RTÉ Raidió na Gaeltachta

Barrscéalta

News GA ↓ 229 episódios

Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.

Não deixe de visitar o site do podcast e apoiar quem o produz: www.rte.ie

Autor

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Categoria

News

Site do podcast

www.rte.ie

Último episódio

9 de out de 2026

Onde ouvir?

Podcasts no app Replaio Radio Em breve

Os podcasts estão chegando ao app. Instale agora e seja o primeiro a descobrir um jeito totalmente novo de curtir podcasts

Baixe no Google Play Instale grátis Android 5 mi+ downloads · nota 4,8 iOS em breve

Episódios

Pacáiste casán siúil na nDúnaibh 25.09.2026

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary Céim a 1 den chasán siúil ó Na Dúnaibh go Carraig Airt a oscailt go hoifigiúil tráthnóna inné. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus fuair sé deis labhairt leis an Aire Calleary agus le Joe Ó Cuilinn ó Choiste Bailte Slachtmhara Charraig Airt.   See omnystudio.com/listener for privacy information.

Hughie Rua Ó Gallachóir, saineolaí sacar 24.09.2026

Cuireadh tús le sraitheanna sacair Dhún na nGall arís ag an deireadh seachtaine do shéasúr eile agus linn le plé a dhéanamh ar na sraitheanna sin agus cluiche na hÉireann in éadan Iosrael bhí Hughie Rua Ó Gallachóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 24.09.2026

Bhí Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach, sa teach agus muid ag ceiliúradh inniu mar go bhfuil Andy linn anseo ar Bharrscéalta le 20 bliain an tseachtain seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Éilis Ní Fhearraigh ó Pobal Shíomóin 24.09.2026

Tá Seachtain Náisiúnta Shíomóin ar siúl an tseachtain seo, a reáchtáil ag Pobal Shíomóin a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean sa tír seo agus labhair Éilis Ní Fhearraigh ón eagraíocht linn faoin tseachtain agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap 24.09.2026

Inniu labhair An Dr Delap ar Aonad na n-Othar Seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn agus easpa comhoibriú idir na Seirbhísí Meabhairshláinte. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dympna English, Aintín Mark English 24.09.2026

Bhí an lúthchleasaí Mark English i láthair i gClub Lúthchleasaíochta Ghleann na Finne tráthnóna inné agus a bhonn óir leis abhaile go Dún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta 24.09.2026

Tá Frances istigh ar Oileáin Inis Bó Finne le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, atá ag leanstan dá turas ar oileáin an cheantair seo maidin inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cathal Ó Gallachóir ó choiste Féile Dorn san Aer 23.09.2026

Beidh neart ceoil agus craic i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn san Aer ar siúl. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sonia Nic Giolla Easbuig agus Trevor Ó Clochartaigh 23.09.2026

Bhí ócáid ar siúl i GTeic Ghaoth Dobhair ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnáil na meán Ghaeilge anseo i nDún na nGall.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Iarfhlaith Ó Domhnaill, Léiritheoir le Other Voices 23.09.2026

Tá Other Voices ag ceiliúradh cúig mbliana agus fíche a bhunaithe i mbliana agus is i nDoire a bheas an ceiliúradh an deireadh seachtaine seo.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Maireád Nic Segháin, tuismitheoir 23.09.2026

Beidh tráthnóna eolais ag tarlú tráthnóna inniu in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair dírithe ar luthchleasaithe le deacrachtaí foghlama. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile 22.09.2026

Tá Cairde na hEargaile ag tabhairt faoi thogra úr ealaíne dírithe ar an phortach agus beidh oíche eolais acu san oíche amárach.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cian Ó Nialáin beo as na Cealla Beaga 22.09.2026

Tá Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann sna Cealla Beaga an tseachtain seo don togra ‘Floating Classroom’.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste 22.09.2026

Bhí grúpa d’ábhar oidí as Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste ar cuairt sa cheantar le gairid agus iad i gcuideachta stiúrthóir an chúrsa Michéal Ó Mairtín.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Garda Pádraig Mac Pháidín 22.09.2026

Mír rialta le ball den Gharda Síochána le heolas agus le  comhairle don phobal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna 21.09.2026

Ag caitheamh súil siar ar na cluichí ceannais iománaíochta a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus na cluichí leathcheannais i gCraobhacha Peile na mBan a bhí ar siúl fosta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Aodhán Ó Baoill, iriseoir sna Sé Contae 21.09.2026

Mír na seachtaine seo le plé a dhéanamh ar roinnt scéalta nuachta ó na Sé Contae. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mairead Mangan, altra ón tseirbhís "SCAN" Dhún na nGall 21.09.2026

Eolas ar an tseirbhís um chosc ar fhéinmharú nó SCAN (Suicide Crisis Assessment Service) atá ar fail anois, anseo i gContae Dhún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seáinín Ní Chianáin agus Caitlín Ní Bhroin 21.09.2026

D'éirigh go maith le coistí agus le grúpaí pobail as Cúige Uladh sa chomórtas úr ‘Ardán’ a bhí a reáchtáil ag Glór na nGael i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna 17.09.2026

Ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí Gaelacha a bheas ar siúl ag an deireadh seachtaine, na cluichí ceannais i gcraobhacha iománaíochta an Contae agus na cluichí leath ceannais i gCraobhacha Peile na mBan.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, ag caint inniu ar an lá “Dún na nGall Abú”, ar na moltaí atá déanta ag an Choimisiún Eorpach maidir le húsáid na Meáin Shóisialta do pháistí faoi thrí bliana déag i measc ábhar eile.  See omnystudio.com/listener for privacy information.

Pacáiste ó sheoladh “Dún na nGall Abú” 17.09.2026

Inniu lá “Dún na nGall Abú”. Rinneadh feachtas na bliana seo a sheoladh ag ócáid i nDrioglann Chroithlí aréir, bhí Michelle Nic Grianna ag an ócáid agus labhair sí le roinnt daoine a bhí i láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dr Tony Delap ó íoclann an Bhun Bhig 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar ghalar croí agus stróc, ar colaistéaról, ar an Aonad Measúnaithe Leighis in Otharlann Leitir Ceanainn agus na rudaí is ansaí leis faoi Chontae Dhún na nGall ar an lá seo lá “Dún na nGall Abú”. See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap 17.09.2026

Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, plé inniu ar an Lá Domhanda Um Féinmharú a chosc agus faoin baol atá ann go mbeidh oibrithe sa tseirbhís sláinte ag cur tús le hobair de réir rialach gan mhoill. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Pacáiste ó Chumann Rothaíochta Chú Uladh 16.09.2026

Tá Cumann Rothaíochta Chú Uladh bunaithe anois le traidhfil maith blianta sa Ghaeltacht Lár. Chuaigh Michelle leo ar an rothar ar na mallaibh mar gur mheall duine de na baill, Seán Ó Baoill í chun an tolg a fhágáil agus a rothar a thabhairt amach. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ouça o podcast Barrscéalta no Replaio

Rádio e podcasts em um só app - grátis e sem cadastro. Instale hoje e não perca o lançamento

Baixe no Google Play

O Replaio não é o publicador dos podcasts; os nomes dos programas, as capas e o áudio pertencem aos seus autores e são distribuídos por feeds RSS públicos