Tuairisc
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Určitě navštivte web podcastu a podpořte jeho tvůrce: podcasters.spotify.com
Kde poslouchat?
Podcasty v aplikaci Replaio Radio Už brzyPodcasty míří do aplikace už brzy. Nainstaluj si ji teď a jako první uvidíš úplně nový pohled na podcasty
Epizody
‘Tá a lámh i mbéal an mhadra ag rialtas na tíre seo’...an Buiséad, an pholaitíocht idirnáisiúnta agus cuairt ó mhadra Ghormfhlatha 08.10.2026 43:45
Bhí Buiséad 2027, an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus tionchar na meán sóisialta ar an tsochaí faoi chaibidil ag Darren agus a chuid aíonna Gormfhlaith Ní Thuairisg, Alex Hijmans agus Cormac Ó hEadhra, a bhí ina aoi den chéad uair ar An Pod Gaeilge . Agus an podchraoladh faoi lán seoil, thug aoi speisialta - madra Ghormfhlatha cuairt ar an gcriú… Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne n...
‘Níos mó airgid sa Bhuiséad don GPA ná mar a bhí airgead breise don Ghaeilge’ 06.10.2026 18:57
San eagrán breise seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2027 a fógraíodh inniu Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027. Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na G...
‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha 01.10.2026 54:47
In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról J...
Doirn agus doirníní san aer don Ardrí, miotal an bháis agus Joe ar a rothar leictreach 24.09.2026 56:19
Beidh siad ag ceol agus ag bopáil i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí á reáchtáil don tríú bhliain. Bhí duine de choiste na féile, Eoghan Mac Giolla Bhríde, in éineacht le Seán Tadhg, Bridget agus Pádraic ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge agus cur síos déanta ag Eoghan ar imeachtaí na féile, ar oidhreacht...
'Níl a fhios agam cá bhfuil muid a' gabháil’ – tá An Pod Gaeilge ar ais 17.09.2026 52:38
Tá na scoileanna fillte, tá an Dáil fillte, agus tá An Pod Gaeilge fillte. Tá Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Seán Tadhg, Pádraic agus Maitiú le tús a chur leis an gceathrú séasúr de An Pod Gaeilge. Céard iad na rudaí a mbeidh na polaiteoirí ag tabhairt aghaidh orthu an téarma seo sa Dáil? Cé na cásanna is mó atá le troid ar son mhuinti...
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Simon Ó Cíobháin: Ó leathadh pairifín ar urlár Hall na Muirí go faire lucht smuigleála ola ar an teorainn… 21.07.2026 56:40
Is mó cor a chuireann an duine dó agus is mó áit ar a mbíonn a thriall agus is amhlaidh do Simon, fear a saolaíodh ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne sna 1940idí ach a chaith blianta fada ina oifigeach custaim ar an dteorainn ó thuaidh. Sa Ghaillimh a bhuail Helen leis, áit a bhfuil sé ar a sháimhín só lena chéile, Máire agus a gclann tógtha acu. Labhair Simon le Helen faoina óige i gCorca Dhuibhne,...
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Tadhg Ó Maoileoin…'Tá na hoisrí ag fáil bháis agus níl aon fhreagra againn go fóill' 14.07.2026 45:15
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’ 08.07.2026 47:50
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid. Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís. Labhair sí le Helen fa...
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’ 30.06.2026 54:04
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfei...
‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’ 25.06.2026 52:51
In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE. Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fí...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’ 24.06.2026 1:08:35
Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir. Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach. Bh...
Na leabhair Ghaeilge ar cheart iad a phacáil do na laethanta saoire... 18.06.2026 42:57
Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála? Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samh...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’ 16.06.2026 38:15
Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm. Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á d...
‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’ 11.06.2026 47:45
I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoi...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé… le Meidhbhín Ní Úrdail – ‘Ar nós an tseanmhadra, táim rócheanúil ar mo chúinne féin!’ - oidhreacht iontach na Longánach 10.06.2026 45:42
I gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath atá Helen an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an Ollamh Méidhbhín Ní Úrdail ó Chorcaigh faoi iontais an léinn agus faoi oidhreacht dream amháin ar leith. D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoi...
‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’ 04.06.2026 49:24
Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana. Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuair...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’ 02.06.2026 49:54
Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn. Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an...
‘Plean teanga? Sí an fhéile an plean teanga!’ – 10 mbliana d’Fhéile Na Gealaí 28.05.2026 47:54
Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn. Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Am...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: 'Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht' 26.05.2026 51:02
Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile. Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí ag...
‘Bímis dána, misniúil, neamhghéilliúil, bímis sásta troid ar son ár dteanga’ - 100 bliain na Gaeltachta 21.05.2026 48:54
I 1926 a leag Coimisiún na Gaeltachta teorainneacha na Gaeltachta síos. Mar chuid dár sraith nua ‘100 bliain na Gaeltachta’, tá Dara Ó Cinnéide agus Orlaith Ruiséal linn faoi chás na teanga féin In éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Agus an dara h...
AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’ 19.05.2026 45:56
Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit d...
100 bliain FF – ar thréig an chosmhuintir Fianna Fáil nó ar thréig Fianna Fáil an chosmhuintir? 14.05.2026 52:59
Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na bot...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’ 12.05.2026 38:26
Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngle...
An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’? 07.05.2026 41:59
Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’. Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a b...
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’ 05.05.2026 51:30
Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta,...
Replaio není vydavatelem podcastů; názvy pořadů, obálky a audio patří jejich autorům a šíří se přes veřejné RSS kanály