RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie

Auteur

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categorie

News

Website van de podcast

www.rte.ie

Nieuwste aflevering

9 okt. 2026

Waar luisteren?

Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaar

Podcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts

Download het op Google Play Gratis installeren Android bijna 10 mln downloads · beoordeling 4,8 iOS binnenkort

Afleveringen

Na Tráchtairí Seosamh Mac Ceallbhuí Iseult Ní Mhathúna 07.09.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí Gaelacha a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Kieran Ó Rabhartaigh, fear gnó as Dún Lúiche 07.09.2026

D’éirigh go maith i mbliana arís leis an lá mór ceoil a d’eagraigh Clann Uí Rabhartaigh i nDún Lúiche ar an lá saoire bainc i mí Lúnasa. Thóg siad níos mó ná €42,800 do na carthánachtaí seo a leanas: an Kevin Bell Trust, Oispís Dhún na nGall agus Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Charlie Mac Laifeartaigh, úinéir Ostán na Trá sna Dúnaibh 07.09.2026

Ag cur síos ar an óstán agus an séasúr turasóireachta i mbliana.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir leis an Sunday World 07.09.2026

Ag plé na scéalta mór atá i mbéal an phobail sna sé chontae inniu – teannas arís mar gheall ar pharáid na nOráisteach i nDroim Croí, cuid cainte príomhaire na Breataine, Andy Burnham faoi reifreann ar Éire Aontaithe agus an tionchar a bhí ag tragóid 9/11 ar fheachtas an IRA sa tír seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Margaret Mary Mhic Suibhne, cúramóir altrama as Gaoth Dobhair 07.09.2026

Bíonn an eagraíocht Tusla sa tóir ar chúramóirí altrama go rialta agus iad ag iarraidh cúram agus tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do pháistí atá faoi chúram an stáit seo.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste 04.09.2026

Mír grinn na seachtaine seo le Mary Aggie, ag caint inniu faoi a bheith ag ullmhú don fhómhar agus don gheimhreadh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Na tráchtairí spóirt Seosamh Mac Ceallabhuí agus Iseult Ní Mhathúna 04.09.2026

Ag caint faoi na cluichí a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i gcraobhacha peile na bhfear agus na mban sa chontae seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Deirdre Ní Bhraonáin, garraíodóir Chluain na dTor 04.09.2026

Mír seachtainiúil faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag caint inniu faoi chomh fairsing agus atá daoil nó earwigs i mbliana agus ag caint faoin phlanda agus an nóinín an Rudbeckia nó an Black Eyed Suzy atá maith le dath a chur sa ghairdín fán am seo bliana.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Patrica Uí Arlaigh, Príomhoide Scoil Naomh Carlo Acutis, Gort a’ Choirce 04.09.2026

Dhéanfaidh Easpag Rath Bhoth, Niall Ó Colla, aifreann a cheiliúradh i dTeach Pobail Chríost Rí, Gort a’Choirce ag a 11r.n. Dé Domhnaigh le ceiliúradh a dhéanamh ar athainmniú na scoile go Scoil Naomh Carlo Acutis le gairid.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap as Íoclann Na Bhun Bhig 03.09.2026

Ag caint inniu faoi na liostaí fada feithimh do sheirbhísí cúraim baile agus d’uaireanta breise cúraim sa chontae seo agus faoin deascéala go bhfuil níos mó daoine ag maireachtáil i ndiaidh daofa a bheith ag fulaingt le hailse. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Marina Nic Giolla Bhríde - Comhordaitheoir Scoil Cheoil na Crannóige 03.09.2026

Ag cur síos ar an scoil cheoil, na ranganna agus na huirlisí atá a theagasc acu chomh maith leis na sonraí faoin séasúr úr ranganna a bheas ag toiseacht gan mhoill. Comhrá chomh maith le Beth Ní Rabhartaigh, Roybn Ní Choille agus Brian Mac Aodha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fear na Ríomhairí – Andy Caomhánach 03.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta ag caint faoi shábháilteacht páistí ar líne agus ar líonraí sóisialta agus faoin Aip Yuka, aip faoi chúrsaí sláinte agus bia agus moltaí faoin dóigh le saol níos folláine a chaitheamh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Áine Ní Churráin as Carraig an tSeascann, Na Doirí Beaga 02.09.2026

Cuireadh tús le Camino Dhún na nGall Dé Domhnaigh agus arís i mbliana táthar ag súil na mílte euro a bhailiú d'Ionad Tacaíochta Chúram Ailse an Iarthar nó Cancer Care West, bhí Áine ag caint linn beo ó Chamino Dhún na nGall inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt 02.09.2026

