Na Gaelgals
Podchraoladh na Gaelgals
Is meon é a bheith i do Ghaelgal! 👯 Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal. Lean muid ar Instagram , X agus Facebook nó seol ríomhphost Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Where to listen?
Podcasts in the app Replaio Radio Coming soonPodcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts
Episodes
In Ainm (Bóín) Dé 31.03.2022 44:01
San eagrán seo, pléann Aoife, Clíodhna & Sinéad an eachtra *sin* ag na hOscars agus faitís neamhréasúnacha! Idir leithris phoiblí & féileacáin, tá tuiscint i bhfad níos fearr acu ar a chéile agus ar a lucht éisteachta. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Kerry Cowboy X Gaelgals 17.03.2022 43:47
San eagrán seo, labhraíonn Alswyn agus Dúlra le Séaghan Ó Súilleabháin, aka an Kerry Cowboy faoina ról mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, saol na tuaithe agus an saol go ginearálta. Ina theannta sin, pléann siad ábhar atá an-ghar dá gcroíthe, a madraí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Eagrán Beo le Scéim TCD 10.03.2022 42:38
Cuireadh fáilte is fichid roimh Shinéad agus Alswyn agus iad i gColáiste na Trínóide i gcomhair eagrán beo in éineacht le Scéim TCD. Labhair siad faoi 'pacáiste tosaigh' na Gaelgals agus faoi 'athshocruithe cultúrtha' na Gaeilge. Ár mbuíochas arís le Scéim TCD agus Oifig na Gaeilge TCD as an gcuireadh! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Dá mbeifeá i do bharra seacláide... 17.02.2022 34:06
Labhraíonn Alswyn, Aoife & Dúlra faoi Lá Fhéile Cailíntín, sneaiceanna & an saol faoi láthair. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
GAFA 03.02.2022 33:39
San eagrán seo, labhraíonn Sinéad, Róisín & Dúlra faoi na rudaí a bhfuil siad gafa leo le déanaí, idir Britney (samhlaigh cé a luaigh Britney...), Kanye, ceol traidisiúnta agus Tyler the Creator. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Saoire Thar Lear is Meas na Mílte 20.01.2022 36:04
San eagrán seo, labhraíonn Aoife, Lucy & Rachel faoina gcuid laethanta saoire is fearr leo thar na blianta, & roinneann siad cúpla scéal greannmhar ó na saoirí sin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Athbhliain Faoi Mhaise 06.01.2022 34:37
Caitheann Alswyn, Clíodhna & Sinéad súil siar ar bhuaicphointí pearsanta & na rudaí móra a tharla i 2021 & an athbhliain buailte linn. Labhraíonn siad faoi na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i 2022 & na rúin atá acu don bhliain nua. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Nollaig Shona! 23.12.2021 35:31
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín & Dúlra faoi dheireadh seachtaine álainn a bhí acu ag ceiliúradh lá breithe Róisín, bál sa Chlub agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo ag druidim i dtreo na Nollag. Nollaig Shona & athbhliain faoi mhaise, a chairde! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
#Influenced 02.12.2021 47:32
Labhraíonn Alswyn, Clíodhna & Rachel faoi thionchairí ar na meáin shóisialta idir na leathanaigh a thaitníonn leo i láthair na huaire & cén téama a bheadh acu dá mbeidís ina dtionchairí iad féin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Ar Bís faoin Teilifís! 18.11.2021 44:57
San eagrán seo, chun céiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Teilifíse, cuimhníonn Sinéad, Aoife & Lucy ar na gcláir teilifíse is fearr leo óna n-óige. Roineann siad moltaí teilifíse lena chéile & labhraíonn siad faoi na cláir is fearr leo ar TG4. Chomh maith leis sin, tugann Aoife uasdátú dúinn ar chonas atá ag éirí léi in Abu Dhabi (Drochscéal: Bhí uirthi cuairt a thabhairt ar...
Na Glenegals - Cuimhní an Oireachtais 04.11.2021 31:29
Cé nach raibh an chóisireacht ar siúl ag an bhféile i mbliana, bhí Alswyn, Dúlra & Sinéad thíos i gCill Áirne & phléigh siad na cuimhní is fearr atá acu ó mheitheal mór na nGael! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Trasna na Hun-ta 21.10.2021 42:18
Labhraíonn Aoife, Rachel agus Clíodhna faoi na tréimhsí atá caite acu a bheith ina gcónaí thar lear i gCeanada, sa Chatar agus Abú Daibí, agus na laethanta saoire is fearr a bhí acu. Pléann siad conas dul i ngleic le cumha baile, an brú a bhaineann le bogadh thar lear agus tugann siad neart leideanna maidir le bogadh go tír eile. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Corp agus Anam 07.10.2021 42:51
Pléann Clíodhna, Lucy & Rachel a dtaithí pearsanta lena íomhá coirp & muinín coirp mar mhná óga & muid ag maireachtail i ré na meán sóisialta. Labhraíonn siad faoin earnáil faisean & an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an íomhá coirp i gcoitinne. Má bhíonn tú ag streachailt le híomhá coirp nó neamhord itheacháin is féidir eolas & comhairle a fháil ar www.bodywhys.ie nó ar www....
