Tomaí Rua

Idir Chroí agus Anam

Religion GA ↓ 7 episodes

Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht. Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil. Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

Author

Tomaí Rua

Category

Religion

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Oct 28, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Pádraigín Ní Uallacháin | An Caoineadh, Leigheas an Cheoil agus Bandéithe na hÉireann 28.10.2025

Is amhránaí, scríbhneoir, taighdeoir agus cumadóir í Pádraigín Ní Uallacháin a bhfuil a saol caite aici sna healaíona traidisiúnta, ag caomhnú amhráin a ceantair dúchais féin, Oirialla, agus ag cruthú saothar nua a bhfuil idir dhoimhneacht mhothúchánach agus saibhreas ceoil ina chroílár. Shuigh sí féin agus Tomaí síos le labhairt ar an bhás agus ar an bheatha, ar thraidisiún an chaointe agus ar bh...

An tAthair Brian Ó Fearraigh | Cleachtadh an Ghrá agus Dúchas an Chreidimh 27.10.2025

Tá an tAthair Brian Ó Fearraigh ina shagart paróiste i nGaoth Dobhair, Gaeltacht Dhún na nGall. Labhair sé le Tomaí faoina shaol féin mar shagart, faoi bhunteagasc na Críostaíochta, agus faoin íomhá atá aige féin go pearsanta de Dhia. Phléigh siad chomh maith an tart spioradálta atá ar dhaoine - in ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar an tsochaí - agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oi...

Siobhán de Paor | An Réabhlóid Anama, Fuinneamh na Gaeilge agus Naofacht an Mháithreachais 26.10.2025

Is file, scéalaí agus ceiliúraí í Siobhán de Paor atá ina léiriú beoga beathach ar an athshealbhú teanga, traidisiún agus diagachta atá ar siúl sa lá atá inniu ann. Labhair sí le Tomaí faoin réabhlóid anama a thug uirthi aghaidh a thabhairt ar an India, faoin tsaoirse atá le fáil sa chomhfhios Gaelach, agus faoi dhúshlán agus naofacht na breithe. Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin obair ar l...

Antain Mac Lochlainn | Na Stóigh agus Tóraíocht na Dea-Bheatha 25.10.2025

Cad é an Stóchas? An bhfuil an teagasc go fóill ábhartha do shaol an lae inniu? Cad iad na cosúlachtaí idir é agus an Búdachas? Labhair Tomaí faoin ábhar sin agus tuilleadh leis an sár-aistritheoir agus scríbhneoir Antain Mac Lochlainn. Phléigh siad an chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, agus ar an dúshlán a bhaineann le cuid de na téarmaí fealsúnachta a aist...

Jenny Ní Ruiséil | Cosán an Ióga, Ayurveda agus Leigheas an Athcheangail 24.10.2025

Is múinteoir ióga, ceoltóir agus treoraí í Jenny Ní Ruiséil atá ag athcheangal le naofacht dúchais na hÉireann trína cuid ceoil agus cleachtas. Labhair sí le Tomaí faoina haistear pearsanta féin, faoin teagasc ársa domhain de chuid na hIndia, Tantra, ar an mhodh leighis Ayurveda, agus ar thraidisiún na mantraí. Mhínigh Jenny chomh maith an bealach a bhfuil sí féin agus daoine eile ag athnascadh le...

Michael Harding | Súile an Chroí agus Brí na Beatha 23.10.2025

Cad é mar is féidir linn a bheith i láthair agus suaimhneach san aois ghnóthach seo? An bhfuil brí leis an saol? Cad iad na cosúlachtaí idir mór-reiligiúin na cruinne? Phléigh Tomaí na ceisteanna sin agus tuilleadh leis an údar aitheanta, colúnaí leis an Irish Times agus iarshagart, Michael Harding. Thrácht siad chomh maith ar struchtúr coilíneach na hEaglaise Caitlicí in Éirinn, ar an bhás, agus...

Réamhrá le Tomaí Ó Conghaile 19.10.2025

Labhraíonn Tomaí Rua faoin chúis ar chinn sé ar thús a chur le podchraoladh faoi thóraíocht an tsuaimhnis, faoin saol inmheánach, faoin spioradáltacht. Insíonn sé dúinn faoina thuras pearsanta féin - ó bhás a mháthar go searmanais plandaí leighis - agus tugann blaiseadh de chuid den ábhar comhrá a bheidh le cluinstin le linn na sraithe. Tá idir ailt, fhilíocht agus aistriúcháin faoi na téamaí seo...

Listen to the Idir Chroí agus Anam podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.