Ag caint faoi mar atá ag éirigh go maith le leabharthaí Gaeilge foi láthair agus an tábhacht a bhaineann le foilsitheoirí Gaeilge, agus cur síos fosta ar leabhar a scríobh sé féin, an leabhar Mór agus Muilc a bhfuil aitheantas UNESCO faighte aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Shaun Ó Dubhchóin, dornálaí as an Mhín Charraig i nGort a Choirce 02.09.2026

Tá Shaun i ndiaidh pilleadh abhaile ón tSeirbia áit a raibh Craobhacha Faoi 19 na hEorpa sa dornálaíocht ar siúl, cuireann sé síos ar an turas, an dóigh a chur sé suim sa dornálaíocht an chéad lá riamh agus a chlub dornálaíochta i nDún Fionnachaidh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ciarán Mac Dáibhéid, Príomhoide Scoil Bhríde i Leitir Mhic a'Bhaird 02.09.2026

Beidh agóidí ar siúl i sé áit éagsúla i Leitir Mhic a’ Bhaird ag 3 a chlog le haird a dhíriú ar an imní atá ar phobal an cheantair faoin neamhaird atá a dheanamh den teorainn luais fríd an bhaile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Brian Feda Ó Dónaill ón chomhlacht Bus Feda, Rann na Feirste 02.09.2026

Ag caint ar na fadhbanna leanúnacha le cúrsaí tráchta i Leitir Ceanainn agus an dóigh a bhfuil lánaí rothaíochta agus cosáin siúil a bhforbairt faoi láthair i Leitir Ceanainn ag cur leis an tranglam tráchta atá ansin go rialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Diane Ní Chanainn, Bainisteoir Margaíochta Theach Solais Fhánada 01.09.2026

Tá Teach Solais Fhanada ag ceiliúradh deich mbliana ar an fhód i mbliana agus tá tionscnamh speisialta curtha ar bun acu le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmhíle seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Hannah Ní Dhomhnaill a bhí i láthair ag an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, sa Ghailearaí ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair 01.09.2026

Tá an taispeántas ‘Déanta i nDún na nGall’, a dhéanann ceiliúradh ar cheardaithe agus ar ealaíontóirí as an chontae seo, ar siúl sa Ghailearaí anseo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair san am i láthair. Fuair ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill an deis cuairt a thabhairt ar an taispeántas le gairid.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seoladh an Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ar Thrá na Fearthainne 01.09.2026

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall agus Garda Cósta na hÉireann Togra Píolótach ‘Chód Suímh Chósta’ ag ócáid a bhí ar siúl ar Thrá na Fearthainne ar Déardaoin seo a chuaigh thart. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Garda Bríd Ní Chanainn, ó Stáisiún Gardaí Bhealach Féich 01.09.2026

Mír rialta le ball don Gharda Síochana sa chontae ag tabhairt eolas agus comhairle dár n-éisteoirí. Eolas inniu faoi eachtraí gadaíochta i gCionn an Droichid agus i Leitir Ceanainn, faoi ionsaí a tharla i mBun Cranncha, cúrsaí sábhailteachta anois agus na scoileanna oscailte arís agus faoi cham scéimeanna gutháin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall 31.08.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí leathcheannais craoibhe a bhí ar siúl san iománaíocht ag an deireadh seachtaine.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Hughie Rua Ó Gallachóir, ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair 31.08.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí sacair a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus tús curtha le Corn Voodoo agus Brian McCormick.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

An t-iriseoir, Antoin Mac Cába 31.08.2026

Ag pilleadh inniu ar scéal na Spéiríní agus an fiosrúchán poiblí atá ar bun mar gheall ar mhianach óir atá an comhlacht Dalradian ag iarraidh sna Spéiríní i gContae Thír Eoghain.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

John Boyle, Rúnaí Ginearálta Chumann Múinteoirí Éireann  31.08.2026

Ní bheidh ceithre scoil náisiúnta in iarthar Dhún na nGall ag athoscailt don scoilbhliain úr. Labhair John linn faoin scéala seo agus fosta faoin scéala go bhfuil líon ard ranganna bunscoile i nDún na nGall ina bhfuil 30 dalta nó níos mó ann.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Luister naar de podcast Barrscéalta in Replaio

Radio en podcasts in één app - gratis en zonder account. Installeer vandaag nog en mis de lancering niet

Download het op Google Play

Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds