Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

Society GA ↓ 665 episodes

Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie

Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.raidionalife.ie

Author

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Category

Society

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

Oct 2, 2026

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android almost 10M downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Oireachtas na Samhna agus na Gradaim Cumarsáide - Rossa Ó Sioradáin 24.10.2025

Comhrá le Rossa Ó Sioradáin agus Oireachtas na Samhna ag druidim linn go luath. Plé ar an 4 ainmniúcháin atá faighte ag Raidió na Life i mbliana - beo ar Eadra Craolta 23.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Saighdiúir F 'Neamhchiontach' - Jack Mac Íomhair 24.10.2025

Agallamh le Jack Mac Íomhair, Stiúrthóir Chultúrlann Uí Chanáinn i nDoire faoin nuacht gur chinn Cúirt Corónach Bhéal Feirste go raibh an saighdiúir ar a ghlaoitear 'Soldier F' neamhchiontach i ndúnmharaithe beirt agus iarracht ar dhúnmharú ar cúigear eile ar Dhomhnach na Fola (30ú Eánair 1972). Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan g...

Triail Saighdiúir F: Ciarán Ó Pronntaigh, iriseoir 24.10.2025

Agallamh le Ciarán Ó Pronntaigh maidir le cinneadh Chúirt Chorónach Bhéal Feirste go bhfuil an saighdiúir ar a ghlaoitear 'Soldier F' neamhchiontach de bharr easpa fianaise. Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Cúrsaí Talmhaíochta - Máire Ní Shineoid, Tuairisceoir Talmhaíochta 24.10.2025

Agallamh le tuairisceoir tailmhaíochta Máire Ní Shineoid. Craolta 21.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Ross Ó Colmáin - Gearrscéal 23.10.2025

Bhí an scribhneoir Ross Ó Colmáin linn sa stiúideo chun taifead a dhéanamh ar an gearrscéal nua aige. Chuir Ross in iúl dúinn gurbh é lá idirnáisiúnta na stadaireachta a bhí ann inné. Mar sin rinneamar iarracht an taifeadadh seo a choinneáil chomh barántúil agus ab fhéidir. Bhí Martina in éineacht le Ross chun cabhrú leis le linn an tseisiúin taifeadta. Tugann an scríbhneoireacht isteach i saol Ro...

Scrathóg S3E07 - Bye Week d'Fhoireann Scrathóg! 22.10.2025

'Bíonn bye week ag foireann Scrathóg?' a deir tú. 'Ar ndóigh!', a deirfimid. Bhuel, táimid ar ais ón mbriseadh beag le gortú amháin le tuairisciú, agus an t-Uasal Ó Flatharta amach ar feadh seachtain amháin ar a laghad. An mbeidh Conchúr agus Naoise in ann podchraoladh iomlán a chur le chéile le James in easnamh? Nó an dtitfidh an podchraoladh as a chéile? Tabharaigí bhur mbreithiúnas féin! Bucs L...

An Spota Dubh: Scarlett Herron agus cluiche mór na hÉireann 22.10.2025

Bhí imreoir Hibernian Scarlett Herron ag caint le Cárthach faoi cluiche mór na mBan i gcoinne na Beilge ar an Aoine agus an club nua atá aici anois in Albain. An Spota Dubh: Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. comhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine.

Mullach a' tSí - Liam Lonergan 21.10.2025

An ceoltóir ag labhairt faoina albam nua le hAoife Nic Dhomhnaill. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Comórtas Filíochta Fhéile Raifteirí - Cúán de Búrca, file 21.10.2025

Labhair an fhile linn faoin ngradam atá bainte amach aige le déanaí. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Ros na Rún 30 Bliain ar an bhFód - Máire Eilis Ní Fhlatharta 21.10.2025

Labhair an t-aisteoir linn faoin ócáid. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Tuairisc 21ú Deireadh Fómhair 2025 21.10.2025

San eagrán seo, an feachtas uachtaránachta. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.

