Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Raidió na Life 106.4FM
Stáisiún raidió lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne ag www.raidionalife.ie. Irish language community radio station based in Dublin and serving the greater Dublin area as well as the Irish language community nationally and worldwide on www.raidionalife.ie
Be sure to visit the podcast's website and support the creator: www.raidionalife.ie
Author
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Category
Podcast website
Latest episode
Oct 2, 2026
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
Scrathóg S3E13 - Babhta Wildcard 06.01.2026 1:06:47
Táimid druidte anois ag na playoffs! 6 cluichí ollmhóra ós ár gcomhair, agus tá na leaids chun plé a dhéanamh ar gach ceann dóibh, agus a rogha do na buaiteoirí a roinnt linn comh maith. Scrathóg: Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás d...
Tuairisc 6ú Eanair 2026 06.01.2026 27:31
San eagrán seo, plé ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Tuairisc 30ú Nollaig 2025 06.01.2026 28:21
San eagrán seo, ag leanúint leis an súil siar ar mhór-ócáidí na bliana. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Tuairisc 23ú Nollaig 2025 06.01.2026 28:07
San eagrán seo, súil siar ar mhór-ócáidí na bliana. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Tuairisc 16ú Nollaig 2025 06.01.2026 26:42
San eagrán seo, cúrsaí in RTÉ. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Rithim na Cathrach: Scéalta Reatha - Félim Ó Maolmhana 050126 06.01.2026 25:41
Labhair Felim linn faoi chúrsaí i Veiniséala, nasc níos cóngaraí á bheartú ag Keir Starmer leis an Aontas Eorpach agus tuairimíocht san Irish Times maidir le feabhas a chur ar chúrsaí polaitíochta sa tír seo. Dáta craolta: 050126 Clár maidine Gaeilge ar Raidió na Life le Barra Mac Aodha Bhuí, á chraoladh ó Luan go hAoine ag 08:00, le ceol agus comhrá.
Dubhghlas: Clár Faisnéise 26.12.2025 57:30
Ceannródaí Gaeilge agus céad Uachtarán na hÉireann, tá neart léinn dírithe ar Dhubhghlas de hÍde in imeacht na mblianta. Mar sin féin, is léir nach bhfuil sé éasca teacht ar thuiscint dhomhain phearsanta air mar dhuine. Fear ildánach, iltréitheach agus casta ab ea é; fear a chur cló éagsúil air féin ag brath ar na cúinsí ina raibh sé ag aon am ar leith, agus a choinnigh méid áirithe de féin faoi c...
Sábháilteacht ar bhóithre um Nollaig 23.12.2025 3:42
Agallamh leis an gharda Lee Ó Dúill maidir le sábháilteacht ar bhóithre um Nollaig Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Scrathóg S3E12 - Gortaithe go Dona 18.12.2025 44:31
Patrick Mahomes agus Micah Parsons críochnaithe don séasúr tar éis péire gortú. Cén tionchar a bheidh aige ar an dá fhoireann? An iad na Broncos an foireann is fearr san AFC? Agus an é Charlie Smyth an ciceálaí is fearr san NFL (is é, ar ndóigh)? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo. Scrathóg: Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn...
An Spota Dubh: Rásaí Séasúr Na Nollag 18.12.2025 29:29
Pléann na lads agus Paddy Desmond na mór-rásaí go léir a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana agus san athbhliain. Tugann Paddy cúpla moladh maidir le cén capall ar féidir leat do chuid airgid a chur air. An Spota Dubh: Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. comhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine.
What the Focal!? - S2 - Eoin Mc Evoy 15.12.2025 1:10:03
Cad é ‘treallús’ agus an bhfuil sé ionat? An bhfuil an ‘f déliopach’ cloiste agat? ‘Cuir’ nó ‘cur’, is cén uair? Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é stiúrthóir Aerach Aiteach Gaelach, grúpa LADTA ealaíon. Eoin a d’aistrigh Heartstopper 1 agus 2 go Gaeilge agus tá an tríú ceann idir lámha aige faoi láthair.
