Irish Independent
Seachtain
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Husk at besøge podcastens hjemmeside og støtte skaberen: www.independent.ie
Forfatter
Irish Independent
Kategori
Podcastens hjemmeside
Seneste episode
7. okt. 2026
Hvor kan du lytte?
Podcasts i appen Replaio Radio Kommer snartPodcasts kommer snart til appen. Installer nu, og vær den første til at se en helt ny tilgang til podcasts
Episoder
Samhain, an saol eile, agus filleadh na marbh 31.10.2024 17:48
Deirtear gurb ar oíche Shamhna is gaire a thagann an dá shaol dá chéile - saol na mbeo agus saol na marbh. Agus de réir an tseanchais, seo an t-aon oíche sa bhliain ina shiúlann iad siúd a d’imigh romhainn inár measc arís. Cén dóigh gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile ársa seo? Ar Seachtain, labhraíonn an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi na nósanna agus na carachtair a...
Kyran Durnin: Cá bhfuil an buachaill óg? 24.10.2024 18:09
Rinneadh tuairisc oifigiúil go raibh Kyran Durnin ar iarraidh ar 30ú Lúnasa, ach creideann na Gardaí go raibh sé ar iarraidh i bhfad roimhe sin. Creideann siad nach maireann Kyran a thuilleadh agus tá fiosrúchán dúnmharaithe tosaithe acu. Tá iarrachtaí ar bun le teacht ar a chorp – cad é mar is féidir le gasúr óg a bheith ar iarraidh gan duine ar bith sin a thabhairt faoi deara? Labhair Ciaran Dun...
Rós na Gaillimhe Deirdre Jennings: Bás a hathar agus tionchar an dúlagair 22.10.2024 17:27
Fuair Deirdre Jennings ardmholadh ina dhiaidh di labhairt amach go hoscailte faoina streachailt lena cuid meabhairshláinte ní ba luaithe na bliana seo. Bhí Deirdre, ar as Gaillimh di, ar dhuine de na 32 Rósanna a chuaigh chun stáitse mar chuid de Fhéile Rós Thrá Lí. Mar chuid de Mhí Dhomhanda na Meabhairshláinte, labhair Róisín Ní Mhaoláin le Rós na Gaillimhe, Deirdre Jennings. Foclóir: Féinmhuiní...
Uinéir Caifé Gaeilge: ‘Tá mé ar buile leis an rialtas!’ 17.10.2024 19:20
D’oscail Diarmuid Ó Mathúna doirse POTA Café i 2021 agus ó shín tá neart aitheantas bainte amach ag an ghnó. Ach deir sé go bhfuil sé ar buile ina dhiaidh Bhuiséad 2024 de bharr an easpa tacaíochta atá ar fáil ón rialtas, in ainneoin na n-arduithe costais a bhaineann leis an earnáil. Labhair Diarmuid le Ciarán Dunbar ar Seachtain le géarchéim na hearnála a phlé. Aistear – [Journey] Aineolach - [Ig...
Seanadóir Niall Ó Donnghaile ainmnithe san 'inappropriate' text message scandal 15.10.2024 13:59
Tá Sinn Féin gnóthach ag iarraidh an scannal is déanaí a láimhseáil. Tá sé admhaithe ag an iar Sheanadóir Niall Ó Donnghaile gur eisean atá taobh thiar de na líomhaintí a bhaineann le téascanna míchuí a sheoladh chuig deagóir. D’éirigh Niall Ó Donnghaile as a ról mar Sheanadóir anuraidh. Labhair Seachtain le Ciarán Dunbar, iriseoir leis an Belfast Telegraph faoin scannal is deanaí seo. See omnystu...
Brian Stanley agus raic eile i Sinn Féin: Cad é atá ag tarlú sa pháirtí? 14.10.2024 19:00
Tá an cuma ar Shinn Féin go bhfuil an páirtí trína chéile. I measc roinnt scannal eile , d'éirigh an TD Brian Stanley as Sinn Féin ag an deireadh seachtain. Bhí fiosrúchán ar bun ag an Pháirtí maidir le líomhaintí a bhí curtha ina leith. Pléann Tessa Fleming an titim amach seo leis an iriseoir Gráinne Ní hAodha agus le Clár Reachtaire Raidió na Life, Conchúr Ó Faoláin. See omnystudio.com/listener...
‘Russian spy’ san Oireachtas agus Óglaigh na hÉireann on the frontlines in Lebanon 10.10.2024 19:54
Tá Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar an Liobáin agus iad ag iarraidh Hezbollah a scriosadh agus tá Hezbollah ag troid ina coinne. I lár na coimhlinte seo, tá scata beag saighdiúirí na hÉireann, cén fáth a bhfuil siad ansin? Tuairiscítear go bhfuil ‘gníomhaire Rúiseach’ ag feidhmiú san Oireachtas – ar cheart go mbeadh imní orainn? Agus tá Sinn Féin ag streachailt agus iad ag iarraidh a mhíniú c...
