Na Gaelgals
Podchraoladh na Gaelgals
Is meon é a bheith i do Ghaelgal! 👯 Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal. Lean muid ar Instagram , X agus Facebook nó seol ríomhphost Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Vizitează neapărat site-ul podcastului și susține-i creatorul: linktr.ee
Unde asculți?
Podcasturi în aplicație Replaio Radio În curândPodcasturile ajung în curând în aplicație. Instaleaz-o acum și fii primul care descoperă o abordare complet nouă a podcasturilor
Episoade
Craobh Mheiriceá Thuaidh 23.10.2022 44:27
Tá Sraith 3 linn! Tá Lucy, Sinéad agus Alswyn le chéile i gCeanada le fáilte a chur romhaibh chuig Sraith 3 den phodchraoladh. Bainígí sult as! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Is 10 iad ach... 21.07.2022 42:30
Labhraíonn Clíodhna, Rachel agus Alswyn faoin treocht ghreannmhar 'is 10 iad ach...' agus roinnimid na cinn greannmhara a bhfuaireamar ar Instagram! Bainigí sult as! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
P.S Airím uaim thú x 07.07.2022 20:22
In eagrán beagáinín éagsúil, seolann cuid de na Gaelgals ‘cártaí poist’ dá chéile agus iad lonnaithe i gcontaetha agus i dtíortha éagsúla. Toisc nach bhfaca siad a chéile le fada an lá, is bealach deas é coinneáil suas lena chéile faoina bhfuil ar bun acu faoi láthair. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Hot Trad Samhradh 27.06.2022 50:29
Ar an eagrán seo, pléann Sinéad, Dúlra agus Róisín iliomad ábhar idir ceol traidisiúnta, Love Island, Kanye West, SPF anuas ar uasdátú ar na rudaí atá ar siúl acu na laetheanta seo agus an samhradh buailte leo! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Féile na Gal-aí 14.06.2022 37:14
Don chéad uair riamh, tá na Gaelgals i Stiúideo Raidió Rí Rá! Labhraíonn Aoife, Alswyn agus Dúlra faoi thús an tsamhraidh, Féile na Gealaí, Love Island agus an #GAACatfish. Bainígí sult as! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Cailín Rúnaí 26.05.2022 45:39
Tagann Clíodhna, Rachel agus Róisín le chéile tar éis tamaill fada le chaotic catch up a bheith acu. Labhraíonn siad faoina bhfuil ar siúl acu faoi láthair chomh maith leis na scéalta is mó sna meáin faoi láthair, sé sin cás cúirte Wagatha Christie, Derry Girls agus na Kardashians. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Eagrán beo ar Lá Mór na Gaeilge! 12.05.2022 35:05
Cuireadh fáilte is fichid roimh Dhúlra agus Alswyn ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Phléigh siad na buntáistí a thug an Ghaeilge dóibh idir shaol sóisialta agus deiseanna fostaíochta. Ár mbuíochas arís le Baile Átha Cliath le Gaeilge as an deis! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
An Gaelgal a bhíonn siúlach, bíonn sí scéalach. 02.05.2022 44:22
Ar an eagrán seo, pléann Lucy, Sinéad agus Dúlra turas na Gaelgals go Páras ag ligint orthu go raibh siad ina Emily-eanna, agus taithí Dhúlra agus í san iomaíocht do Rós Shligigh! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
In Ainm (Bóín) Dé 31.03.2022 44:01
San eagrán seo, pléann Aoife, Clíodhna & Sinéad an eachtra *sin* ag na hOscars agus faitís neamhréasúnacha! Idir leithris phoiblí & féileacáin, tá tuiscint i bhfad níos fearr acu ar a chéile agus ar a lucht éisteachta. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Kerry Cowboy X Gaelgals 17.03.2022 43:47
San eagrán seo, labhraíonn Alswyn agus Dúlra le Séaghan Ó Súilleabháin, aka an Kerry Cowboy faoina ról mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, saol na tuaithe agus an saol go ginearálta. Ina theannta sin, pléann siad ábhar atá an-ghar dá gcroíthe, a madraí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Eagrán Beo le Scéim TCD 10.03.2022 42:38
Cuireadh fáilte is fichid roimh Shinéad agus Alswyn agus iad i gColáiste na Trínóide i gcomhair eagrán beo in éineacht le Scéim TCD. Labhair siad faoi 'pacáiste tosaigh' na Gaelgals agus faoi 'athshocruithe cultúrtha' na Gaeilge. Ár mbuíochas arís le Scéim TCD agus Oifig na Gaeilge TCD as an gcuireadh! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Dá mbeifeá i do bharra seacláide... 17.02.2022 34:06
Labhraíonn Alswyn, Aoife & Dúlra faoi Lá Fhéile Cailíntín, sneaiceanna & an saol faoi láthair. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
GAFA 03.02.2022 33:39
San eagrán seo, labhraíonn Sinéad, Róisín & Dúlra faoi na rudaí a bhfuil siad gafa leo le déanaí, idir Britney (samhlaigh cé a luaigh Britney...), Kanye, ceol traidisiúnta agus Tyler the Creator. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Saoire Thar Lear is Meas na Mílte 20.01.2022 36:04
San eagrán seo, labhraíonn Aoife, Lucy & Rachel faoina gcuid laethanta saoire is fearr leo thar na blianta, & roinneann siad cúpla scéal greannmhar ó na saoirí sin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Athbhliain Faoi Mhaise 06.01.2022 34:37
Caitheann Alswyn, Clíodhna & Sinéad súil siar ar bhuaicphointí pearsanta & na rudaí móra a tharla i 2021 & an athbhliain buailte linn. Labhraíonn siad faoi na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i 2022 & na rúin atá acu don bhliain nua. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Nollaig Shona! 23.12.2021 35:31
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín & Dúlra faoi dheireadh seachtaine álainn a bhí acu ag ceiliúradh lá breithe Róisín, bál sa Chlub agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo ag druidim i dtreo na Nollag. Nollaig Shona & athbhliain faoi mhaise, a chairde! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
#Influenced 02.12.2021 47:32
Labhraíonn Alswyn, Clíodhna & Rachel faoi thionchairí ar na meáin shóisialta idir na leathanaigh a thaitníonn leo i láthair na huaire & cén téama a bheadh acu dá mbeidís ina dtionchairí iad féin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Ar Bís faoin Teilifís! 18.11.2021 44:57
San eagrán seo, chun céiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Teilifíse, cuimhníonn Sinéad, Aoife & Lucy ar na gcláir teilifíse is fearr leo óna n-óige. Roineann siad moltaí teilifíse lena chéile & labhraíonn siad faoi na cláir is fearr leo ar TG4. Chomh maith leis sin, tugann Aoife uasdátú dúinn ar chonas atá ag éirí léi in Abu Dhabi (Drochscéal: Bhí uirthi cuairt a thabhairt ar...
Na Glenegals - Cuimhní an Oireachtais 04.11.2021 31:29
Cé nach raibh an chóisireacht ar siúl ag an bhféile i mbliana, bhí Alswyn, Dúlra & Sinéad thíos i gCill Áirne & phléigh siad na cuimhní is fearr atá acu ó mheitheal mór na nGael! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Trasna na Hun-ta 21.10.2021 42:18
Labhraíonn Aoife, Rachel agus Clíodhna faoi na tréimhsí atá caite acu a bheith ina gcónaí thar lear i gCeanada, sa Chatar agus Abú Daibí, agus na laethanta saoire is fearr a bhí acu. Pléann siad conas dul i ngleic le cumha baile, an brú a bhaineann le bogadh thar lear agus tugann siad neart leideanna maidir le bogadh go tír eile. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Corp agus Anam 07.10.2021 42:51
Pléann Clíodhna, Lucy & Rachel a dtaithí pearsanta lena íomhá coirp & muinín coirp mar mhná óga & muid ag maireachtail i ré na meán sóisialta. Labhraíonn siad faoin earnáil faisean & an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an íomhá coirp i gcoitinne. Má bhíonn tú ag streachailt le híomhá coirp nó neamhord itheacháin is féidir eolas & comhairle a fháil ar www.bodywhys.ie nó ar www....
Ar Ais Arís! 23.09.2021 36:23
San eagrán seo, cuireann Alswyn, Sinéad & Dúlra tús spleodrach leis an dara sraith & iad le chéile ag taifead san fhíorshaol den chéad uair le bliain go leith anuas! Tugann siad uasdátú maidir leis an méid atá ar siúl ag na Gaelgals timpeall na cruinne, déanann siad mionchíoradh ar chursaí Love Island i mbliana & leagann siad plean amach do 'Oileán Ghrá', Love Island do shaol na G...
Bréagdíospóireacht High School Musical 10.06.2021 38:08
San eagrán / díospóireacht seo, le céiliúradh a dhéanamh ar & críoch a chur leis an gcéad shraith de Phodchraoladh na Gaelgals, pléann na Gaelgals cé acu is fearr sna scannáin HSM: Gabriella nó Sharpay. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Coláistí Samhraidh: The Good, The Bad, The Ugly 03.06.2021 42:49
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Alswyn & Sinéad na cuimhní órga, aisteacha & iontacha atá acu ón dtréimhse a chaith siad ag freastal ar Choláistí Samhraidh thar timpeall na tíre! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Leabhair Power 27.05.2021 43:39
San eagrán seo, pléann Rachel, Dúlra & Sinéad leitheoireacht an Bhéarla & leitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire. Labhraíonn siad faoi na leabhair a raibh an-tionchar acu orthu & na leabhair atá ar a liosta TBR (to be read) don samhradh beag seo! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Podcasturi asemănătoare
Replaio nu este editorul podcasturilor; numele emisiunilor, coperțile și materialul audio aparțin autorilor lor și sunt distribuite prin fluxuri RSS publice