na rudaí a spreag an Pop Up Gaeltacht agus an tionchar atá aige ar shaol na Gaeilge. Insíonn sé dúinn chomh maith faoin MBA a bhain sé amach ó UCD i 2018 agus a thaithí ag déanamh an tsraith B...
Micheál Ó Conghaile 28.05.2021 35:32
Labhraíonn Micheál Ó Conghaile le Seán faoin méid iontach atá bainte amach ag Cló Iar-Chonnacht, ó bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta i 1985. Déanann sé cur síos ar an gcartlann leathan leabhair agus ceol atá foilsithe acu, na rudaí a thug an spreagadh do CIC a thosú agus na slite inár gcur CIC le cúrsaí foilsitheoireachta in Éirinn, go háirithe i gceantair Ghaeltachta. Insíonn sé dúinn faoin...
Pádraig Ó Tiarnaigh 21.05.2021 35:48
Labhraíonn Pádraig Ó Tiarnaigh le Seán faoina ról mar Bhainisteoir Cumarsáide ó Thuaidh do Chonradh na Gaeilge agus Gaeltacht Bhéal Feirste, ina bhfuil sé ag obair. Insíonn sé dúinn faoin aistear atá déanta ag an Dream Dearg atá ag iarraidh Acht Gaeilge a chinntiú ó Thuaidh. Déanann sé cur síos chomh maith ar a obair mar léachtóir sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, a ról mar chathaoirleach i gColáiste...
Mollaí Ní Mhiacháin 21.05.2021 17:58
Labhraíonn Mollaí Ní Mhiacháin le Seán faoina saothar mar chraoltóir, blagálaí agus tionchaire. Cloisimid faoina leathanach Stay Sásta atá bliain ar an bhfód an tseachtain seo, faoina clár Caint Leis na Cailíní ar Raidió Rí-Rá, a leathanach Instagram mollai_ agus Seimineár Faisin Áras na nGael do Sheachtain na Gaeilge. Insíonn sí dúinn freisin faoin mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge i...
Stiofán Ó Briain 21.05.2021 24:07
Labhraíonn Stiofán Ó Briain le Seán faoin dochtúireacht atá idir lámha aige i UCD agus an méid atá ar siúl aige le Cumann Mhic Léinn Cheiltise na hÉireann agus comhdháil Mhic Léinn Cheiltise 2020. Cloisimid faoina mhír ‘Focal an Lae’ ar Twitter agus na focail is fearr leis, insíonn sé dúinn faoina shaothar scríofa – na dánta ‘Éiric’ agus ‘Fearg agus Fraoch’, an scéal béaloidis ‘Fear Báite Bád’ agu...
PJ Mac Láimh 14.05.2021 16:08
Labhraíonn PJ Mac Láimh le Seán faoina shiopa bearbóra nua Chop Central, atá ar oscailt ar phríomhshráid an Daingin. Insíonn sé do Sheáin faoin bhearbóireacht, stíleanna éagsúla agus an méid atá déanta aige le foireann caide An Ghaeltacht i gCiarraí, buaiteoirí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019.
John Sharpson 14.05.2021 16:53
Labhraíonn John Sharpson le Seán faoi chúrsa nua ar líne a bheidhs a chur i láthair aige le CPD College - Six Bricks - agus tugann sé súil siar ar bhuaicphointí móra Home School Hub agus After School Hub, a shaothar le RTÉ JR, na físeáin ar Youtube a dhéanann sé (an TRY Channel, Sharuf agus Areyahavinthat) agus Bleaist Eolaíochta ESB na bliana seo.
Seán Ó Baoill 14.05.2021 25:52
Labhraíonn Seán Ó Baoill le Seán faoin tsraith nua de An Focal Scoir atá ag dul amach gach oíche Luan ag 10in ar BBC2 Thuaisceart Éireann, faoi shraith nua de I Lár An Aonaigh atá ar an bhealach, obair le Meon Eile agus Ros na Rún, a shraith An Teach Seo Againne (RTÉ) agus togra úr atá ag teacht aníos sna míonna amach romhainn.
