Newstalk

Splanc

Arts EN ↓ 638 episodes

Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at  http://newstalk.com/listenlive  | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk

Author

Newstalk

Category

Arts

Podcast website

www.newstalk.com

Latest episode

Jul 10, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Superbowl, Grammy's, roghanna saoil agus Sinn Féin 09.02.2024

Eoin Ó Catháin, Conall Mac Dhonnagáin, Sorcha Grieswood agus Daragh Ó Conchúir ar an gclár ag caint ar na scéalta is spéisiúla atá i mbéal an phobail go dtí seo i mí Feabhra

Bratacha Bríde, Deepfakes agus Chicken Dates, Stormont agus Wimbledon 02.02.2024

Katie Ní Fhaoláin, Louisa Ní Éideáin, Gráinne Ní Aodha agus Daragh Ó Conchúir linn an tseachtain seo le spórt, scéalta, siamsaíocht agus stair na féile Bríd - buaicphointí uile na seachtaine anseo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta! splanc@newstalk.com

Club Leabhar Splanc: The DaVinci Code 26.01.2024

Bhí sé thar am againn a phodchraoladh féin a thabhairt do Chlub Leabhar Splanc. Bí linn uair sa mí le Rónán Mistéil agus Cuán Ó Flatharta. Léigh na leabhra linn, agus labhair linn ag splanc@newstalk.com le do thuairimí a roinnt linn! Leabhra Feabhra: Small Things Like These agus So Late in the Day le Claire Keegan

Ian Bailey, Oscars, Ozempic, DaVinci Code agus Six Nations 26.01.2024

Ursula Ní Shabhaois le scéalta polaitíochta - agus scannánaíochta - na seachtaine, Kate Demolder mar gheall ar an druga Ozempic agus a úsáid, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ar DaVinci Code, agus Daragh Ó Conchúir maidir leis na Sé Náisiúin

Scéalta nuachta na seachtaine; 50 bliain ar aghaidh ó fheachtas stairiúil chraolacháin Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge; na cláir theilifíse gur chor dúinn breathnú ar; agus scéalta spóirt na seachtaine 19.01.2024

Pléann Emmet Ryan scéalta na seachtaine le Cuán; faighimid léargas ó Cholm Mac Gearailt ar fheachtas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus iad ag iarraidh craolacháin i nGaeilge 50 bliain ó shin; insíonn Sinéad Ní Uallacháin dúinn faoi na cláir theilifíse is fearr faoi láthair; agus tá Daragh Ó Conchúir ag déanamh cur síos ar an méid atá ag titim amach sa spórt.

Splanc OTB: Scéalta Spóirt na Seachtaine 17.01.2024

lenár gcara Daragh Ó Conchúir

Epstein, Athrú Saoil, 90's Nostalgia agus Bill Belichick 12.01.2024

Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars',...

Súil chun cinn ar 2024, agus mná ar chóir ceiliúradh do Nollaig na mBan! 05.01.2024

Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus...

Splanc Wrapped: Leabhair na bliana le Rónán Mistéil 03.01.2024

Súil siar ar na leabhair ba mhó a thaitin lenár léirmheastóir

Splanc Wrapped: Leabhra na Bliana, Mórscéalta Spóirt agus Teic, Albaim 2023, Spreagadh don Bhliain 2024 29.12.2023

Caitheann Cuán súil siar ar scéalta 2023 anocht le cúnamh roinnt dár gcomhfhreagraithe: teicneolaíocht na bliana le hEmmet Ryan, albaim 2023 le hEmma Ní Chearúil, mórscéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus leabhra na bliana le Rónán Mistéil - AGUS spreagadh don athbhliain ó Sheán Ó Dubhchon a labhraíonn faoina aistear aclaíochta i 2023!

Mórscéalta 2023, Leabhra agus Féiríní don nóiméad deireanacha, agus Spóirt na Seachtaine 22.12.2023

Súil siar ar mhórscéalta agus popchultúr na bliana le Louisa Ní Éideán. Conall Mac Dhonnagáin agus Rónán Mistéil le moltaí léitheoireachta Nollag, agus leabhra a bhféadfaí ceannach ag an nóiméad deireanach don Nollaig, agus Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine seo.

Córas onóir in Éirinn, na scéalta is déanaí don Pháirtí Coimeádach sa Bhreatain, moltaí teilifíse ar Netflix don Nollaig, flaithiúlacht JP McManus, agus na scéalta móra eile 15.12.2023

Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir l...

McGregor san Áras, Mary Robinson agus ról na mban i ndul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, siamsaíocht & nósanna na Nollag agus scéalta móra spóirt 08.12.2023

An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht in...

Shane McGown, Spotify, Siopadóreacht agus Scannáin Nollag! 01.12.2023

An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.

Trump, Suella, Greenwashing, Grammys agus Geansaithe Peile! 17.11.2023

Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne...

Comhthionól maidir le Drugaí, Britney, Pasfhocail agus Rugair 27.10.2023

An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!

Uasdátú ar Gaza, deireadh le ré na hÉireann sa rugair, ADHD, Britney, Beckham, Taylor agus IMRAM 20.10.2023

An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta

An Buiséad, Iosrael & An Phailistín, Duilíní Pá, Scannáin Chompoird agus Rugair na Seachtaine 13.10.2023

Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn l...

Rupert Murdoch, Latte Spíosrach Puimcín, We Don't Know Ourselves agus Spóirt na Seachtaine 06.10.2023

Tá Cuán ar ais sa gcathaoir agus sa stiúideo leis tá Emmet Ryan ón Business Post leis na scéalta atá i mbéal an phobail, Deirdre Ní Chearúil dár líonadh le spiorad an fhómhair, leabhar Fintan O'Toole á phlé ag Rónán Mistéil, agus scéalta spóirt na seachtaine le Cárthach Bán Breathnach

Na Rómhánaigh, Grá ar an Trá, Scannáin Teaghlaigh, agus Aintiúin Spóirt 22.09.2023

Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twit...

Fianna Fáil agus na feirmeoirí; taithí duine ag glacadh frithdhúlagrán, 'End Child Poverty Week' agus na dúshláin do pháistí atá ina gcónaí i mbochtanas; agus na hamhráin gur chor canadh ag cluichí móra spóirt 15.09.2023

Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.

Toghchán Mheiriceá, nuacht na seachtaine, aistear aclaíochta agus scéalta spóirt 08.09.2023

Déanann Ciarán Mac an Bhaird cur síos ar scéalta na seachtaine, insíonn Seán Ó Dubhchon dúinn faoina haistear dornálaíochta, tugann Rónán Ó Muirthile léargas ar thoghán Mheiriceá 2024, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt ar fad.

Electric Picnic, Cúla 4, Vera Pauw, agus deireadh le hObair Bhaile?! 01.09.2023

Hugh Carr (scéalta na seachtaine), Emma Ní Chearúil (Electric Picnic), Niamh Ní Chróinín (Cúla 4), Daragh Ó Conchúirt (spóirt na seachtaine) ar Splanc le Cuán Ó Flátharta inniu!

Fighting Irish i mBÁC, Sábháilteacht na hArdchathrach, Rhasidat Adeleke, agus The Ultimatum 25.08.2023

Scéalta le hEoin Ó Catháin, Sinéad Ní Uallacháin, Jeaic Mag Fhinn agus Cian Ó Griallais.

Best Of: Barbenheimer, Chicken Shop agus An Phailistín 18.08.2023

Agus Cuán ar a laethanta saoire táimid ag éisteacht siar le míreanna a bhaineamar taitneamh astu le cúpla seachtain anuas - le Rónán Mistéil, Donncha Ó Murchú, Sinéad Ní Uallacháin, Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin

Listen to the Splanc podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.