Parlaimint na hEorpa

Blúiríní Nuachta

News GA ↓ Επεισόδια: 250

Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine. Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa .

Δημιουργός

Parlaimint na hEorpa

Κατηγορία

News

Ιστοσελίδα του podcast

octopus.saooti.com

Τελευταίο επεισόδιο

19 Μαρ 2025

Πού να ακούσεις;

Podcast στην εφαρμογή Replaio Radio Έρχεται σύντομα

Τα podcast έρχονται σύντομα στην εφαρμογή. Εγκατάστησέ την τώρα και δες πρώτος μια εντελώς νέα προσέγγιση στα podcast

Κατέβασέ το από το Google Play Δωρεάν εγκατάσταση Android σχεδόν 10 εκατ. λήψεις · βαθμολογία 4,8 iOS σύντομα

Επεισόδια

Blúiríní Nuachta – 27/05/2024 – Gaeilge 27.05.2024

Sracfhéachaint: níl fágtha ach deich lá go dtí na Toghcháin Eorpacha; an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh agus an Lá Idirnáisiúnta um Shláinte na mBan.

Blúiríní Nuachta – 24/05/2024 – Gaeilge 24.05.2024

Sracfhéachaint: an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh; níos lú ná coicís fágtha go dtí na Toghcháin Eorpacha agus an Lá Idirnáisiúnta um Shláinte na mBan.

Blúiríní Nuachta – 23/05/2024 – Gaeilge 23.05.2024

Sracfhéachaint: níl fágtha ach coicís go dtí na Toghcháin Eorpacha; an físeán faisnéise ‘Úsáid Do Vóta’ agus an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Blúiríní Nuachta – 22/05/2024 – Gaeilge 22.05.2024

Sracfhéachaint: beidh an díospóireacht idir na príomhiarrthóirí ar Uachtaránacht an Choimisiúin ar siúl amárach; níl fágtha ach coicís go dtí na Toghcháin Eorpacha.

Blúiríní Nuachta – 21/05/2024 – Gaeilge 21.05.2024

Sracfhéachaint: an díospóireacht idir na hiarrthóirí tosaigh d’Uachtaránacht an Choimisiúin; cuirfear tús leis na toghcháin Eorpacha faoi cheann coicíse; agus Lá Domhanda na hIlchineálachta Cultúrtha ar son Comhphlé agus Forbartha.

Blúiríní Nuachta – 17/05/2024 – Gaeilge 17.05.2024

Sracfhéachaint: tá alltacht mhór ar cheannairí an Aontais mar gheall ar an ionsaí ar Phríomh-Aire na Slóvaice Robert Fico; tarlóidh na toghcháin Eorpacha i níos lú ná trí seachtaine agus tá Comórtas na Mac Léinn do Lá an Ilteangachais ar siúl arís.

Blúiríní Nuachta – 16/05/2024 – Gaeilge 16.05.2024

Sracfhéachaint: beidh na toghcháin Eorpacha ag tarlú i gceann trí seachtaine; táthar ag ullmhú don díospóireacht idir na príomh-iarrthóirí atá ag seasamh d’Uachtaránacht an Choimisiúin agus tugann an tUachtarán Metsola eochairóráid ag Aerfort Náisiúnta na Bruiséile.

Blúiríní Nuachta – 15/05/2024 – Gaeilge 15.05.2024

Sracfhéachaint: beidh na toghcháin Eorpacha ag tarlú i gceann trí seachtaine; táthar ag ullmhú don díospóireacht idir na príomh-iarrthóirí atá ag seasamh d’Uachtaránacht an Choimisiúin agus tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman fós ar oscailt.

Blúiríní Nuachta – 14/05/2024 – Gaeilge 14.05.2024

Sracfhéachaint: cuairt an Uachtaráin Metsola ar Chív; tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman ar oscailt anois agus an comórtas ‘Mission Possible Together’.

Blúiríní Nuachta – 13/05/2024 – Gaeilge 13.05.2024

Sracfhéachaint: tá Duais Eorpach Charlemagne don Óige 2024 buaite ag ‘Sisterhood Pathways’ ón Liotuáin; tá an tréimhse iarratais do shealanna oiliúna Schuman ar oscailt anois agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Blúiríní Nuachta – 08/05/2024 – Gaeilge 08.05.2024

Sracfhéachaint: tá séadchomharthaí ar fud an Aontais á soilsiú roimh na toghcháin Eorpacha; Lá na hEorpa i Lucsamburg agus litir intinne sínithe i Málta ag Uachtarán PE, Roberta Metsola, agus ceannaire an fhreasúra sa Bhealarúis, Sviatlana Tsikhanouskaya.

Blúiríní Nuachta – 07/05/2024 – Gaeilge 07.05.2024

Sracfhéachaint: ar Lá na hEorpa, úsáidfear soilse chun dath gorm a chur ar fhoirgnimh thábhachtacha ar fud an Aontais; níl ach mí fágtha go dtí na toghcháin Eorpacha agus Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht.

