Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Autore
Parlaimint na hEorpa
Categoria
Sito del podcast
Ultimo episodio
19 mar 2025
Dove ascoltare?
I podcast nell'app Replaio Radio In arrivoI podcast stanno per arrivare nell'app. Installala ora e scopri per primo un modo tutto nuovo di vivere i podcast
Episodi
Blúiríní Nuachta – 27/05/2024 – Gaeilge 27.05.2024 1:37
Sracfhéachaint: níl fágtha ach deich lá go dtí na Toghcháin Eorpacha; an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh agus an Lá Idirnáisiúnta um Shláinte na mBan.
Blúiríní Nuachta – 24/05/2024 – Gaeilge 24.05.2024 1:52
Sracfhéachaint: an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh; níos lú ná coicís fágtha go dtí na Toghcháin Eorpacha agus an Lá Idirnáisiúnta um Shláinte na mBan.
Blúiríní Nuachta – 23/05/2024 – Gaeilge 23.05.2024 1:59
Sracfhéachaint: níl fágtha ach coicís go dtí na Toghcháin Eorpacha; an físeán faisnéise ‘Úsáid Do Vóta’ agus an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch.
Blúiríní Nuachta – 22/05/2024 – Gaeilge 22.05.2024 1:35
Sracfhéachaint: beidh an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin ar siúl amárach; níl fágtha ach coicís go dtí na Toghcháin Eorpacha.
Blúiríní Nuachta – 21/05/2024 – Gaeilge 21.05.2024 1:48
Sracfhéachaint: an díospóireacht idir na hiarrthóirí tosaigh d’Uachtaránacht an Choimisiúin; cuirfear tús leis na toghcháin Eorpacha faoi cheann coicíse; agus Lá Domhanda na hIlchineálachta Cultúrtha ar son Comhphlé agus Forbartha.
Blúiríní Nuachta – 17/05/2024 – Gaeilge 17.05.2024 1:36
Sracfhéachaint: tá alltacht mhór ar cheannairí an Aontais mar gheall ar an ionsaí ar Phríomh-Aire na Slóvaice Robert Fico; tarlóidh na toghcháin Eorpacha i níos lú ná trí seachtaine agus tá Comórtas na Mac Léinn do Lá an Ilteangachais ar siúl arís.
Blúiríní Nuachta – 16/05/2024 – Gaeilge 16.05.2024 1:44
Sracfhéachaint: beidh na toghcháin Eorpacha ag tarlú i gceann trí seachtaine; táthar ag ullmhú don díospóireacht idir na príomh-iarrthóirí atá ag seasamh d’Uachtaránacht an Choimisiúin agus tugann an tUachtarán Metsola eochairóráid ag Aerfort Náisiúnta na Bruiséile.
Blúiríní Nuachta – 15/05/2024 – Gaeilge 15.05.2024 1:47
Sracfhéachaint: beidh na toghcháin Eorpacha ag tarlú i gceann trí seachtaine; táthar ag ullmhú don díospóireacht idir na príomh-iarrthóirí atá ag seasamh d’Uachtaránacht an Choimisiúin agus tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman fós ar oscailt.
Blúiríní Nuachta – 14/05/2024 – Gaeilge 14.05.2024 2:19
Sracfhéachaint: cuairt an Uachtaráin Metsola ar Chív; tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman ar oscailt anois agus an comórtas ‘Mission Possible Together’.
Blúiríní Nuachta – 13/05/2024 – Gaeilge 13.05.2024 2:04
Sracfhéachaint: tá Duais Eorpach Charlemagne don Óige 2024 buaite ag ‘Sisterhood Pathways’ ón Liotuáin; tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman ar oscailt anois agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Blúiríní Nuachta – 08/05/2024 – Gaeilge 08.05.2024 1:52
Sracfhéachaint: tá séadchomharthaí ar fud an Aontais á soilsiú roimh na toghcháin Eorpacha; Lá na hEorpa i Lucsamburg agus litir intinne sínithe i Málta ag Uachtarán PE, Roberta Metsola, agus ceannaire an fhreasúra sa Bhealarúis, Sviatlana Tsikhanouskaya.
Blúiríní Nuachta – 07/05/2024 – Gaeilge 07.05.2024 1:40
Sracfhéachaint: ar Lá na hEorpa, úsáidfear soilse chun dath gorm a chur ar fhoirgnimh thábhachtacha ar fud an Aontais; níl ach mí fágtha go dtí na toghcháin Eorpacha agus Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht.
