Raidió Rí-Rá

Dúchas

Society GA ↓ 15 episodes

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!

Author

Raidió Rí-Rá

Category

Society

Podcast website

podcasters.spotify.com

Latest episode

Mar 4, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Eagrán 14: Beo ó Nás na Ríogh 04.03.2026

Thriail na buachaillí báire chomh fada le Nás na Ríogh ar na mallaibh chun eagrán Dúchas a thaifead go beo ós comhair a lucht leanúna dhílis. Phléigh siad Bríd, banéarlamh Chontae Chill Dara. Ar bhean rialta is banab í nó bandia breabhsánta? Cé na cleachtais agus na deasghnácha a bhain le Lá ‘le Bríde (nó Imbolg, más págánach salach thú ar nós an Choistealaigh)? Cén saghas tagairtí atá i lámhscríb...

Eagrán 13: Na Normannaigh 27.01.2026

Caisleáin, cathanna agus coiníní: is iomaí lorg a d'fhág na Normannaigh ar fhód Bhanba, ach cérbh iad na heachtránaithe caithréimeacha seo an chéad lá ariamh? Pléann na buachaillí na fáthanna a tháinig na Normannaigh go hÉireann agus cuid den diabhlaíocht a bhí ar bonn acu anseo.

Eagrán 12: Samhain 27.10.2025

Cé acu is measa, an diabhal nó goth baddie stuacach? An tairseach ifrinn atá sa Workman's Club nó Uaimh na gCat taobh le Ráth Cruachan? San eagrán speisialta seo pléann na buachaillí an fhéile ársa Oíche Shamhna, seanchas na cianaimsire, saol gnéis an Daghdha, Seán an Lampa, arm osnádúrtha, diabhlaíocht Donnchadh Ó Curraoin agus conas is féidir le collchnónna do chleamhnas a thairngreacht cois...

Eagrán 11: An Conriocht 26.05.2025

Céard is conriocht ann agus céard a tharla do na mic tíre a chónaigh fud fad na tíre fadó? San eagrán seo, pléann na buachaillí stair an mhic tíre in Éirinn, finscéal na gconreachta, agus gabhair amaideacha a fhaigheann bás i mbolg an fhaoil!

Eagrán 10: Sean-Nós 13.04.2025

Amhránaíocht ar an sean-nós, cumhacht mhistiúil na filí, ceol draíochta is mallachtaí, ní féidir a shéanadh go bhfuil ról lárnach ag an bhfocal canta inár bhféiniúlacht mar Ghaeil. San eagrán seo, suíonnn na stócaigh síos le Saoirse Nic Aogáin chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceol álainn corraitheach seo agus níos mó eolais a fháil ar chúlra agus stair an traidisiúin. Cailleann Cúán a mhaighdeanas...

Eagrán 9: An Chailleach 31.03.2025

Cé hí an 'Cailleach'? Bean olc dhraíochtúil le scuab, coirce is cat dubh nó bandia ársa a tharraingíonn brat an gheimhridh thar fhód na hÉireann is na hAlban? San eagrán seo, déanann na buachaillí iniúchadh ar íomhá na seanmhná seargtha seo agus an iomaí slite a fhítear í trí bhéaloideas na hÉireann.

Eagrán 8: Naomh Pádraig 17.03.2025

Clog Phádraig, purgatóir Phádraig, ollphéisteanna agus ól - san eagrán seo, luann na buachaillí na sonraí faoin mboc mór b'fhéidir nár chuala tú trácht orthu go dtí seo! Lá 'le Pádraig sona oraibh go léir!

Eagrán 7: Poitín 26.02.2025

Is meisciúil an deoch é agus tuigimid uile go bhfuil sé deas le n-ól, ach cén cúlra atá ag an deoch sheoigh seo? Fiosraíonn na leaids stair an phoitín, conas a dhéanfá bairille dhuit fhéin, an ‘scailtín’, an chéad ghearrscannán i nGaeilge agus insíonn siad cúpla seanscéal ó chartlann dúchas.ie

Eagrán 6: Dlíthe na mBreithiúna 14.02.2025

San eagrán seo, tosaíonn na stócaigh a gcuid fiosrúchán ar Dlíthe na mBreithiúna , an tábhacht a bhain le beacha fadó, lá le Gobnait, agus an dóigh is fearr do sheachtain a caitheamh mar Rí.

Eagrán 5: Lí Ban 31.01.2025

In eagrán a cúig déanann na buachaillí plé ar scéal Lí Ban, maighdeán mhara naofa a luaitear in annálacha na hÉireann. Tugann an scéal ar chamchuairt iad a chuimsíonn an réiteach ar mheabharshláinte na bhfear, an uair a bhuail Cúán leis an bPápa, gnéasúlacht Fearghus Mac Roich agus i bhfad níos mó...

Réamhbhlaiseadh 27.01.2025

Buail isteach ag teach an dúchais d'oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chian Mhic Choisteala agus Chúáin de Búrca.

Eagrán 4: An Bás 18.12.2024

San eagrán seo, déanann Cían agus Cúán roinnt plé ar chúrsaí báis na tíre fadó, an tslí a dtugtaí aghaidh ar an mbás tráth, comharthaí báis, nósanna tórraimh agus an chaoi a gcabhraíonn na deasghnácha seo le daoine dul i ngleic le brón.

Eagrán 3: Cóisírí Gnéis Leispiach Vaimpiríeach 22.11.2024

San eagrán seo, pléann na buachaillí finscéal ‘Abhartach’, vaimpír ó mhioteolas na hÉireann, tábhacht taighde a dhéanamh, litríocht ghotach na tíre agus cóisírí gnéis leispiach vaimpiríeach. 

Eagrán 2: Hy-Brasil 15.11.2024

San eagrán seo, suíonn na leaids síos le Seosamh Mac Seoin chun oileán mistéireach taibhsiúil darbh ainm 'Hy-Brasil' a phlé. In ainneoin na gcéadta turas taiscéalaíochta gan rath ar thóir an oileáin i gcaitheamh na mblianta, bhí sé le feiceáil ar léarscáileanna na hÉireann go rialta go dtí 1873. N'fheadar ar shlog an t-Atlantach é, nó an bhfuil an scéal seo níos casta ná mar a cheapfá? Pléann na b...

Eagrán 1: An Bhean Sí 08.11.2024

Sa chéad eagrán de ‘Dúchas’, pléann na leaids an Bhean Sí, an lúcháir a bhaineann le bó a dhíoladh ag an aonach, agus an fáth nach ceart bleid a bhualadh ar chailíní i láthair chaitheamh tabaic an Workman’s Club.

Listen to the Dúchas podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.