Tuairisc 14ú Deireadh Fómhair 2025 21.10.2025

San eagrán seo, mórscéalta sna meáin, ach go háirithe RTÉ. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.

An Bhreith Anabaí - Úna Ní Fhlanagáin, ceoltóir 20.10.2025

An ceoltóir ag labhairt faoin bpíosa ceol agus gluaiseacht a chruthaigh sí leis an damhsóir clúiteach Melisandre T-B. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Aoife Ní Bhriain Beo sa Stiúideo 20.10.2025

Caint agus ceol ón gcruitire.

Féíle Ghrinn na Gaillimhe - Aideen McQueen 20.10.2025

Labhair an fuirseoir linn faoina seó atá mar chuid den fhéile. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Cáinaisnéis 2026 agus an Ghaeilge - Róisín Ní Chinnéide 20.10.2025

Agallamh le Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta ó dheas le Conradh na Gaeilge, faoi cháinaisnéis na bliana 2026 agus na himpleachtaí don Ghaeilge ann - beo ar Eadra. Craolta 08.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

2 Bliain de Chogadh i nGaza 20.10.2025

Agallamh le hAonghus, atá mar oibrí daonnchairdeas idirnáisiúnta, faoi chúrsaí daonnúil i nGaza dhá bhliain ó thús na coimhlinte. Craolta 08.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Conall Ó Móráin - Cáinaisnéis 2026 20.10.2025

Agallamh le Conall Ó Móráin - tráchtaire ar chúrsaí eacnamaíochta agus láithreoir 'That Great Business Show' maidir le Cáinaisnéis 2026. Tuilleadh ó Chonall: https://www.thatgreatbusinessshow.com/#podcast Craolta 08.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Muiris Ó Cearbhaill - Cáináisnéis 2026 20.10.2025

Agallamh le Muiris Ó Cearbhaill, eagraí polaitiúil le Irish Daily Mail, maidir le seoladh na Cáinaisneise 2026. Craolta 08.10.25 Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Raidió na Life ag Gradaim Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta 2025 20.10.2025

Bhí Raidió na Life i láthair ag Gradaim Dhea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta ag an deireadh seachtaine agus an stáisiún mar iomaitheoir náisiúnta i gcatagóir na Gaeilge. 'Siad Na Gaeil CLG ó Thrá Lí a bhain an gradam sin amach i mbliana agus bhí deis ag tuairisceoirí Raidió na Life, MaryKate Ní Artáin agus Carla Ní Raghallaigh labhairt le hurlabhraithe ón gclub agus le rannpháirtithe eile ar a...

Nuachtáin an Luain: 20 Deireadh Fómhair 2025 20.10.2025

Judy-Meg Ní Chinnéide ag plé na nuachtáin agus cúpla dea-scéal ar Eadra, clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM

What the Focal!? - S2 - Dr. Deirdre Nic Chárthaigh 20.10.2025

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchroladh seo an leagan is déanaí den tsrai...

An Spota Dubh: Seanchairde in aghaidh a chéile sa URC 15.10.2025

Bhí Jeff Neville linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche mór idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ag an deireadh seachtaine. An Spota Dubh: Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. comhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine.

Scoil na Sléibhte - Caoimhe Ní Shúilleabháin, Ceannasaí Fuiseog 14.10.2025

Insíonn ceannasaí Fuiseog dúinn faoin tum-chúrsa Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge i gCill Mhantáin, Scoil Na Sléibhte. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Seo Chugainn na Mná - Evanne Kilgallon 14.10.2025

Phléasc Evanne Kilgallon ar ár scáileáin i ndráma Chris O'Dowd, Small Town, Big Story agus anois tá sí sa dráma Seo Chugainn na Mná mar chuid den Irish Arts & Human Rights Festival. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM

Listen to the Raidió na Life 106.4FM podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.