Ian Mac Gabhann 07.05.2021 29:37
Labhraíonn Ian Mac Gabhann le Seán faoin méid atá bainte amach aige agus ar siúl aige faoi láthair – a ról mar oifigeach oideachais le Gael Linn, an méid atá déanta aige le hICUF i gCeanada, saothar leathan raidió atá déanta aige thar na blianta. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid ceoil, an t-amhrán Is Cuimhin Liom ach go háirithe, agus faoina leathanach Instagram nua Aplotment33 a dhéanann cur sío...
Ola Majekodunmi 07.05.2021 27:52
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Seán faoin méid a bhí ar siúl aici ó bhí sí ar an gclár anuraidh – a cuid iriseoireachta le Nós, a clár raidió Afra-Éire ar Raidió na Life, an scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanann sí, a cuid oibre theilifíse agus róil atá aici le Foras na Gaeilge, Mother Tongues Ireland agus Beyond Representation, i measc go leor rudaí eile.
Cian Ó Cíobhain 07.05.2021 27:29
Labhraíonn Cian Ó Cíobhain le Seán faoin 22 bliain atá caite aige ag cur An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tugann sé súil siar ar na rudaí is mó a spreag an grá atá aige don cheol, na rudaí a tharraing i dtreo a cheird mar DJ é agus labhraíonn sé faoina chuid buaicphointí agus cuimhní móra óna shaol leis an gceol go dtí seo, scéal suimiúil faoin gceoltóir, léiritheoir agus D...
Gráinne Bleasdale 30.04.2021 23:25
Labhraíonn Gráinne Bleasdale le Seán faoina thaithí sna meáin le cúig bliana déag anuas - ag aisteoireacht, ag obair mar láithreoir, ag puipeadóireacht, ag plé le cúrsaí ceoil agus spórt, agus neart eile. Tugann sí súil siar ar a ról agus a cuid taithí le Aifric, drámaí móra ar an stáitse atá déanta aici (Tóraíocht, An Triail, Fornocht Do Chonac agus eile) agus an ghrá atá aici don phuipeadóireach...
Pádraig Jack 30.04.2021 24:28
Labhraíonn Pádraig Jack le Seán faoin conradh foilsitheoireachta nua atá taifeadta aige le Beautiful World Music. Beidh sé ag cumadh amhráin lena hathair, Barry Ronan, mar chuid den togra, agus insíonn Pádraig dúinn faoi bheith ag cruthú ceoil le Barry. Insíonn Pádraig dúinn chomh maith faoina halbam iontach Making Sand agus faoi thogra úr atá idir lámha aige, Barrdair an Cheoil, le cúigear ceoltó...
Brídín 30.04.2021 16:47
Labhraíonn an ceoltóir agus cumadóir Brídín faoina EP nua Ocean Of Stars agus a saol mar cheoltóir agus mar adhlacóir, ábhar a bhí faoi chaibidil ar chlár faisnéise ar RTÉ le déanaí agus in agallamh a rinne Brídín ar The Tommy Tiernan Show. Insíonn Brídín do Shéain faoina thaithí le ceol san ollscoil i UCC i gCorcaigh, faoin tionchar atá ag an baile ar a cuid ceoil, na rudaí is mó a spreagann í ag...
Hugh Mac Giolla Cheara 23.04.2021 30:07
Labhraíonn Hugh Mac Giolla Cheara le Seán faoina chuid oibre mar chomhordaitheoir meáin shóisialta le BLOC TG4 agus lena chuid físeáin ar TikTok, Goitse Alpaca agus go leor eile. Insíonn sé do Sheáin faoina thaithí iontach le drámaíocht agus Béarla san ollscoil, faoin University Observer agus na rudaí is mó a bhí ina thionchar ar an ngreann atá aige.
