RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie
Auteur
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categorie
Website van de podcast
Nieuwste aflevering
9 okt. 2026
Waar luisteren?
Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaarPodcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts
Afleveringen
Póilín Nic Géidigh as an Ardaí Bheag, Gort a Choirce atá i láthair ag an Phicnic Leictreach sa tSráidbhaile i gContae Laoise 28.08.2026 13:04
Beidh os cionn 80,000 duine ag freastal ar an Phicnic Leictreach nó EP mar is fearr aithne air an deireadh seachtaine seo i gContae Laoise, cuireann Póilín síos ar an fhéile agus ar imeachtaí a bheas sí féin páirteach ann le linn an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mír ómóis i gcuimhne ar an t-Iar Chomhairleoir Contae agus an t-Iar Sheanadóir Éanna Ó Cnáimhsí a fuair bás inné 28.08.2026 32:52
Páirteach sa chomhrá seo bhí Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, Séamus Ó Domhnaill, Daithí Alcorn, Máire Ní Chochláin, Alan Ó Baoid agus Myles Mac Suibhne. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach 27.08.2026 7:23
Mír rialta le hAndy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, caint inniu ar an tseirbhís úr atá a chur ar fáil ar líne ag RTÉ, RTÉ Listen agus faoin chluiche úr Grand Theft Auto atá le teacht ar an mhargadh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Micheál Ó Tunnaigh 27.08.2026 8:59
Seolfaidh clann ceolmhar Uí Thunnaigh eagrán úr den leabhar a scríobh a n-athair Paddy sna nóchaidí “Where Songs do Thunder” ag ócáid a bheas ar siúl san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn san oíche amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie as an Pholl Dóite. 09.07.2026 5:59
Mír seachtainiúil grinn le bean an Phoill Dhóite, Mary Aggie.
Emer Ní Ghallachóir, tráchtaire spóirt. 09.07.2026 4:47
Beidh cluiche mór ag mná Faoi 20 Dhún na nGall ar an tSatharn nuair a bheas siad ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 20 Peile na hÉireann in éadan Gaillimh.
Marie Nic Eamharcaigh ó Choiste Forbartha Mhín na Leice. 09.07.2026 6:10
Beidh Aonach Jack na bliana seo ar siúl i Mín na Leice an deireadh seachtaine seo.
Deirdre Ní Bhraonáin - Garraíodóir Chluain na dTor. 09.07.2026 12:41
Mír rialta le Deirdre ag tabhairt eolas agus comhairle maidir le cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag freagairt ceisteanna ón phobal agus ag tabhairt comhairle fosta ar an dóigh le hamharc i ndiaidh plandaí agus glasraí sa teas mhór.
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Feidhmeannach Forbartha le Danú Media. 09.07.2026 6:59
Tá Danú Media ag lorg fir le Gaeilge mhaith agus atá idir 18 agus 35 bliain d’aois faoi láthair le páirt a ghlacadh i ngrúpaí plé do shraith úr teilifíse ar TG4 darbh ainm Fearúlacht.
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 09.07.2026 4:33
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Andy Caomhánach Fear na Ríomhairí. 08.07.2026 9:59
Inniu tá sé ag ceistiú an bhfuil deireadh ag teacht leis na Meán Fisiciúil Mar is Eol Dúinn Iad agus tuairiscí ann go bhféadfadh an chéad PlayStation agus Xbox eile teacht gan tiomántán diosca ar bith agus bhí sé ag rá go léiríonn figiúirí nua ón CSO gur úsáid ionaid sonraí 23% de leictreachas méadaithe na hÉireann in 2025.
Cartlann na Céadaoine. 08.07.2026 8:19
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1986 nuair a labhair Timlín Ó Cearnaigh le Danny McQuillan as Port an Dúnáin, dhá lá roimh mhórshiúlta an dara lá déag. Chuir Timlín ceist air ar tús c’fhad é ina chónaí i bPort an Dúnáin.
Brianna Ní Fhíoruisce dalta ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Aisling Mhic Cumhaill Oifigeach Oideachais & Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta. 08.07.2026 8:41
Tá “Cuan”, teidí a rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus a fuair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta anois ag déanamh ionadaíochta don tír seo ag an Chomórtas Domhanda i Riga i Latvia.
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. 08.07.2026 10:53
Tá an chuma air go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid ag deireadh na míosa seo. Tá an té atá i mbun na hoifige faoi láthair ag éirí as agus go dtí seo níl duine ar bith úr ar fáil leis an tseirbhís a reáchtáil. Rinne an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an cheist a ardú sa Dáil inné agus labhair sé linn inniu faoin scéal seo.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta. 08.07.2026 5:31
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Róise Ní Laifeartaigh Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall. 07.07.2026 7:14
Bhí ócáid speisialta ar siúl in Áras na Contae i Leifear ar maidin áit ar bronnadh scoláireachtaí ar bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach. 07.07.2026 7:20
Labhair sé faoin fhiosrúchan atá ar bun acu maidir leis an taisme tragóideach a tharla i mBun Cranncha, rinneadh iarracht dhá charr a ghoid i gceantar Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin seo a chuaigh thart ag dhá láthair difriúil agus thug sé comhairle don phobal maidir le cúrsaí sábháilteachta le linn na haimsire te atá tuartha.
Uasdátú maidir le hÓstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair. 07.07.2026 5:55
An scéal is deireanaí a fhail maidir leis na forbairtí ag Óstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
Damien Ó Dónaill ó sheomra na nuachta. 07.07.2026 4:58
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Niamh Nic Giolla Dhuibh, an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Tír Eoghain. 06.07.2026 4:56
Ag caitheamh súil siar ar pheil na mban ag an deireadh seachtaine agus cluichí dícháilithe agus ceathrú ceannais ar siúl sa chraobh sinsear. Tá mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain slán sa chraobh sinsear bliain eile agus tá mná Ard Mhacha fríd anois go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann.
Micheál Ó Domhnaill, craoltóir agus ball de thionscnamh Armada na Spáinne. 06.07.2026 10:06
Tá ceangal láidir ag an taobh seo tíre le hArmada na Spáinne ó thaobh na staire de agus tá macasamhail de long de chuid Armada na Spáinne ar cuairt i Sligeach san am i láthair.
An Comhairleoir Contae Albert Doherty. 06.07.2026 6:18
Ag cur síos ar an tragóid inar maraíodh fear óg, Aaron Friel as Bun Cranncha a bhí ina chuid fichidí i dtaisme bóthaIr oíche Shatharn.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta. 06.07.2026 4:30
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste. 03.07.2026 6:17
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Niamh Nic Giolla Dhuibh iar-imreoir le Tír Eoghain. 03.07.2026 3:52
Beidh deireadh seachtaine gnóthach ann i bpeil na mban, tá cluichí móra ag mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain agus iad ag imirt i gcluichí dícháilithe.
Vergelijkbare podcasts
Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds