Newstalk
Splanc
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Glöm inte att besöka poddens webbplats och stötta skaparen: www.newstalk.com
Var kan du lyssna?
Poddar i appen Replaio Radio Kommer snartPoddar kommer snart till appen. Installera nu och bli först med att uppleva ett helt nytt sätt att lyssna på poddar
Avsnitt
Splanc Mínithe - 'Notions' 10.10.2025 15:33
An bhfuil nóisin againn? Fiosraíonn Cuán agus Seán Ó Dubhchon an cheist agus iad ag tabhairt súil siar ar an tionchar a bhí ag an tsraith 'Keeping Up Appearances'. Déanann siad neart comhrá faoi cuid de na nóisin is mó atá againn in Éirinn.
Splanc Ceol - 'Life of a Showgirl' 10.10.2025 29:18
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Cuán faoi albam nua Taylor Swift, fiosraíonn siad cá bhfuil sí faoi láthair, agus briseann siad síos na hamhráin ar fad.
Splanc Mínithe - Maratóin 10.10.2025 15:44
Labhraíonn Colm Ó Donnachadh le Cuán faoina thaithí ag traenáil do mharatóin agus tugann sé léargas agus moltaí dúinn ar na bealaí is fearr le hullmhúchán a dhéanamh.
Splanc Spórt 10.10.2025 33:50
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi spórt na seachtaine agus faighimid amach faoi cé atá roghnaithe ag Daragh ar 'Mount Rushmore Caide na hÉireann'.
Splanc Nuacht 10.10.2025 25:19
Labhraíonn Aisling Ní Bhrádaigh le Cuán faoi scéalta na seachtaine, an rás uachtaránacha agus go leor eile.
Splanc Moltaí 09.10.2025 11:03
Tugann Cuán a chuid moltaí dúinn don tseachtain seo, agus rogha iontach aige maidir le leabhair, scannáin, cláir theilifíse, ceol, áiteanna le dul agus eile.
Splanc Moltaí 09.10.2025 7:07
Tugann Cuán a chuid moltaí dúinn don tseachtain seo, agus rogha iontach aige maidir le leabhair, scannáin, cláir theilifíse, ceol, áiteanna le dul agus eile.
Splanc Scéalta 03.10.2025 34:00
Labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine. An bhfuil Baile Átha Cliath sábháilte mar chathair? Ar chor thithíocht níos saoire a chur ar fáil d'oibrithe bunraichtanacha? An bhfuil gach guth le clos sa toghchán uachtaránachta? Cá seasann Keir Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre i Sasana? Sin na ceisteanna a bheidh a fhreagairt.
Splanc Mínithe - 'The Gaeilge Guide' 03.10.2025 15:02
Labhraíonn Mollie Guidera le Cuán faoina leabhar 'The Gaeilge Guide: Spark Your Connection to the Irish Language and Legacy', na ranganna a chuireann sí ar fáil agus an pobal foghlaimeoirí atá cruthaithe agus neartaithe aici anseo in Éirinn agus thar lear.
Splanc Spórt 03.10.2025 20:35
Déanann Cárthach Bán Breathnach cur síos ar na rudaí gur chor don CLG a dhéanamh anois, i ndiaidh an NFL a bheith i bPáirc an Chrócaigh; tá díospóireacht iontach faoi bhéasaí lucht leanúna sa spórt; agus faighimid amach cé hiad an ceathrar ar Mount Rushmore Spórt na hÉireann Chárthaigh.
Splanc Mínithe - Taisteal 03.10.2025 19:09
Tá ár saineolaí taistil agus turasóireachta Jamie Ó Flannúra le Cuán, ag míniú cad iad na rudaí is fearr faoi bheith ar shaoire sa bhaile in Éirinn, cad a theastaíonn uaidh ar shaoire agus roinnt moltaí ó Chiarraí, Maigh Eo agus Sligeach.
Splanc Mínithe - Cothú agus Nósanna Bia 03.10.2025 19:40
Déanann kate McDaid an-chur síos ar oidis agus nósanna bia a chabhróidh linn corp agus inchinn níos slántiúla a bheith againn agus tugann sí dúshlán do roinnt de na miotais a bhaineann le bia agus nósanna bia.
