Seán Ó Dubhchon
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Ar 'Seal le Seán', téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie
Author
Seán Ó Dubhchon
Category
Podcast website
Latest episode
Jul 10, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Méabh Ní Choileáin 25.03.2023 27:02
Labhraíonn Méabh Ní Choileáin le Seán faoina leabhar nua 'Freya Harte is Not a Puzzle', a saothar leathan agus a cú Liadh.
Daithí O'Donnell 25.03.2023 12:22
Labhraíonn Daithí O'Donnell le Seán faoin dráma Waltsáil Abhaile agus faoina shaothar leathan aisteoireachta.
Jeaic Mag Fhinn 25.03.2023 28:47
Labhraíonn Jeaic Mag Fhinn le Seán faoi chúrsaí stíle, faisean inbhuanaithe agus Aonach Amárach.
Katie Ní Riain 25.03.2023 20:51
Labhraíonn Katie Ní Riain le Seán faoi chúrsaí stíle, faisean inbhuanaithe agus Aonach Amárach.
Jarlath Burns 18.03.2023 14:22
Labhraíonn Jarlath Burns le Seán faoi bheith tofa mar Uachtarán Nua ar an CLG, an méid atá bainte amach aige leis an CLG agus na spriocanna móra atá aige amach romhainn.
Bláithín Mhic Cána 18.03.2023 29:26
Labhraíonn Bláithín Mhic Cána le Seán faoina cuid amhránaíochta, cúrsaí drámaíochta, oideachas, cearta teanga agus cultúrtha, agus an méid atá a bhaint amach ag Gaelphobal Ard Mhaca Theas.
Ciana Ní Churraoin 18.03.2023 22:10
Labhraíonn Ciana Ní Churraoin, buaiteoir Craobh Ceannais na hÉireann sa liathróid láimhe, le Seán faoin méid atá bainte amach aici sa spórt, seal a chaith sí i Meiriceá ag obair ar MA agus an méid atá idir láimhe aici le comhairleoireacht spóirt, cóitseáil, peil, rothaíocht agus go leor eile.
Cian Mac Coisteala 18.03.2023 27:30
Labhraíonn Cian Mac Coisteala le Seán faoin bpodchraoladh iontach Nóisin, a shaothar craoltóireachta, an saol ollscoile agus go leor eile.
Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta 11.03.2023 23:46
Labhraíonn Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta le Seán faoin EP nua atá eisithe acu, Bláth na hÓige agus an méid atá bainte amach agus ar siúl acu.
Oran Ó Donnabháin 11.03.2023 40:05
Labhraíonn Oran Ó Donnabháin faoina scéal ionsporáideach agus a shaothar, an méid atá ar siúl aige mar chóitseálaí nirt agus aclú agus an ról atá aige le forne Shelbourne FC.
Nicole Ní Dhubhshláine 11.03.2023 18:22
Labhraíonn Nicole Ní Dhubhshláine le Seán faoina saothar ceoil, a sraith 'An Braon Gaelach' agus a cuid oibre mar léiritheoir cúnta.
Tadhg Mac Eoghain 11.03.2023 25:06
Labhraíonn Tadhg Mac Eoghain le Seán faoi An Foclóir Aiteach agus a saothar leathan i gcúrsaí sochtheangolaíochta agus scríbhneoireachta.
Odí Ní Chéilleachair 04.03.2023 17:36
Labhraíonn Odí Ní Chéilleachair le Seán faoi Chomórtas Corn Uí Chon Ceanainn, agus faoi shaol agus saothar Chiaráin.
Paula Melvin 04.03.2023 24:30
Labhraíonn Paula Melvin le Seán faoina céad bliain mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus faoi Ghradam DCU Alumni a bronnadh uirthi le déanaí.
Pádraig Ó Liatháin 04.03.2023 22:03
Labhraíonn Pádraig Ó Liatháin le Seán faoina shaothar leathan, agus faoina leabhar nua ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2: 1940’.
Seán Fahy 04.03.2023 10:13
Labhraíonn Seán Fahy le Seán faoin tsraith Glór Tíre a bhuachaint, a chuid ceoil agus an méid atá ag teacht aníos i mbliana.
Kayte O’Malley 04.03.2023 14:31
Labhraíonn Kayte O’Malley le Seán faoina cuid craoltóireachta le iRadio, a cuid léiritheoireachta le Red Shoe Productions agus go leor eile.
Rian Ó Dúill 25.02.2023 27:03
Labhraíonn Rian Ó Dúill le Seán faoin méid atá ar siúl aige agus bainte amach aige le BBC Blas: Ón Taobhlíne, le cúrsaí tráchtaireachta agus an tsraith nua 'Lár na Páirce' ar Raidió Fáilte.
Stiofán Ó Fearaíl 25.02.2023 24:12
Labhraíonn Stiofán Ó Fearaíl le Seán faoin albam nua - Anuas - atá eisithe ag Seo Linn.
Sharpson 25.02.2023 37:10
Labhraíonn Sharpson le Seán faoina shaothar leathan ceoil, idir DJáil, léiriú agus a hamhráin eisithe. Insíonn sé do Sheáin faoina lipéid - Choki Biki - agus tograí ar nós Double Screen.
Caitlín Nic Aoidh 25.02.2023 17:27
Labhraíonn Caitlín Nic Aoidh le Seán faoin gcairpéad dearg ag na BAFTAs, an t-agallamh a rinne sí le Paul Mescal (a bhí ag treochtáil ar líne), a madra Muirigh agus tograí móra le TG4.
Donncha Ó Murchú 25.02.2023 20:55
Labhraíonn Donncha Ó Murchú le Seán faoin tiomsaitheoir atá a eagrú le seomra ranga nua a thógáil do Khindergarten Zahrat Al Yasmeen sa Phailistín, an méid atá ar siúl aige le TG4 agus Nuacht TG4, agus an méid atá bainte amach aige san iománaíocht le déanaí.
Seán T. Ó Meallaigh 17.02.2023 25:39
Labhraíonn Seán T. Ó Meallaigh le Seán faoin dráma Minimal Human Contact, camchuairt a bheidh ar siúl i mí Márta, ainmniúchán atá faighte aige ag na Irish Times Theatre Awards agus go leor eile.
Marcus Ó Buachalla 17.02.2023 42:52
Labhraíonn Marcus Ó Buachalla le Seán faoina chuid oibre le Leinster Rugby, mar thráchtaire spóirt agus go leor eile.
Cormac Chambers 17.02.2023 13:18
Labhraíonn Cormac Chambers le Seán faoi Féile Nasc 2023.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.