fr

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Adhmhaidin

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

N'hésitez pas à visiter le site du podcast et à soutenir son créateur : www.rte.ie

Auteur

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Catégorie

News

Site du podcast

www.rte.ie

Dernier épisode

23 oct. 2026

Où écouter ?

Les podcasts dans l'appli Replaio Radio Bientôt disponible

Les podcasts arrivent très bientôt dans l'appli. Installe-la dès maintenant et découvre en avant-première une toute nouvelle façon de vivre les podcasts

Télécharger sur Google Play Installe-la gratuitement Android près de 10 M de téléchargements · note de 4,8 iOS bientôt

Épisodes

Príomhscéalta an Iarthair. 07.07.2026

Ríona Ní Mhainín.

Príomhscéalta an Tuaiscirt. 07.07.2026

Damien Ó Dónaill.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta. 07.07.2026

Marion Ní Shúilleabháin.

Adhmhaidin. 07.07.2026

Clár Iomlán.

Caitríona Nic Seoin, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. 03.07.2026

An Ghaeilge ag teacht chun cinn níos mó ag cruinnuithe an bhoird.

Cathy Ní Ghoill.,Comharchumann Forbartha Árann. 03.07.2026

Cruinniú a bhí ag an gcomharchumann inné le Aer Árann faoi athruithe atá le déanamh ar an bpróiseas áirithintí.

Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Roinn an Léinn Rúisigh & Slavaigh, Coláiste na Tríonóide. 03.07.2026

Tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla sa Rúis agus in oirthear na hEorpa - cá seasann an chogaíocht anois.

Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa nGaeltacht. 03.07.2026

Deir Comhordaitheoir na dTithe Folmha sa Ghaeltacht go ndéanfadh sé an leas do phobal na nDeise dá gcuirfí fiú 10% de na tithe folmha atá sa limistear ar ais in úsáid do chainteoirí dúchais Gaeilge.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste. 03.07.2026

Tá sé dá thuairisciú ó thuaidh go bhfuil roinnt dul chun cinn dá dhéanamh sna cainteanna chun buiséad a aontú don Fheidhmeannas i Stormont.

Liam Tunney, iriseoir, Belfast Telegraph. 03.07.2026

Tá an Coiste Cróinéara a bunaíodh le fáil amach cen tsiocair báis a bhí ag Noah Donohoe i mBéal Feirste curtha ar athló, i ndiaidh dóibh 25 uair a chloig a chaitheamh i mbun macnaimh.

Dr Leo Kilroy, Attaché Oideachais na hÉireann, An Bhruiséil. 03.07.2026

Inniu sa mBruiséil reáchtáilfear cruinniú de Choiste Oideachais Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus tá an cruinniú uilig le tionól trí mheán na Gaeilge.

Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta  03.07.2026

Deir an Taoiseach Micheál Martin go n-oibreodh an rialtas anseo i gcomhar leis an Aontas Eorpach le polasaí comónta a dhréachtadh faoi Aughinish agus na tuairiscí go bhfuil an alumina atá dá tháirgiú i Luimneach dá úsáid ag an Rúis ina gcogadh leis an Úcráin.

An Tuairisc Spóirt. 03.07.2026

Mac Dara Mac Donncha.   

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta. 03.07.2026

Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Príomhscéalta an Iarthair. 03.07.2026

Fódhla Ní Bhraonáin.

Príomhscéalta an Tuaiscirt. 03.07.2026

Caoimhe Ní Chonchoille.

Príomhscéalta an Deiscirt. 03.07.2026

Conn Ó Muineacháin.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta. 03.07.2026

Máire de Bhailís.

Adhmhaidin. 03.07.2026

Clár Iomlán.

Pat the Cope Ó Gallchóir TD : Mír an Tuaiscirt. 02.07.2026

Tá súil ag an TD, a chaith 8 mbliana mar Fheisire Eorpach go mbainfidh an tír tairbhe as an uachtaránacht.

Éamon Ó Cuív : Mír an Iarthair. 02.07.2026

Feictear don iar-Aire Gaeltachta go bhfuil easnaimh go leor sa dréacht threoirlínte pleanála tuaithe agus Gaeltachta atá foilsithe ag an rialtas, de bharr a deir sé nach bhfuil aon soláthar dearfach ann don Ghaeltacht.

Julian De Spáinn : Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge. 02.07.2026

Is buille do na ceantracha Gaeltachta an méid atá molta sa dréacht ráiteas náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh an tseachtain seo a deir Conradh na Gaeilge.

Pa Daly TD de chuid Shinn Féin agus dlíodóir. 02.07.2026

Tá dlíodóirí ar fud na tíre a ghlacann páirt sa Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil ag diúltú oibriú i gcúirteanna dúiche mar gheall ar mhíshásamh leis an gcóras nua cúitimh atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas.

Pat Ó Súilleabháin : Mír an Deiscirt. 02.07.2026

Tabharfaidh na mílte rothaithe ó cheann ceann na tíre faoi Mhórchuaird Rothaíochta Chiarraí ar an Satharn agus cuid mhaith acu ag bailiú airgid do charthanais éagsúla.

Pól Mac Suibhne : Ard Rúnaí Cúnta Cheardchumann Fórsa. 02.07.2026

An tseachtain seo tháinig deireadh leis an gComhaontú Náisiúnta Pá reatha. Ag an bpointe seo ní léir mórán dóchais ag an rialtas ná ag na ceardchumainn go dtiocfar ar leagan nua. Deir Pól nach féidir aighnis thionslaíoch a chur as an áireamh mura bhfaigheann siad aird ar a gcuid éilimh.

Écoute le podcast Adhmhaidin sur Replaio

La radio et les podcasts dans une seule appli - gratuite, sans inscription. Installe-la dès aujourd'hui et ne rate pas le lancement

Télécharger sur Google Play

Replaio n'est pas éditeur de podcasts ; les noms des émissions, les visuels et l'audio appartiennent à leurs auteurs et sont diffusés via des flux RSS publics