Newstalk

Splanc

Arts EN ↓ 707 episodes

Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at  http://newstalk.com/listenlive  | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.newstalk.com

Author

Newstalk

Category

Arts

Podcast website

www.newstalk.com

Latest episode

Oct 16, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Súil chun cinn ar 2023, Rúin na hAthbhliana, agus Leabhra na Bliana 06.01.2023

Labhraíonn Gráinne Ní Aodh (PA Media) agus Eoin Ó Catháin (RTÉ) le Cuán Ó Flatharta faoi stádas na tíre agus muid ag tabhairt faoi 2023, agus caitheann Daragh Ó Conchúir súil chun cinn ar spóirt na bliana seo amach romhainn. Tá moltaí leabhair ag Rónán Mistéil, agus leideanna ag Kathryn Mullan (Sílim That) maidir le dea-nósanna a chothú don athbhliain - agus am ar bith!

Themetunes, Cuimhní Cinn agus fáilte roimh 2023! 30.12.2022

San eagrán seo cuireann Cuán agus Aindriú a liostaí de na 'themetunes' is fearr leo ón teilifís, agus roinneann Éadaoin Nic Mhuiris, Hugh Carr agus Sinéad Ní Uallacháin a gcuimhní cinn ó Nollaig 2022 san eagrán deireanach seo den bhliain. Go raibh Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir!

Scannal agus popchultúr na bliana, agus Gradaim Spóirt Splanc 2022! 23.12.2022

Súil siar ar scéalta nuachta agus scannail ar thug Eoin Ó Catháin suntas dóibh i mbliana, popchultúir 2022 le Conall Mac Dhonnagáin, na scannáin agus sraitheanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar Shinéad Ní Uallacháin agus Gradaim Spóirt Splanc na Bliana le Daragh Ó Conchúr!

Deireadh le Crypto, Pleananna Oíche Chinn Bliana, Leabhra don Nollaig agus An Corn Domhanda 16.12.2022

Le Cuán an tSeachtain seo tá Emmet Ryan le nuacht na seachtaine agus beor na Nollag, Éadaoin Nic Mhuiris le moltaí d'Oíche Chaille, Rónán Mistéil agus moltaí leabhra a bhféadfaí ceannach mar fhéiríní Nollag, agus Daragh Ó Conchúir ag caitheamh súil siar ar an gCorn Domhanda go dtí seo!

Ceol agus Béilte Nollag, Scéalta na Seachtaine, 100 Bliain an Stáit, agus Spóirt na Seachtaine 09.12.2022

Ar an gclár le Cuán tá Martha Dalton ag caint ar bhuaiceanna an Stáit le 100 bliain, roghnaíonn Aindriú de Paor na hamhráin Nollag is fearr leis, tá leideanna cócaireachta don Nollag ag Doireann Bhreathnach, scéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir agus scéalta nuachta le hEoin Keane.

Seachtain Oibre 4 Lá, Spotify Wrapped, Scannán Nollag agus Anailíseoirí Spóirt 02.12.2022

Ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Ciarán Mac an Bhaird ar an tseachtain oibre agus ar albam Taylor Swift (!!), osclaíonn Emma Ní Chearúil a Spotify Wrapped ar an aer, roinneann Sinéad Ní Uallacháin a rogha scannán Nollag, agus tá plé ag Cuán agus Daragh ar an gceist: ar chóir go mbeadh bainisteoirí agus imreoirí ina n-anailíseoirí agus tráchtairí spóirt?

Toy Show, Richard Grogan, Féiríní Nollag, An Corn Domhanda agus Leabhar Cócaireachta! 25.11.2022

Sa stiúideo le Cuán an tseachtain seo tá Hugh Carr le scéalta na seachtaine (An Toy Show, Black Friday, Richard Grogan, agus dlíthe maidir le gunnaí i Meiriceá ina measc), Póilín Nic Géidigh ag réiteach na faidhbe a bhíonn ann an t-am seo den bhliain: céard ar chóir ceannach don Santa Rúnda? Leabhar nua Davey Nutrition á phlé ag Rónán Mistéil, agus Daragh Ó Conchúir linn ag caint ar an gCorn na Do...

Vicky Phelan, Thanksgiving, agus ...an í an Nollaig í? 18.11.2022

Sa stiúideo le Cuán Ó Flatharta tá Eoin Keane le scéalta na seachtaine, scéal Vicky Phelan ina measc. Siothrún Sardina ag míniú céard go díreach atá i gceist le Lá an Altaithe, Daragh Ó Conchúir ag plé Michael Murphy agus an Corn Domhanda, agus moltaí teic ag Emmet Ryan don té atá i mbun shiopadóireacht na Nollag!

Twitter trí thine, Cóisirí Nollag, Hip Hop Gaelach agus Aintiún Spóirt 11.11.2022

An tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá Katie Whelan agus Gráinne Ní Aodha ag plé Twitter, aistriú an Rialtais, clúmhilleadh; Eoin P Ó Murchú ag caint ar nuálaíocht na n-ealaíona Gaeilge agus IMRAM; Cóisirí Nollag agus conas iad a eagrú le hÉadaoin Nic Mhuiris; agus an gcuireann ceol borradh faoi chluichí spóirt? Daragh Ó Conchúir leis an bhfreagra.

Elon Musk, Úcránaigh ag foghlaim na Gaeilge, Mórócáidí Spóirt 04.11.2022

Mórscéalta na seachtaine le hEmmet Ryan, mórócáidí spóirt le Dargh Ó Conchúir, Úcránaigh ag foghlaim na Gaeilge le Conradh na Gaeilge, agus Taisceadán Cultúrtha le Peadar Ó Caomhánaigh

Traidisiúin na Samhna, eolas uchtaithe, Arctic Monkeys agus Cricéid 28.10.2022

Hugh Carr le scéalta na seachtaine - Give Us The Night, léirsithe comhshaoil - Doireann Ní Ghlacáin le nósanna na Samhna, Emma Ní Chearúil ag caint faoi Arctic Monkeys, Pól Ó Murchú ag míniú dlíthe nua maidir le heolas uchtaithe, agus cricéid agus cúrsaí spóirt le Daragh Ó Conchúir!

Slán le Liz Truss, John Boyne, Oidis Phuimcín, agus Séasúr nua an CLG 21.10.2022

Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Ciarán Dunbar le cúrsaí na Breataine agus na hÚcráine a phlé, tá oidis an fhómhair á roinnt ag Doireann Breathnach (blagálaí bia @foodoir_ ar Instagram), tá leabhar nua John Boyne á phlé ag Rónán Mistéil, agus cúrsaí spóirt le Daragh Ó Conchúir.

Leabhar Shane Ross, Kanye West, Angela Lansbury agus Sacar na mBan 14.10.2022

Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Eoin Keane le mórscéalta na seachtaine, Emma Ní Chearúil le conspóid is déanaí Kanye, Peadar Ó Caomhánaigh ag cur An Cailín Ciúin agus Murder, She Wrote sa Taisceadán Cultúrtha, agus foireann sacar na mban á phlé ag Daragh Ó Conchúir! Labhair linn ar Twitter @SplancNewstalk nó Splanc@newstalk.com

Kim K agus Crypto, Do Revenge, agus an chéad Phainéal ó bhí 2020 ann! 07.10.2022

Le Cuán Ó Flatharta ar Splanc na seachtaine tá Banríon na Siamsaíochta Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix, Ciarán Mac an Bhaird agus Gráinne Ní Aodha linn ar phainéal na míosa le Liz Truss, Buiséad 2023, agus an saol iar-Chóibhide a phlé, Daragh Ó Conchúir ag caint ar spreagadh sa spórt, agus míníonn Emmet Ryan an USB-C agus an nasc idir Kim K agus crypto...!

Buiséad 2023, Réim Taylor Swift, @Houses_to_Restore, agus Spóirt na Seachtaine 30.09.2022

Ar Splanc: Buiséad 2023 mínithe in 5 nóim; cúrsaí NFL agus beoir na míosa; conas do theach a athchóiriú don gheimhreadh fuar romhainn; tionchar Taylor Swift ar an earnáil cheoil; agus príomhscéalta spóirt na seachtaine. Tá Gráinne Ní Aodha, Emmet Ryan, Emma Ní Chearúil, Shay Lally, agus Daragh Ó Conchúir sa stiúideo le Cuán Ó Flatharta - agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag splanc@newstalk....

Julie Jay, Taisceadán Disney+, Ciarán Mac an Bhaird agus Daragh Ó Conchúir 23.09.2022

Labhraíonn Cuán le Julie Jay faoina seó 'Oops This is Toxic' agus a colún nua tuismitheoireachta; cuireann Peadar Ó Caomhánaigh a rogha ó Disney+ sa Taisceadán Cultúrtha; caint ar chúrsaí leictreachais agus na Breataine le Ciarán Mac an Bhaird; agus AFL agus cúrsaí bainistíochta le Daragh Ó Conchúir.

Bás na Banríona, Don't Worry Darling, Heat 2, agus Spóirt na Seachtaine 09.09.2022

Clár lán go béal ina bhfuil Cuán i gcomhrá le Ciarán Dunbar faoi Liz Truss agus bás na banríona, agus le comhfhreagraí popchultúir Róisín Ní Mhaoláin mar gheall ar dhráma Don't Worry Darling. Tá Rónán Mistéil sa gcúinne leabhar agus Heat 2 léite aige dúinn, agus tá Daragh Ó Conchúir ar ais le scéalta spóirt na seachtaine.

An bhfuil geimhreadh crua romhainn? - Cúrsaí fuinnimh, scéalta na seachtaine, rogha teilifíse agus spóirt 02.09.2022

Ar Splanc le Cuán Ó Flartharta míníonn Aideen O'Dochartaigh cúrsaí leictreachais agus conas déileáil leis an gcostas an geimhreadh seo, tá Angus Lambkin ó na Náisiún Aontaithe linn le tuilte na Pacastáine a phlé, Sinéad Ní Uallacháin ag roinnt a rogha cláracha Netflix, agus galf agus peil na mban a bheidh idir chamáin ag Cuán agus Daragh Ó Conchúir!

Robert Troy, Sanna Marin, Tástáil Drugaí ag Electric Picnic, agus ré nua TG4 26.08.2022

Ar Splanc na seachtaine seo tá Gráinne Ní Aodha sa stiúideo le Cuán agus mórscéalta na seachtaine á bplé acu, tá Conchúr Ó Faoláin, Clár Reachtaire Raidió na Life linn le #ReduceTheHarms agus tástáil drugaí ag an bPicnic Leictreach a phlé, labhraíonn Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont faoina fhís don stáisiún agus tá Daragh Ó Conchúir linn le rugbaí na mban agus Man Utd a phlé!

Scéalta na Seachtaine, Micheál Ó Coileáin, Martha the Vegan agus Cúrsaí Spóirt 19.08.2022

Ar Splanc na seachtaine labhraíonn Cuán Ó Flatharta le Ciarán Mac an Bhaird faoi thrioblóid ar an Luas, cúrsaí Breatimeachta, agus an trí áit is fearr in Éirinn le saoire a chaitheamh iontu. Agus Micheál Ó Coileáin á chomóradh, míníonn Pól Ó Murchú, gaol leis, a thábhacht agus áit inár stair. Shiúil Martha Daltaon Slí Chiarraí agus bhain sí an-sult as bia véigeánach ar an mbealach, roinn sí a tait...

Grúpaí WhatsApp, Olivia Newton John, Polasaí Teanga agus Cúrsaí Tithíochta 12.08.2022

Ar Splanc Newstalk na seachtaine seo tá Cuán ag labhairt le hEoin Ó Catháin faoi scéalta na sceachtaine, leis an Dr. John Walsh faoina leabhar nua 100 Years of Irish Language Policy 1922-2022, beidh Eímear Nic Oireachtaigh ar an gclár ag caint ar chúrsaí tithíochta i measc mac léinn na tíre, agus beidh Daragh Ó Conchúir ag plé cluichí agus cúrsaí spóirt!

Sabina Higgins, Mad Max, Oireachtas 2022, agus Spóirt na mBan 05.08.2022

Clár lán go béal - ar Splanc na seachtaine seo labhróidh Cuán le Louise Ní Dhaibhéid mar gheall ar Oireachtas na Samhna 2022 agus scoláireacht mháistreachta Ollscoil Mhá Nuad, beidh Áine Ní hAberlín linn le spóirt na mban, cuirfidh Peadar Ó Caomhánaigh rogha nua scannán sa Taisceadán Cultúrtha, agus pleifidh Lucy de Faoite scéalta na seachtaine!

Athrú Aeráide, Kylie Jenner, Gnéasoideachas agus Leabhra Féinchabhracha 29.07.2022

Ar Splanc na seachtaine seo beidh Hugh Carr ag plé scéalta na seachtaine le Cuán, beidh Áine Ní Ghráda ag caint linn faoin gcuraclam nua gnéasoideachais i scoileanna agus faoi dhrochúsáid ghnéasach íomhábhunaithe. Beidh Rónán Mistéil linn agus leabhra féinchabhracha á léamh aige le mí anuas - an bhfuil a shaol athraithe?! Agus beidh Daragh Ó Conchúir ag caint ar chúrsaí spóirt

Tonn Teasa, Fuathchaint, Comhionannas sa Cheol agus Craobh Iomána 22.07.2022

An tseachtain seo ar Splanc na Seachtaine le Cuán Ó Flatharta beidh Gráinne Ní Aodha le scéalta nuachta na seachtaine, Daragh Ó Conchúir leis an spórt, Ola Majekodunmi ag caint ar reachtaíocht nua fhuathchainte, agus Conor Brummell ag plé Why Not Her?, feachtas atá ag iarraidh níos mó éagsúlachta a chloisteáil ar an raidió.

Glastonbury, Roe v Wade, 'Idol' le Louise O'Neill, Spórt, agus Cultúr 01.07.2022

An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta beidh Peadar Ó Caomhánach ag roghnú scannán agus sraitheanna teilifíse dá Thaisceadán Cultúir, beidh Róisín Ní Mhaoláin ag breathnú siar ar Glastonbury agus an tionchar a bhí ag Roe v Wade ar an bhféile, pléifidh Rónán Mistéil leabhar nua Louise O'Neill, 'Idol', agus beidh Daragh Ó Conchúir linn le scéalta spóirt na seachtaine.

Listen to the Splanc podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.