Ar Ais Arís! 23.09.2021 36:23
San eagrán seo, cuireann Alswyn, Sinéad & Dúlra tús spleodrach leis an dara sraith & iad le chéile ag taifead san fhíorshaol den chéad uair le bliain go leith anuas! Tugann siad uasdátú maidir leis an méid atá ar siúl ag na Gaelgals timpeall na cruinne, déanann siad mionchíoradh ar chursaí Love Island i mbliana & leagann siad plean amach do 'Oileán Ghrá', Love Island do shaol na G...
Bréagdíospóireacht High School Musical 10.06.2021 38:08
San eagrán / díospóireacht seo, le céiliúradh a dhéanamh ar & críoch a chur leis an gcéad shraith de Phodchraoladh na Gaelgals, pléann na Gaelgals cé acu is fearr sna scannáin HSM: Gabriella nó Sharpay. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Coláistí Samhraidh: The Good, The Bad, The Ugly 03.06.2021 42:49
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Alswyn & Sinéad na cuimhní órga, aisteacha & iontacha atá acu ón dtréimhse a chaith siad ag freastal ar Choláistí Samhraidh thar timpeall na tíre! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Leabhair Power 27.05.2021 43:39
San eagrán seo, pléann Rachel, Dúlra & Sinéad leitheoireacht an Bhéarla & leitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire. Labhraíonn siad faoi na leabhair a raibh an-tionchar acu orthu & na leabhair atá ar a liosta TBR (to be read) don samhradh beag seo! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Mála Mór In-athúsáidte 19.05.2021 45:01
Labhraíonn Aoife, Lucy & Dúlra faoi chaomhnú na timpeallachta, na dúshláin a bhaineann leis & na hiarrachtaí a dhéanann siad le bheith níos cineálta don timpeallacht. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Léim Thart x Gaelgals 12.05.2021 35:43
Fáilte roimh ár gcéad aoi! Labhraíonn Sinéad, Lucy & Alswyn le Ruairí Egan / Léim Thart, láithreoir raidió, podchraoltóir & cara dár gcuid. Pléann siad an t-ábhar is fearr leo ar fad: ceolchoirmeacha. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Grá Croí nó Crá Croí? 05.05.2021 44:56
San eagrán seo, pléann Rachel, Clíodhna & Róisín cursaí grá & a dtaithí féin ag dul ar choinní thar na blianta. Labhraíonn siad faoin gcéad choinne a bhí acu riamh, drochchoinní & na deacrachtaí a bhí acu ag dul ar choinní le linn na paindéime, le cúpla scéal ón lucht éisteachta chomh maith. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Cainteoirí Dóchais: Ná BÁC leis na Haters 28.04.2021 41:50
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Sinéad & Rachel an mire mothúchán a bhaineann le bheith i do nuachainteor Gaeilge sa lá atá inniu ann. Labhraíonn siad faoin aistear foghlama a bhí acu leis an teanga & an chomhairle a thabharfaidís do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Cupán Tay 21.04.2021 45:57
In eagrán 13 pléann Aoife, Róisín agus Alswyn albam nua Taylor Swift, Fearless (Taylor’s Version), & an tionchar a bhí aici orthu ag fás aníos. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Tapaigh an Deis: Cumann Gaelach Edition 14.04.2021 42:39
Seo an dara eagrán ón bpodchraoladh beo a rinneamar le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Alswyn, Clíodhna, Dúlra & Sinéad na deiseanna oibre a fhuair siad mar gheall ar an gCuallacht & ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a bheith agat. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh...
Coiste na Cuallachta and the cófra of secrets 07.04.2021 35:35
Bhí deis iontach againn chun podchraoladh beo a thaifeadadh le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Rachel, Aoife, Róisín & Lucy na cuimhní is fearr leo óna dtréimhse sa Chuallacht - gach rud idir Bál na Gaeilge & na rudaí is neamhghnách a aimsíodh sa chófra i Seomra na Gaeilge! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is...
Is fearr cairde ná ór 31.03.2021 45:53
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín agus Dúlra faoi thábhacht an chairdis, na hathruithe a thagann ar chairdis agus tú ag dul in aois, agus faoi na cuimhní is fearr atá acu ar a chéile Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Similar podcasts
Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.