Parlaimint na hEorpa
Blúiríní Nuachta
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .
Autore
Parlaimint na hEorpa
Categoria
Sito del podcast
Ultimo episodio
19 mar 2025
Dove ascoltare?
I podcast nell'app Replaio Radio In arrivoI podcast stanno per arrivare nell'app. Installala ora e scopri per primo un modo tutto nuovo di vivere i podcast
Episodi
Blúiríní Nuachta – 08/01/2025 – Gaeilge 08.01.2025 1:43
Sracfhéachaint: Tugann na Feisirí cuairt ar an India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; beartais chánach agus comhionannas inscne faoi ghrinnscrúdú; forfheidhmiú dhlíthe an Aontais a fheabhsú ar mhaithe le saoránaigh.
Blúiríní Nuachta – 07/01/2025 – Gaeilge 07.01.2025 1:46
Sracfhéachaint: ghlac an Pholainn Uachtaránacht Chomhairle an Aontais; Feisirí Eorpacha san India chun naisc dhigiteacha agus tomhaltóirí a threisiú; molann an Pharlaimint ceannaireacht ar chearta na mban.
Blúiríní Nuachta – 20/12/2024 – Gaeilge 20.12.2024 1:57
Sracfhéachaint: an tUachtarán Metsola ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar; coistí nua bunaithe ag an bParlaimint a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht; ón gcéad lá de mhí Eanáir, tógfaidh an Pholainn ceannas ar Uachtaránacht na Comhairle.
Blúiríní Nuachta – 19/12/2024 – Gaeilge 19.12.2024 2:35
Sracfhéachaint: rabhadh ó Uachtarán na Seoirse Salomé Zourabichvili faoi na contúirtí d’AE má thiteann an tSeoirse faoi thionchar na Rúise; dlíthe nua glactha ag an bParlaimint chun dlús a chur le maoiniú an Aontais do théarnamh tar éis tubaiste; Teresa Anjinho ón bPortaingéil tofa mar an tOmbudsman Eorpach ag na Feisirí.
Blúiríní Nuachta – 18/12/2024 – Gaeilge 18.12.2024 4:08
Sracfhéachaint: tiocfaidh an Rómáin agus an Bhulgáir isteach i limistéar saorghluaiseachta Schengen an 1 Eanáir 2025; an tionchar geopholaitiúil a bheidh ag díbirt an Uachtaráin Assad as an tSiria; Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta bronnta ag Parlaimint na hEorpa ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia as Veiniséala.
Blúiríní Nuachta – 17/12/2024 – Gaeilge 17.12.2024 2:03
Sracfhéachaint: in Strasbourg amárach, leagfaidh na Feisirí amach na tosaíochtaí atá acu don chéad chruinniú mullaigh eile, a dhíreoidh ar na coimhlintí san Úcráin agus sa Mheán Oirthear; pléifidh siad an chómhargáil agus cleachtais éagóracha maidir le fochonraitheoireacht; bunóidh an Pharlaimint coistí nua a bheidh ag plé le cosaint, sláinte, daonlathas agus tithíocht.
Blúiríní Nuachta – 16/12/2024 – Gaeilge 16.12.2024 1:49
Sracfhéachaint: Duais Sakharov le bronnadh ar cheannairí daonlathacha as Veiniséala; Feisirí chun díbirt Assad as an tSiria a phlé; an Pharlaimint chun an chéad Ombudsman Eorpach eile a thoghadh.
Blúiríní Nuachta – 13/12/2024 – Gaeilge 13.12.2024 1:51
Sracfhéachaint: Críochnaíonn an tSeachtain um Chomhionannas Inscne le fócas digiteach; leagtar béim in Innéacs Comhionannais Inscne 2024 ar dhul chun cinn mall ar fud an Aontais; pléann na Feisirí todhchaí bheartas comhtháthaithe an Aontais tar éis 2027.
Blúiríní Nuachta – 12/12/2024 – Gaeilge 12.12.2024 1:25
Sracfhéachaint: An tseachtain seo, tá na Feisirí ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile; in Strasbourg, bronnfaidh an Pharlaimint Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia; pléifidh na Feisirí mífhaisnéis agus bréagaisnéis ar na meáin shóisialta agus vótálfaidh siad ar chúnamh AE do Bhallstáit a dtéann tubaistí nádúrtha i bhfeidhm orthu...
Blúiríní Nuachta – 11/12/2024 – Gaeilge 11.12.2024 1:26
Sracfhéachaint: tabharfaidh an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta aghaidh ar ‘urlár greamaitheach’ i margadh an tsaothair; an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas chun inscne agus sláinte a phlé leis na Feisirí; reáchtálfaidh an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe plé faoi chomhionannas inscne san fheirmeoireacht.
Blúiríní Nuachta – 10/12/2024 – Gaeilge 10.12.2024 1:36
Sracfhéachaint: Díríonn Parlaimint na hEorpa aird ar shábháilteacht na mban i spásanna digiteacha le linn na Seachtaine Eorpaí um Chomhionannas Inscne; déanann an Fochoiste um Chearta an Duine Lá Chosantóirí Chearta an Duine a chomóradh le comhdháil ardleibhéil; agus Uachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola, chun bualadh le hUachtarán Phoblacht na Moldóive, Maia Sandu.
Blúiríní Nuachta – 09/12/2024 – Gaeilge 09.12.2024 1:50
Sracfhéachaint: tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoiste um Rialú Buiséadach ar an tSaoráid Athchóirithe don Mholdóiv; an tSeachtain Eorpach um Chomhionannas Inscne, príomhshruthú inscne agus an bhearna phá idir na hinscní.