Heartstopper: An briseadh nó ardú croí iad na haistriúcháin? 07.10.2024 15:50
Tá leagan úr den leabhar sárdhíola, Heartstopper, foilsithe ag Futa Fata, sé seo an chéad leabhar sa tsraith iomráiteach ar ar bunaíodh an seó rathúil ar Netflix. Ní hé Heartstopper an chéad uair go bhfuil leabhar cáiliúil aistrithe do Ghaeilge ach spreagann sé comhrá - céard iad na leabhair Ghaeilge a mholfá do do chairde? Chomh maith leis, cén leabhar ar mhaith leatsa a fheiceáil aistrithe? San...
Páirc na Gaeltachta: Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail? 03.10.2024 19:33
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? See omnys...
Buiséad Bonanza ach céard faoin nGaeltacht? 02.10.2024 27:00
Tá na ceannlínte dearfach den chuid is mó tar éis don Aire Airgeadais is óige ó aimsir Mhichíl Uí Choileáin, Jack Chambers, a chéad Bhuiséad a chur faoi bhráid an Rialtais. Anois agus muid ag breathnú chun tosaigh agus ag faire ar olltoghchán an bhfuil muid in ann mórán a aithint a bheadh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht? San eagrán seo de phodchraoladh Seachtain, tá an t-iriseo...
An UDA agus an UVF ag cur i gcoinne Bhunscoil Gaeilge i mBéal Feirste 26.09.2024 17:36
Tá pleananna ar bun le bunscoil Gaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Tá baint ag an ghníomhaí teanga Linda Ervine le bunú an scoil. Ach, bhuail an Loyalist Communities Council leis an Aire Oideachais Paul Given an tseachtain seo le hiarraidh air stop a chuir leis. Ach cé hiad an LCC agus cén fáth a bhfuil baill ó ghrúpaí paraimíleata mídhleathacha ag buaileadh leis an aire maidir le Gaelscoi...
Exclusive interview: Retiring Ceannasaí TG4 Alan Esslemont - 'ní bheadh suim agam sa Ghaeilge gan Gaeltacht. 26.09.2024 17:15
Tá cuardach ar bun ag TG4 chun Ard-Stiúrthóir a aimsiú anois agus Alan Esslemont ag dul ar scoir san Earrach. Tá sé sa ról ó bhí 2016 ann. Duine de na bainisteoirí a bhunaigh TnaG a bhí ann, an stáisiún a d’athraigh go TG4 i 1999. Labhair sé le Ciarán Dunbar faoina thréimhse féin sa ról, faoi na dúshláin a bheas os comhair an té úr sa ról, agus cad é a bheas ar na bacáin aige amach anseo. Foclóir:...
Ar imirce: Is emigration a just rite of passage dúinn mar Éireannaigh? 19.09.2024 17:57
Tá muid ag imeacht linn le fada, ag fágáil slán ag an bhfód dúchais agus imeacht ar imirce. Agus d’ainneoin shaibhreas na linne seo tá muid ag imeacht i gcónaí. Cén fáth a bhfuil muintir na tíre seo chomh tógtha leis an domhain a thaiscéal? Labhair Ciaran Dunbar leis an tionchaire Caroline Seoighe atá lonnaithe in Dubai, agus leis an mhúinteoir Rachel King, atá in Qatar. Foclóir Thar lear – abroad...
Toghchán na Samhna: Cad is féidir le Simon Harris a fhoghlaim óna chuid predecessors? 16.09.2024 19:00
Cé go bhfuil muid ar fad ag súil le toghchán spleodrach transa an Atlantach i mí na Samhna idir Trump agus Harris, seans go mbeidh olltoghchán idir lámha againn féin, agus Harris dár gcuid féin ag smaoineamh ar dhul sa tseans. Ach, an é seo an t-am is fearr le toghchán a shocrú? Cad é is féidir le Simon Harris foghlaim ó na Taoisigh a chuaigh roimhe maidir le tábhacht ‘timing’ toghcháin? Labhair J...
‘An Cailín Ciúin’ filmmakers ag obair ar scannán eile 12.09.2024 19:20
Tar éis an rath ollmhór a bhí ar an scannán An Cailín Ciúin ar fud na cruinne, deir déantóirí an scannáin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualoí, go bhfuil siad ag obair ar scannán eile. Eisíodh An Cailín Ciúin i 2022. Fuair sé ardmholadh ó gach carn den domhan agus ba é an chéad scannán Gaeilge ainmníodh do na Oscars. Labhair Colm agus Cleona le Tessa Fleming faoi cad é atá i ndán d’earnáil scanná...
