RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

News GA ↓ 218 avsnitt

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Glöm inte att besöka poddens webbplats och stötta skaparen: www.rte.ie

Skapare

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Kategori

News

Poddens webbplats

www.rte.ie

Senaste avsnittet

6 okt 2026

Var kan du lyssna?

Poddar i appen Replaio Radio Kommer snart

Poddar kommer snart till appen. Installera nu och bli först med att uppleva ett helt nytt sätt att lyssna på poddar

Ladda ned på Google Play Installera gratis Android nästan 10 mn nedladdningar · betyg 4,8 iOS snart

Avsnitt

Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile 22.09.2026

Tá Cairde na hEargaile ag tabhairt faoi thogra úr ealaíne dírithe ar an phortach agus beidh oíche eolais acu san oíche amárach.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cian Ó Nialáin beo as na Cealla Beaga 22.09.2026

Tá Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann sna Cealla Beaga an tseachtain seo don togra ‘Floating Classroom’.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste 22.09.2026

Bhí grúpa d’ábhar oidí as Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste ar cuairt sa cheantar le gairid agus iad i gcuideachta stiúrthóir an chúrsa Michéal Ó Mairtín.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Garda Pádraig Mac Pháidín 22.09.2026

Mír rialta le ball den Gharda Síochána le heolas agus le  comhairle don phobal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna 21.09.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí ceannais iománaíochta a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus na cluichí leathcheannais i gCraobhacha Peile na mBan a bhí ar siúl fosta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Aodhán Ó Baoill, iriseoir sna Sé Contae 21.09.2026

Mír na seachtaine seo le plé a dhéanamh ar roinnt scéalta nuachta ó na Sé Contae. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mairead Mangan, altra ón tseirbhís "SCAN" Dhún na nGall 21.09.2026

Eolas ar an tseirbhís um chosc ar fhéinmharú nó SCAN (Suicide Crisis Assessment Service) atá ar fail anois, anseo i gContae Dhún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seáinín Ní Chianáin agus Caitlín Ní Bhroin 21.09.2026

D'éirigh go maith le coistí agus le grúpaí pobail as Cúige Uladh sa chomórtas úr ‘Ardán’ a bhí a reáchtáil ag Glór na nGael i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna 17.09.2026

Ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí Gaelacha a bheas ar siúl ag an deireadh seachtaine, na cluichí ceannais i gcraobhacha iománaíochta an Contae agus na cluichí leath ceannais i gCraobhacha Peile na mBan.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu ar an lá “Dún na nGall Abú”, ar na moltaí atá déanta ag an Choimisiún Eorpach maidir le húsáid na Meáin Shóisialta do pháistí faoi thrí bliana déag i measc ábhar eile.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Pacáiste ó sheoladh “Dún na nGall Abú” 17.09.2026

Inniu lá “Dún na nGall Abú”. Rinneadh feachtas na bliana seo a sheoladh ag ócáid i nDrioglann Chroithlí aréir, bhí Michelle Nic Grianna ag an ócáid agus labhair sí le roinnt daoine a bhí i láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dr Tony Delap ó íoclann an Bhun Bhig 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar ghalar croí agus stróc, ar colaistéaról, ar an Aonad Measúnaithe Leighis in Otharlann Leitir Ceanainn agus na rudaí is ansaí leis faoi Chontae Dhún na nGall ar an lá seo lá “Dún na nGall Abú”. See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar an Lá Domhanda Um Féinmharú a chosc agus faoin baol atá ann go mbeidh oibrithe sa tseirbhís sláinte ag cur tús le hobair de réir rialach gan mhoill. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Pacáiste ó Chumann Rothaíochta Chú Uladh 16.09.2026

Tá Cumann Rothaíochta Chú Uladh bunaithe anois le traidhfil maith blianta sa Ghaeltacht Lár. Chuaigh Michelle leo ar an rothar ar na mallaibh mar gur mheall duine de na baill, Seán Ó Baoill í chun an tolg a fhágáil agus a rothar a thabhairt amach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Nollaig Simms as Gaoth Dobhair ó dhúchas. 16.09.2026

Tá teaghlach Simms san iomaíocht i roinnt mhaith rannógaí éagsúla sa Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta atá ar siúl an tseachtain seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

John Jude Ó DuibheannaighJohn Jude Ó Duibheannaigh 16.09.2026

Plé ar Amhrán na bhFiann agus go sonrach cé acu atá ceart sa líne san amhrán ‘Sinne Fianna Fáil’ nó an ‘Sinne Laochra Fáil’?  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Mac Eamharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha Gaeltachta 16.09.2026

Beidh seisiún eolais ar thithe folmha ar siúl i Gteic Ghaoth Dobhair tráthnóna amárach ag a 7.00in. Beidh Colm i measc na gcainteoirí ag an ócáid seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Binse Cliste, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha 16.09.2026

Rinne Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha an Binse Cliste a sheoladh go hoifigiúil le gairid. Thug ár dtuairisceoir, Hannah Ní Dhomhnaill, cuairt ar an Pháirc le fáil amach di féin cad é go díreach atá sa Bhinse Cliste.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sharon, Evan agus Glenn Ó Domhnaill Oileán Árainn Mhór 16.09.2026

I mí na Nollag seo beidh Sharon, Evan agus Glenn an as Oileán Árainn Mhóir ag tabhairt faoi dhúshlán rámhaíochta nuair a bheas siad ag iomrú 3,000 míle trasna an Atlantaigh.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Catherine Nic Grianna, Drioglann Chroithlí 16.09.2026

Tá fáilte curtha ag Bainisteoir Dhrioglann Chroithlí, Catherine Nic Grianna, roimh fhógra an Uachtaráin Donald Trump tráthnóna inné, go bhfuil sé beartaithe ag na Stáit Aontaithe deireadh a chur lei na taraifí ar uisce beatha na hÉireann.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

John Jude Ó Duibheannaigh 16.09.2026

Plé ar Amhrán na bhFiann agus go sonrach cé acu atá ceart sa líne san amhrán ‘Sinne Fianna Fáil’ nó an ‘Sinne Laochra Fáil’?  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Éilis Ní Dhochartaigh, Aerfort Dhún na nGall 15.09.2026

Tá cleachtadh ar bun ag na seirbhísí tarrthála agus ag na seirbhísí éigeandála ag Aerfort Dhún na nGall inniu agus tá go leor dena seirbhísí tarrthála páirteach san chleachtadh seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil 15.09.2026

Mír rialta le ball den Gharda Síochána anseo i gContae Dhún na nGall le heolas agus le comhairle don phobal.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Íseult Ní Mhathúna agus John Joe Mac Íomhair 14.09.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí craoibhe a bhí ar siúl ag an deireadh seachtain. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Niamh Ní Fhearáin as Inis Eoghain 14.09.2026

Tá Niamh ina tuairisceoir úr nuachta do Chúige Uladh ar Nuacht Cúla 4 ar TG4 agus tá sí le feiceáil ar TG4 le seachtain anuas. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Lyssna på podden Barrscéalta i Replaio

Radio och poddar i en och samma app - gratis och utan konto. Installera redan idag och missa inte premiären

Ladda ned på Google Play

Replaio är ingen poddutgivare; programnamn, omslag och ljud tillhör sina upphovspersoner och distribueras via offentliga RSS-flöden