Blúiríní Nuachta – 06/05/2024 – Gaeilge 06.05.2024 1:35
Sracfhéachaint: tá ceiliúradh Lá na hEorpa fós ar siúl; Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2024 agus searmanas bronnta Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige 2024.
Blúiríní Nuachta – 03/05/2024 – Gaeilge 03.05.2024 1:37
Sracfhéachaint: comóradh 74 bliain ó dhearbhú Schuman; Ceiliúradh Lá na hEorpa i ngach foirgneamh de chuid an Aontais sa Bhruiséil agus an suirbhé ar líne ‘Daonlathas agus Tusa’.
Blúiríní Nuachta – 02/05/2024 – Gaeilge 02.05.2024 1:54
Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar an méadú is mó san Aontas; tá toghchán na hEorpa ag druidim linn agus Lá na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 30/04/2024 – Gaeilge 30.04.2024 1:37
Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar an méadú is mó ar an Aontas; thug an tUachtarán Metsola cuairt ar Mhálta agus Lá na hEorpa.
Blúiríní Nuachta – 29/04/2024 – Gaeilge 29.04.2024 1:55
Sracfhéachaint: na chéad rialacha riamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac; Cárta Míchumais an Aontais agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus dlí nua chun cáilíocht an aeir a fheabhsú.
Blúiríní Nuachta – 26/04/2024 – Gaeilge 26.04.2024 2:05
Sracfhéachaint: an ‘Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta’; formheas tugtha don athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus Comhlacht um Chaighdeáin Eiticiúla d’institiúidí uile an Aontais.
Blúiríní Nuachta – 25/04/2024 – Gaeilge 25.04.2024 2:52
Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004; an staid sa Mheánoirthear agus síneadh ar bhearta léirscaoilte trádála sealadacha don Úcráin.
Blúiríní Nuachta – 24/04/2024 – Gaeilge 24.04.2024 3:00
Sracfhéachaint: osclaíonn an tUachtarán Metsola an suí iomlánach deireanach roimh na toghcháin Eorpacha; an díospóireacht ar iomaíochas na hEorpa agus an ‘ceart chun deisiúcháin’ do thomhaltóirí.
Blúiríní Nuachta – 23/04/2024 – Gaeilge 23.04.2024 1:57
Sracfhéachaint: tá suí iomlánach deireanach an téarma reachtaigh seo ar siúl in Strasbourg. Déanfaidh an Pharlaimint comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004, tá na Feisirí le gealltanas nua a thabhairt i leith mórthionscadail iompair thras-Eorpacha a chríochnú agus beidh vóta ann ar rialacha nua chun pacáistíocht a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil.
Blúiríní Nuachta – 22/04/2024 – Gaeilge 22.04.2024 2:07
Sracfhéachaint: tá suí iomlánach deireanach na Parlaiminte sa téarma reachtach seo ag tosú inniu in Strasbourg. Beidh na nithe seo a leanas ar an gclár oibre: plé ar a bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear; an vóta ar chosc a chur ar dhíol earraí a dhéantar le saothar éigeantais agus an vóta ar dhul i ngleic le caillteanas millíní plaisteacha agus é a chosc.
Blúiríní Nuachta – 19/04/2024 – Gaeilge 19.04.2024 1:55
Sracfhéachaint: suí iomlánach deireanach PE sa naoú téarma reachtach; óráid an Uachtaráin Metsola ag an gcruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach agus oscailt na tréimhse iarratais do chlár DiscoverEU
Blúiríní Nuachta – 18/04/2024 – Gaeilge 18.04.2024 2:30
Sracfhéachaint: an suirbhé Eorabharaiméadair deireanach ón bParlaimint roimh na toghcháin Eorpacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh; tá Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa, LUX 2024, buaite ag ‘The Teachers’ Lounge’, leis an stiúrthóir Gearmánach Ilker Çatak agus cuairt an Uachtaráin Metsola ar an bPortaingéil.
Blúiríní Nuachta – 17/04/2024 – Gaeilge 17.04.2024 2:12
Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile, an suí deireanach sa téarma reachtach seo; a bhfuil bainte amach ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus Seachtain Eorpach na hÓige.
Podcast simili
Replaio non è un editore di podcast; i nomi dei programmi, le copertine e l'audio appartengono ai rispettivi autori e vengono distribuiti tramite feed RSS pubblici