Jeffery Donaldson pleads neamhchiontach 10.09.2024 8:05
Phleadáil Jeffery Donaldson agus a bhean chéile neamhchiontachar chúisimh atá á gcur ina leith a bhaineann le líomhaintí coireanna gnéis. Tá 18 gcúiseammh curtha i leith Jeffery Donaldson, a bhaineann le héigniú, ionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas. Beidh an triail ag tosnú ar an 24ú Márta 2025. Foclóir: Neamhchiontach – not guilty Dheimhnigh – confirmed Cúisimh – charges Breitheamh – ju...
An Ghaeilge ar líne: Na mílte ag foghlaim le ‘Irish with Mollie’ 05.09.2024 23:40
Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht i mbliana. Ach ag an am céanna, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar líne. Le os cionn 170,000 leantóir ar Instagram agus grúpaí ar fud fad na cruinne ag glacadh páirt i ngrúpaí Gaeilge faoi stiúir Múinteoir Mollie, is léir go bhfuil an spéis sa teanga agus an fonn atá ar dhaoine í a fhog...
An ‘Sos Cogaidh’ 30 bliana ar aghaidh: The impact of the IRA’s ceasefire 30.08.2024 19:24
D’fhógair an IRA a chéad ‘sos cogaidh’ tríocha bliain ó shin ar an 31 Lúnasa 1994.Tar éis 25 bhliain de choimhlint agus 1,700 duine a mharú, chuir an tIRA stop leis an fhoréigean. Meastar gur eachtra chinniúnach é sa Phróiseas Síochána. San eagrán seo de Seachtain, téann Ciarán Dunbar síos bóithrín na smaointe leis an staraí acadúil Fearghal Mac Bhloscaidh. Foclóir: Sealadach – proivisional Comhré...
Ciontach: Dúnmharú Mary Callinan agus Sylvia Sheils i nGráinseach Ghormáin 29.08.2024 23:18
Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997. Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna l...
Ciontach: Martin 'The General' Cahill, duine de na coirpigh is cáiliúla i stair na hÉireann 26.08.2024 20:45
Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉirean...
Ciontach: Joe O'Reilly agus dúnmharú Rachel Callaly 22.08.2024 19:50
Mharaigh Joe O’Reilly a bhean chéile Rachel Callaly i 2004. Ba é cheann de na cásanna is iomráití sa tír. Lig O’Reilly air gur buirgléireacht a bhí ann i dtosach báire agus go raibh sé faoi bhrón as a bhean chéile a chailleadh. Áfach, lena iompar aisteach ina dhiaidh an dúnmharú, tháinig sé faoi amhras na nGardaí agus fuarthas ciontach é as an ionsaí fíochmhar. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mh...
Rose of Tralee: Na heachtraí is conspóidí 15.08.2024 19:34
Is é an t-am sin bliana arís nuair a théann 32 Rós ó fud fad na cruinne san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Rós Thrá Lí. Ar Seachtain, labhraíonn Eimear McGovern, iriseoir ón Belfast Telegraph, faoi na heachtraí is conspóidí ón chomórtas thar an blianta. Foclóir: Maslach – demeaning Oidhreacht – heritage Charthanachtaí - charities Trasinscneach - transgender Aerach – gay In ainneoin – despite...
Kneecap: Usually, bíonn ort bás a fháil before they make a film about you! 08.08.2024 18:39
Tháinig an grúpa Kneecap chun cinn in 2017 lena singil C.E.A.R.T.A, agus ó shín i leith, tá siad ag tarraingt clú agus cáil orthu féin de bharr a gcuid ceoil - agus an chonspóid a leanann iad. Agus an scannán oscailte anois sna pictiúrlainn in Éirinn, bhuail Seachtain le roinnt den fhoireann taobh thiar den scannán ar an chairpéad dearg ag an première. Láithreoir: Tessa Fleming Foclóir: Dlúthchair...
How Dublin is getting Gaeilge ar ais ar na sráideanna 08.08.2024 18:24
Tá an t-údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath ag iarraidh tacú le gnólachtaí chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí. Deir Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir togra Gaeilge365, go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ann do ghnólachtaí má bhaineann siad leas as an teanga. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aoi: Daithí de Buitléir See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúnmharú Thomas Dooley: Maraithe sa reilig ag a mhuintir féin 01.08.2024 11:43
‘You’re a big man now’. B'in cuid de na focail deireanacha a chuala Thomas Dooley agus é ina luí ina fhuil féin ag fáil bháis tar éis ionsaí fíochmhar i reilig lán le daoine i gCiarraí. A mhuintir féin a bhí freagrach as a dhúnmharú foréigeanach. Láithreoir: Tessa Fleming. Rannpháirtí: Tadhg Evans. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Lignende podcasts
Replaio er ikke podcastudgiver; programmernes navne, coverbilleder og lyd tilhører deres ophavsmænd og distribueres via offentlige RSS-feeds.