Darach Ó Tuairisg 23.04.2021 13:32
Labhraíonn Darach Ó Tuairisg le Seán faoi dhá thogra mhór atá idir lámha ag Fíbín - leabhar nua 'Is Eolaí Mé' atá foilsithe acu, bunaithe ar an tsraith theilifíse, agus 'Cruthaím', ina bhfuil siad ag lorg duine óg cruthaitheach ó gach contae in Éirinn agus duine amháin ón diaspóra, mar chuid de Chruinniú na nÓg 2021.
Séamus Ó Scanláin 23.04.2021 23:37
Labhraíonn Séamus Ó Scanláin le Seán faoina shaothar mar láithreoir agus clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus mar láithreoir ar Glór Tíre ar TG4. Déanann sé cur síos ar a thaithí iontacha ag guthú do scannáin agus cláir theilifíse, insíonn sé dúinn faoi na rudaí a tharraing i dtreo na craoltóireachta é agus tugann sé súil siar ar an oíche a bhain sé gradam mór do Réalta Óg na Bliana a...
Eoin Ó Cáthain 16.04.2021 18:54
Labhraíonn Eoin Ó Cáthain faoina shaothar iontach sna meáin chumarsáide agus é mar thuairisceoir polaitíochta. Insíonn sé dúinn faoina thaithí san Eoraip agus an ról nua atá aige mar thuairisceoir polaitíochta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é lonnaithe i nDáil Éireann. Tugann sé súil siar chomh maith ar na scéalta pholaitíochta is mó le linn a chuid ama ag tuairisciú agus go leor leor eile.
Edel Ní Churraoin 16.04.2021 27:31
Labhraíonn Edel Ní Churraoin le Seán faoina clár raidió nua, Sin Ráite, atá a chur i láthair aici féin agus Caoimhe Ní Chathail ar Raidió Fáilte. Tá neart craic chomh maith faoin saol agus an pobal i mBéal Feirste, an ceol traidisiúnta agus rince, a banna ceoil Las, an saothar leathan theilifíse atá déanta aici agus Féile na Gealaí, a bhunaigh sí le cairde i 2016.
Andrew Jackson 16.04.2021 36:20
Labhraíonn Andrew Jackson le Seán faoina shaol in Abu Dhabi faoi láthair, an bhliain mar atá sé caite aige ó bhí Márta 2020 ann, an ceol thraidisiúnta agus máistreacht atá déanta aige ar an ábhar. Insíonn sé dúinn faoin phodchraoladh Nuall na nÓg a dhéanann sé lena chairde Anna Ní Nualláin agus Cillian Mac Cába, agus faighimid léargas ar an bhfeachtas Mise Fosta agus laochra móra atá ag Andrew.
Darragh Ó Caoimh 09.04.2021 21:41
Labhraíonn Darragh Ó Caoimh le Seán faoina ról úr mar Oifigeach Gaeilge is Cultúr i UCC, Cuallacht UCC, a chéim sa Dlí agus Gaeilge, cúrsaí drámaíochta san ollscoil agus Iris Breac, foilsithe san ollscoil le déanaí. Insíonn sé do Sheáin faoina chuid filíochta, ócáid mhór atá ag teacht aníos aige le REIC mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta, a thaithí le Gaeltacht X anuraidh agus a ról nua m...
Ciara Ní É 09.04.2021 20:44
Labhraíonn Ciara Ní É le Seán faoi dhá ócáid mhóra atá ag teacht aníos roimh i bhfad – Cluiche Snatch trí Ghaeilge atá a eagrú ag Aerach Aiteach Gaelach agus an Queercal Comhrá agus Oíche REIC mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt, a bheidh ar siúl ar an 23ú Aibreán. Insíonn Ciara do Sheáin chomh maith faoina saothar is déanaí, dán nua le tionlacan dar teideal ‘A Love Poem By The Leavi...
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.