Splanc Scéalta 26.09.2025 32:43
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoin NFL i mBaile Átha Cliath, míthuiscintí agus easpa eolais ag polaiteoirí mar gheall ar uathachas, an rás uachtaránachta in Éirinn, Shakespeare ar an ardteistiméireacht agus moladh dí againn dúinn freisin.
Splanc Mínithe: Sábháilteacht ar líne 26.09.2025 19:38
Tugann Andy Caomhánach léargas cuimsitheach dúinn ar shábháilteacht ar líne, na dainséir atá amuigh ansin ar an t-idirlíon agus conas muid féin a chosaint.
Splanc Spórt 26.09.2025 28:44
Pléann Daragh Ó Conchúir scéalta spóirt na seachtaine agus tá neart díospóireachta faoi na laochra spóirt is fearr sa tír.
Splanc Mínithe: The Traitors 26.09.2025 14:49
Labhraíonn Niall Mac Eoghain, duine de na ‘Faithfuls’ ó ‘The Traitors’ ar RTÉ, le Cuán faoina thaithí ar an tsraith, agus faoin tionchar a bhí ag an gclár air.
Splanc Nuacht 19.09.2025 36:17
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi Trump agus na meáin chumarsáide i Meiriceá, an t-athrú gearrthéarmach a tháinig ar cé hé nó hí an duine is saibhire ar an domhan, an Rás Uachtaránachta in Éirinn, an méid atá ag titim amach leis na Soc Dems, Na Traitors agus go leor eile.
Splanc Mínithe: Éire sa Eoraifís 19.09.2025 17:54
Labhraíonn Neil Farren le Cuán faoin gcinneadh atá glactha ag Éire (thar ceann RTÉ), an Spáinn agus an Ísiltír diúltiú bheith sa Chomórtas Eoraifíse an bhliain seo chugainn, má ligtear don Iosrael bheith san iomaíocht.
Splanc Mínithe: Iriseoireacht trí Ghaeilge 19.09.2025 24:17
Labhraíonn Conchubhair Ó Liatháin le Cuán faoina ról nua le Journal.ie agus faoin bhfás agus athrú atá tágtha ar na meáin trí Ghaeilge.
Splanc Spórt 19.09.2025 25:25
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, bua ag An Ghaeltacht, dornálaíocht, rásaíocht agus go leor eile.
Scéalta le hEoin Ó Catháin: 3ú Cogadh Domhanda, Charlie Kirk agus Succession sa bhfíorshaol 12.09.2025 46:15
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoi stampa Westlife, buairt faoi go bhféadfadh cogadh domhanda tarlú, marú Charlie Kirk agus an scéal is déanaí faoi na Murdochs.
Scannáin le Conall Mac Dhonnagáin: Mad Max agus Materialists 12.09.2025 23:41
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi bheith ag filleadh ar thraenáil iomrascála, an chéad scannán Mad Max ó 1979 agus conas a léirítear fadhbanna faoi íomhá coirp d'fhir i Materialists.
Moltaí na Seachtaine 12/9 12.09.2025 4:58
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Teilifís le Sinéad Ní Uallacháin: The Traitors 12.09.2025 25:48
Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoin leagan Éireannach de The Traitors agus an misneach a fhaighimid as a bheith in ann cláracha teilifíse a phlé le daoine eile.
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Iománaíocht sa Rinn, daoine óga sa ghalf, sacar na hÉireann & Craobhacha Lúthchleasaíochta 12.09.2025 27:53
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi bhua na Rinne sa Chraobh Idirmheánach Iománaíochta, lucht féachana óg ag breathnú ar Rory McIlroy sa ghalf, foireann sacar na bhfear ag cailliúnt i gcoinne na hAirméine agus lúthchleasaithe na hÉireann sna Craobhacha Domhanda.
Liknande poddar
Replaio är ingen poddutgivare; programnamn, omslag och ljud tillhör sina upphovspersoner och distribueras via offentliga RSS-flöden