Tuairisc
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: podcasters.spotify.com
Wo hören?
Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbarPodcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts
Folgen
Pápa an phobail agus Teach an Phobail 24.04.2025 46:08
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Frainc Mac Brádaigh, Micheál Mac Craith, Áine Ní Bhreisleáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar oidhreacht an Phápa Proinsias, ar an dán Gaeilge is mó a thaitneodh leis agus ar cad atá i ndán don eaglais Chaitliceach ina dhiaidh. Pléitear chomh maith an drochscéal faoi loisceadh Theach an Phobail i nGaoth Dobhai...
Oidhreacht Alan Esslemont agus todhchaí TG4; an Ghaeilge sna meáin Bhéarla; ag tarraingt anála 17.04.2025 50:50
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Norita Ní Chartúir, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar ré Alan Esslemont mar cheannaire ar TG4 agus ar a bhfuil i ndán don stáisiún, ar fhás na bhforlíonta Gaeilge sna nuachtáin Bhéarla agus an tábhacht a bhaineann le d’anáil a tharraingt. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairi...
An bhfuil plean ann don phleanáil teanga sa Ghaeltacht? 10.04.2025 1:02:55
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéaldéanann Bridget Bhreathnach, Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga an iarthuaiscirt, Maitiú Ó Coimín agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chóras na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Déanann Dónall cur síos macánta dúinn ar na dúshláin a bhaineann le hobair an oifigigh pleanála teanga agus ar an bhfrustrachas agus éiginnteacht a bhaineann l...
Ar cheart do mhuintir na Gaeltachta a bheith níos tuisceanaí le foghlaimeoirí? 04.04.2025 44:01
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann Bridget Bhreathnach, Áine Ní Bhreisleáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt plé ar an turasóireacht teanga, míshonas an DUP is an Ghaeilge, taraifí Trump agus oidhreacht Mhick O’Dwyer. Podchraoladh é ‘An Pod Gaeilge’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gae...
Bíonn na céadta leathanach Shakespeare ag an dalta Gaeltachta sa Bhéarla agus gan acu ach ‘Cáca Milis’ sa Ghaeilge 27.03.2025 56:42
San eagrán is déanaí de‘Tuairisc ó Bhéal’, tá Eimear Nic Dhonnchadha dalta Ardteiste Gaeltachta, ibhfochair Bhridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí le plé a dhéanamh ar an éagóir a dhéantar sa chóras oideachais ar an gcainteoir dúchais Gaeilge, ar éagsúlacht litríocht na Gaeltachta agus ar an raic is déanaí sa Dáil. Podchraoladh é seo sa tsraith Tuairisc ó Bhéal ó she...
Céard is ‘Irish Literature’ ann gan litríocht na Gaeilge? 20.03.2025 49:05
Déanann Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Dónall Ó Braonáin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar liosta an Irish Times den chéad leabhar ‘Éireannach’ is fearr le 25 bliain anuas, ar an gcaoi a mbrúitear litríocht na Gaeilge go dtí an t-imeall agus ar na dúshláin a bhaineann le léirmheastóireacht na Gaeilge. Podchraoladh de chuidTuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
An bhfuil aon mhaith a bheith ag eascainí faoi dhíospóireacht ‘Upfront’ RTÉ faoin nGaeilge? 13.03.2025 36:22
San eagrán is déanaí de ‘Tuairisc ó Bhéal’, déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chuairt an Taoisigh ar an Teach Bán ar Díospóireacht mhór bhliantúil RTÉ faoin nGaeilge agus ar an maitheas a bhaineann le bheith ag eascainí… Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Imní san Eoraip, Seachtain na Gaeilge sa Dáil, 'Páidí' ag dul ó neart go neart 06.03.2025 45:21
Déanann Bridget Bhreathnach, Alex Hijmans agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé r chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar Sheachtain na Gaeilge agus ar an tóir atá ar ainmneacha Gaeilge Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
Grúpaí Gaeilge ar stailc, náire na gcluasán ar pholaiteoirí agus cúr leáite na caide 27.02.2025 51:50
Déanann ceathrar sáraitheoirí stailce, Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar chinneadh na n-eagraíochtaí teanga dul ar stailc maidine, ar an doicheall atá ag Teachtaí Dála roimh chluasáin, téarmaíocht nua na peile agus caint dhíreach Donald Trump Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
'An dara podchraoladh, an ceann dúshlánach...’ 20.02.2025 45:30
Déanann Bridget Bhreathnach, Breandán M Mac Gearailt agus Seán Tadhg Ó Gairbhí plé ar na cúrsaí T1 agus T2 atá geallta le fada don Ardteist, ar an bhfáth gurb é an Kimberley an briosca is Gaelaí agus ar thábhacht na leabhar go léir a théann gan léamh. Podchraoladh de chuid Tuairisc, seirbhís nuachta na Gaeilge ar líne, é Tuairisc ó Bhéal.
An Ghaeilge ar ‘untruth’, aistear teanga Joe, an ‘Kneecap effect’ agus conas ‘Inis Oírr’ a rá… 13.02.2025 37:22
Seo chugaibh ‘Tuairisc ó Bhéal’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge. I mbun comhrá sa chéad eagrán, tá Bridget Bhreathnach, Máire Ní Fhinneadha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí…
Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet