Newstalk
Splanc
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Spóirt: URC, Iománaíocht agus Sacar na mBan 06.06.2025 20:40
Labhraímid le James Ó Flatharta faoi Lancaster ina bhainisteoir ar Chúige Chonnachta, Luimneach agus Corcaigh san iománaíocht agus bua fhoireann na hÉireann i gcoinne na Slóivéine i sacar na mban.
Scéalta: Éide Scoile, morgáistí 100% agus AI 30.05.2025 29:14
Labhraímid le hAisling Ní Bhrádaigh (Ceannasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn) faoi rialacha maidir le héide scoile, an seans go dtiocfaidh morgáistí 100% ar ais in Éirinn agus intleacht shaorga ag leibhéal na hEorpa.
Cén fáth a bhfuil Trump ag díriú ar Harvard? 30.05.2025 20:45
Labhraímid le hIseult O'Callaghan (Dlíodóir le Máistreacht sa Dlí ó Harvard) faoi dhaltaí idirnáisiúnta i Harvard a bheith i mbaol agus cén fáth a bhfuil Trump dírithe ar an ollscoil áirithe sin.
Moltaí na Seachtaine 30.05.2025 7:00
Cad ba cheart dúinn breathnú air, éisteacht leis nó dul chuige? Roinneann Cuán a chuid moltaí daoibh don tseachtain seo.
Ar cheart dúinn na Normannaigh a chomóradh? 30.05.2025 21:46
Labhraímid le Cúán de Búrca (Láithreoir le Raidió na Life agus Dúchas ar Raidió Rí-Rá) faoi na Normannaigh agus faoi ar cheart dúinn comóradh nó ceiliúradh a dhéanamh ar chodanna conspóideacha den stair.
Spóirt: Craobhacha na hÉireann faoi lánseoil agus tubaiste i Learpholl 30.05.2025 20:16
Pléimid an chéad bhabhta de Chraobh na hÉireann sa pheil, an dara babhta den Chraobh camógaíochta ag an deireadh seachtaine agus an tubaiste ag paráid i Learpholl le Daragh Ó Conchúir (Tuairisceoir spóirt).
Scéalta: Iosrael, Mo Chara sa chúirt agus galtoitíní 23.05.2025 31:34
Labhraímid le Katie Whelan faoi hyrox, vapes, Iosrael agus eile.
Teacht Aniar le Diarmuid Lyng 23.05.2025 21:29
Labhraímid le Diarmuid Lyng faoi Teacht Aniar, ionad cultúrtha agus teanga a bhfuil maoiniú á lorg aige chun é a bhunú.
Moltaí na Seachtaine 23.05.2025 8:17
Tugann Cuán a chuid moltaí le haghaidh nithe ar cheart éisteacht leo, breathnú orthu nó dul chucu an tseachtain seo.
Iompar ag ceolchoirmeacha 23.05.2025 20:19
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi drochiompar ag ceolchoirmeacha agus na ceolchoirmeacha ar bhreá leis dul siar chucu.
Spóirt: Skorts, Tottenham agus sacar na hÉireann 23.05.2025 21:43
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir faoin vóta ar skorts agus scéalta spóirt eile na seachtaine.
Mórscéalta: Eitleán nua Trump, Pápa nua agus Taco Bell 16.05.2025 30:50
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoin eitleán atá Trump ag fáil ó Qatar, coimeádaigh ag éirí míshásta faoin bPápa nua agus Taco Bell ag teacht go hÉirinn.
University Challenge: Oscar Despard 16.05.2025 18:16
Labhraímid le hOscar Despard, Captaen fhoireann Christ's College Cambridge a bhuaigh University Challenge.
Anailís Albaim: Stankonia 16.05.2025 29:10
Labhraímid le hEmma Ní Chearúil faoi Stankonia ó Outkast, a cuireadh sa Rock n Roll Hall of Fame le déanaí.
Spóirt: Peil iontach agus Rachael Blackmore ag éirí as 16.05.2025 20:02
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi chraobhacha iontacha peile, Rachael Blackmore ag éirí as agus deireadh le clár rugbaí 7s na bhfear.
Mórscéalta: Skorts, Eoraifís agus tsar tithíochta 09.05.2025 33:50
Labhraímid le Gráinne Ní Aodha faoi agóidí i gcoinne skorts sa chamógaíocht agus i gcoinne Iosrael ag an Eurofís, chomh maith leis an titim amach mar gheall ar ról agus pá don tsar tithíochta.
Reic 10 mbliana ar an bhfód 09.05.2025 14:33
Labhraímid le Ciara Ní É, Bunaitheoir Reic, faoin oíche filíochta ó bhéal a bheith ar an bhfód ar feadh 10 mbliana agus faoin imeacht a bheidh acu sa Briery Gap i gCorcaigh ar an 16ú Bealtaine.
Leabhair: Burn After Reading agus Fun and Games 09.05.2025 23:48
Labhraímid le Katelynn Hayes faoi dhá leabhar - Burn After Reading le Catherine Ryan Howard agus Fun and Games le John Patrick McHugh - agus faoi bheith ag léamh i ré na meán sóisialta.
Spóirt: Skorts agus deis caillte ag Laighean 09.05.2025 27:32
Pléimid na hagóidí i gcoinne skorts sa chamógaíocht agus cailliúint Chúige Laighean i gcoinne Northampton sa rugbaí le Daragh Ó Conchúir.
Splanc Scéalta: Kneecap, briseadh cumhachta agus Ceanada 02.05.2025 31:32
Labhraímid le Dr Katie Whelan faoi ráitis Kneecap, briseadh cumhachta sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus toghchán Cheanada.
Cén áit in Éirinn ar cheart duit dul? 02.05.2025 18:17
Labhraímid le Jamie Ó Flannúra faoi na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu i rith an tsamhraidh.
Sinners, The Last Of Us agus Doctor Who 02.05.2025 27:00
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi na scannáin agus cláracha teilifíse ar cheart duit a bheith ag breathnú orthu.
Splanc OTB: Craobhacha CLG agus Laighean sa rugbaí 02.05.2025 22:54
Labhraímid le James Ó Flatharta faoi chraobhacha Chonnachta agus na Mumhan sa pheil agus Laighean i gcoinne Northampton sa rugbaí.
Splanc Leabhair 25.04.2025 22:04
Labhraíonn Rónán Mistéil agus Cuán faoin leabhar 'Great Expectations' le Vinson Cunningham.
Splanc Scéalta 25.04.2025 37:32
Labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán faoi scéalta na seachtaine; Kneecap ag Caochella; figiúirí tógála ón CSO; alt ar an leibhéal bá a léiríonn daoine do thrágóidí éagsúla, ina measc.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.