Blúiríní Nuachta – 06/05/2024 – Gaeilge 06.05.2024

Sracfhéachaint: tá ceiliúradh Lá na hEorpa fós ar siúl; Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2024 agus searmanas bronnta Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige 2024.

Blúiríní Nuachta – 03/05/2024 – Gaeilge 03.05.2024

Sracfhéachaint: comóradh 74 bliain ó dhearbhú Schuman; Ceiliúradh Lá na hEorpa i ngach foirgneamh de chuid an Aontais sa Bhruiséil agus an suirbhé ar líne ‘Daonlathas agus Tusa’.

Blúiríní Nuachta – 02/05/2024 – Gaeilge 02.05.2024

Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar an méadú is mó san Aontas; tá toghchán na hEorpa ag druidim linn agus Lá na hEorpa.

Blúiríní Nuachta – 30/04/2024 – Gaeilge 30.04.2024

Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar an méadú is mó ar an Aontas; thug an tUachtarán Metsola cuairt ar Mhálta agus Lá na hEorpa.

Blúiríní Nuachta – 29/04/2024 – Gaeilge 29.04.2024

Sracfhéachaint: na chéad rialacha riamh de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac; Cárta Míchumais an Aontais agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas agus dlí nua chun cáilíocht an aeir a fheabhsú.

Blúiríní Nuachta – 26/04/2024 – Gaeilge 26.04.2024

Sracfhéachaint: an ‘Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta’; formheas tugtha don athbhreithniú ar an gComhbheartas Talmhaíochta agus Comhlacht um Chaighdeáin Eiticiúla d’institiúidí uile an Aontais.

Blúiríní Nuachta – 25/04/2024 – Gaeilge 25.04.2024

Sracfhéachaint: comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004; an staid sa Mheánoirthear agus síneadh ar bhearta léirscaoilte trádála sealadacha don Úcráin.

Blúiríní Nuachta – 24/04/2024 – Gaeilge 24.04.2024

Sracfhéachaint: osclaíonn an tUachtarán Metsola an suí iomlánach deireanach roimh na toghcháin Eorpacha; an díospóireacht ar iomaíochas na hEorpa agus an ‘ceart chun deisiúcháin’ do thomhaltóirí.

Blúiríní Nuachta – 23/04/2024 – Gaeilge 23.04.2024

Sracfhéachaint: tá suí iomlánach deireanach an téarma reachtaigh seo ar siúl in Strasbourg. Déanfaidh an Pharlaimint comóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004, tá na Feisirí le gealltanas nua a thabhairt i leith mórthionscadail iompair thras-Eorpacha a chríochnú agus beidh vóta ann ar rialacha nua chun pacáistíocht a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil.

Blúiríní Nuachta – 22/04/2024 – Gaeilge 22.04.2024

Sracfhéachaint: tá suí iomlánach deireanach na Parlaiminte sa téarma reachtach seo ag tosú inniu in Strasbourg. Beidh na nithe seo a leanas ar an gclár oibre: plé ar a bhfuil ag tarlú sa Mheánoirthear; an vóta ar chosc a chur ar dhíol earraí a dhéantar le saothar éigeantais agus an vóta ar dhul i ngleic le caillteanas millíní plaisteacha agus é a chosc.

Blúiríní Nuachta – 19/04/2024 – Gaeilge 19.04.2024

Sracfhéachaint: suí iomlánach deireanach PE sa naoú téarma reachtach; óráid an Uachtaráin Metsola ag an gcruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach agus oscailt na tréimhse iarratais do chlár DiscoverEU

Blúiríní Nuachta – 18/04/2024 – Gaeilge 18.04.2024

Sracfhéachaint: an suirbhé Eorabharaiméadair deireanach ón bParlaimint roimh na toghcháin Eorpacha a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh; tá Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa, LUX 2024, buaite ag ‘The Teachers’ Lounge’, leis an stiúrthóir Gearmánach Ilker Çatak agus cuairt an Uachtaráin Metsola ar an bPortaingéil.

Blúiríní Nuachta – 17/04/2024 – Gaeilge 17.04.2024

Sracfhéachaint: tá grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ag ullmhú don chéad suí iomlánach eile, an suí deireanach sa téarma reachtach seo; a bhfuil bainte amach ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus Seachtain Eorpach na hÓige.

Άκου το podcast Blúiríní Nuachta στο Replaio

Ραδιόφωνο και podcast σε μία εφαρμογή - δωρεάν, χωρίς εγγραφή. Εγκατάστησέ την σήμερα και μη χάσεις την πρεμιέρα

Κατέβασέ το από το Google Play

Το Replaio δεν είναι εκδότης podcast - τα ονόματα των εκπομπών, τα εξώφυλλα και ο ήχος ανήκουν στους δημιουργούς τους και διανέμονται μέσω δημόσιων ροών RSS