Blúiríní Nuachta – 06/12/2024 – Gaeilge 06.12.2024 1:32
Sracfhéachaint: Tá éisteacht á reáchtáil ag an gCoiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint le hArdionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha, Kaja Kallas, faoi chaiteachas taidhleoireachta; éisteacht deiridh maidir leis an athbhreithniú ar an mbuiséad le reáchtáil leis an gCoimisinéir Serafin; tagann an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas chun críche i bParlaimint na hEorpa agus éilíonn an Pharlaimi...
Blúiríní Nuachta – 05/12/2024 – Gaeilge 05.12.2024 1:54
Sracfhéachaint: Cuireadh moill ar dhlí dífhoraoisithe AE go dtí deireadh 2025; díríonn na Feisirí aird ar na céimeanna ar gcúl ar fud an domhain maidir le cearta na mban; agus scrúdaíonn an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta seirbhísí airgeadais do mhná.
Blúiríní Nuachta – 04/12/2024 – Gaeilge 04.12.2024 1:47
Sracfhéachaint: Téann Ceannairí an Aontais go Vársá chun Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais a ullmhú; buailfidh an Fochoiste um Shlándáil agus Cosaint le céad-Choimisinéir Cosanta an Aontais agus suirbhé suaithinseach ón Aontas ar fhoréigean in aghaidh na mban.
Blúiríní Nuachta – 03/12/2024 – Gaeilge 03.12.2024 1:42
Sracfhéachaint: Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Christine Lagarde, chun a dara hidirphlé airgeadaíochta den 10ú téarma reachtach a reáchtáil; na Feisirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar chearta leanaí ar chomóradh 35 bliain an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh; agus an Coiste Forbartha chun neamhshlándáil bia a phlé le saineolaithe.
Blúiríní Nuachta – 02/12/2024 – Gaeilge 02.12.2024 1:58
Sracfhéachaint: Tionólfaidh an Pharlaimint an chéad Idirphlé faoi Shaoráid na hÚcráine ar chlár tacaíochta 50 billiún euro de chuid an Aontais; ról bheartas trádála an Aontais maidir le spleáchais a laghdú agus borradh a chur faoin inbhuanaitheacht; agus an tSeachtain um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
Blúiríní Nuachta – 29/11/2024 – Gaeilge 29.11.2024 2:23
Sracfhéachaint: Lamháil an Pharlaimint breis is EUR 116 milliún i gcabhair d’athshlánú tuilte sa Ghearmáin agus san Iodáil agus d’iarr sí go ndéanfaí ciste dlúthpháirtíochta méadaithe; Éilíonn na Feisirí cuntasacht as neamhrialtachtaí i dtoghcháin chonspóideacha sa tSeoirsia; Pléann na Feisirí agus an Coimisiún cearta leanaí a neartú ar chomóradh 35 bliain de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.
Blúiríní Nuachta – 28/11/2024 – Gaeilge 28.11.2024 2:09
Sracfhéachaint: lamháil Parlaimint na hEorpa Coláiste na gCoimisinéirí; Vótáil na Feisirí ar son bhuiséad AE 2025 agus phléigh siad an spriocdhíriú ar bhonneagar ríthábhachtach Mhuir Bhailt.
Blúiríní Nuachta – 27/11/2024 – Gaeilge 27.11.2024 3:31
Sracfhéachaint: Iarann an tUachtarán Metsola go ndéanfadh an Aontas gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an fhoréigin ar mhná; athdhearbhaíonn Parlaimint na hEorpa tacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin le linn ionsaí leanúnach na Rúise; pléifidh na Feisirí neartú chearta an linbh tráth chomóradh 35 bliana Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe.
Blúiríní Nuachta – 26/11/2024 – Gaeilge 26.11.2024 1:47
Sracfhéachaint: an Pharlaimint le vótáil ar an gCoimisiún Eorpach nua amárach; Vótálfaidh na Feisirí ar bhuiséad AE 2025 agus pléifidh siad torthaí chomhdháil aeráide COP29
Blúiríní Nuachta – 25/11/2024 – Gaeilge 25.11.2024 2:06
Sracfhéachaint: tá tús á chur le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg inniu. Pléifear an ghéarchéim sa Mheánoirthear; tá na Feisirí leis an tsabaitéireacht ar bhonneagar Mhuir Bhailt a phlé, mar aon le hiarrachtaí chun dul i ngleic le foréigean i gcoinne na mban.
Blúiríní Nuachta – 22/11/2024 – Gaeilge 22.11.2024 1:36
Sracfhéachaint: cuirfear tús le suí iomlánach nua de Pharlaimint na hEorpa an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; tá Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola i Málta inniu.
Blúiríní Nuachta – 21/11/2024 – Gaeilge 21.11.2024 1:38
Sracfhéachaint: Tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg; Is í an tseachtain seo an tSeachtain Eorpach faoi choinne Laghdú Dramhaíola.
Blúiríní Nuachta – 20/11/2024 – Gaeilge 20.11.2024 2:56
Sracfhéachaint: rinne Parlaimint na hEorpa 1,000 lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomóradh; tá na Feisirí ag ullmhú don chéad seisiún iomlánach eile a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn in Strasbourg.
Podcast simili
Replaio non è un editore di podcast; i nomi dei programmi, le copertine e l'audio appartengono ai rispettivi autori e vengono distribuiti tramite feed RSS pubblici