Nuachtáin an Luain - 15 Nollaig 2025 15.12.2025 6:46
Judy-Meg Ní Chinnéide ag plé na nuachtáin agus cúpla dea-scéal ar Eadra, clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Seoladh an Fhoclóra Nua Gaeilge 11.12.2025 40:55
Rinneadh seoladh ar an 9ú Nollaig ar an chéad sciar den fhoclóir nua aonteangach Gaeilge le Foras na Gaeilge - an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge riamh. Fuair Cara Nic Giolla Chomhaill agus Rossa Ó Sioradáin deis fhreastail ar an tseoladh. Míle buíochas le hÉanna Ó Caollaí, Ola Majekodunmi, Eoin P. Ó Murchú, Dara Calleary, Liam Mac Amhlaidh, Cormac Breathnach, Pádraig Ó Mianáin agu...
Afra-Éire - Seisiún le Mick Joyce agus Lorde Fuhl 10.12.2025 9:29
Bhí Mick Joyce agus Lord Fuhl linn ag seinm 'Nature Song' agus 'Barbed Wire'. Afra-Éire: Clár faoin bpobal Afracach-Éireannach agus ceisteanna Afracacha i gcoitinne is ea Afra-Éire. Clár bríomhar agus idirchultúrtha á chur i láthair ag Ola Majekodunmi.
Tuairisc 9ú Nollaig 2025 09.12.2025 26:44
San eagrán seo, plé ar RTÉ. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Stoirm Bram - Ferdia McCrann, Met Éireann 09.12.2025 10:41
Agallamh beo ar Eadra le Ferdia McCrann de chuid Met Éireann maidir le Stoirm Bram atá tagtha i dtír inniu 09.12.25 Tuilleadh sonraí: https://www.met.ie/ Podchraoladh: https://www.met.ie/education/podchraoladh-met-eireann/ Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Gaelscoil Choláiste Mhuire ar Raidió na Life 09.12.2025 11:02
Bhí deis ag Rang 4 Gaelscoil Choláiste Mhuire ceardlann raidió a dhéanamh linn sa stiúideo le linn mhí na Samhna 2025.
Seán de Paor ag caint le Rossa Ó Sioradáin ar Fios Feasa 08.12.2025 11:15
Tugann Seán de Paor léargas agus treoir dúinn ar an méid atá ar siúil ag cumainn CLG BÁC! Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Scannáin Uafás 2025 - Saoirse Ní Mhaoillchoille 08.12.2025 5:17
Tuairisc déanta ag Saoirse Ní Mhaoillchoille faoi Scannáin Uafás a tháinig amach le linn na bliana seo. Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Stepsisters: Réaltán Ní Leannáin, údar 08.12.2025 34:54
Tháinig an t-údar clúiteach Réaltán Ní Leannáin isteach chugainn chun labhairt faoin mbailiúcháin nua ag Mercier Press, "Stepsisters". Cnuasacht do ghearrscéalta aistrithe ón Ghaeilge ag na h-údair iad féin. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craoltar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Nuachtáin an Luain - 8 Nollaig 2025 08.12.2025 6:35
Judy-Meg Ní Chinnéide ag plé na nuachtáin agus cúpla dea-scéal ar Eadra, clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
What the Focal!? - S2 - Séaghan Ó Súilleabháin 08.12.2025 1:09:57
Cén chuid den bhliain ‘an dúluachair’? Cad atá níos mó - ualach, fuílleach, dorn, slam? An cóir dúinn na DNTLS a chaitheamh san aer? Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé a...
Rithim na Cathrach: Róisín Sheehy ag labhairt faoi Eachtraí Saíd 04.12.2025 4:50
Labhair Róisin Sheehy linn faoin leabhar Eachtraí Saíd a d'aistrigh sí agus atá díreach foilsithe ag an nGúm. Rithim na Cathrach: Á chur i láthair ag Barra Mac Aodha Bhuí ag a 08:00 Luan go hAoine
Scrathóg S3E11 - Cluichí Móra na Roinne 03.12.2025 48:50
Tá neart cluichí móra san AFC North, san NFC North agus san AFC South an deireadh seachtain seo agus muid ag teannadh le na playoffs. An mbeidh na Bears in ann fanacht ar bharr an NFC? An bhfuil an Colts i lár cliseadh iomlán? Agus an gcaillfidh na Chiefs amach ar na playoffs? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo. Scrathóg: Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mhe...
Tuairisc 2ú Nollaig 2025 02.12.2025 28:00
San eagrán seo, breathnaíonn muid ar leabhair Gaeilge don Nollaig. Tuairisc: Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh ag cíoradh na nuachta, idir phlé agus dhíospóireacht, chun lón intinne a sholáthar d’éisteoirí an stáisiúin go seachtainiúil ar a 7:00 i.n gach Máirt.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.