Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Blas na Cathrach

Society GA ↓ 86 episodes

Cúrsaí reatha, siamsaíocht, caint agus comhráite spéisiúla le muintir Bhaile Átha Cliath, curtha i láthair ag Joe Breathnach.

Author

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Category

Society

Podcast website

www.raidionalife.ie

Latest episode

May 27, 2025

Where to listen?

Podcasts in the app Replaio Radio Coming soon

Podcasts are coming to the app soon. Install now and be the first to see a whole new take on podcasts

Get it on Google Play Install for free Android 5M+ downloads · 4.8 rating iOS soon

Episodes

Lá breithe Bob Dylan 23.05.2023

Lá breithe Bob Dylan á cheiliúradh lena chuid amhrán i nGaeilge le Liam Ó Maonlaí agus ceoltóirí eile; agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ag caint ar nasc idir Dylan agus Raifteirí an File.

Gaeilge4All 16.05.2023

Róisín Ní Chinnéide ag caint ar fheachtas meán sóisialta do Gaeilge4All.

Aire na Gaeilge agus forbairt na Teanga 02.05.2023

Aire na Gaeilge agus na Gaeltachta Patrick O'Donovan ag caint faoi phleananna an Rialtais chun an Ghaeilge a fhorbairt trí na meáin chumarsáide agus Údarás na Gaeltachta.

Lá Mor na Gaeilge & an nuacht is deanaí 25.04.2023

Erin Mac an tSaoir ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge ag caint le Joe Breathnach faoi Lá Mor na Gaeilge ar Dé Domhnach 30 Aibreán; scéalta nuachta le ExtraG.ie; agus scéal faoin amhrán de chuid Steelers Wheel, Stuck in the Middle with You.

Amhrán nua Padraig Jack & Ciarán Ó Gealbháin buaiteoir le Seán-Nós Cois Life 11.04.2023

Padraig Jack ag caint faoina amhrán nua a shíneann amach chuig Aontachtaithe agus an t-amhránaí agus ceoltóir Ciarán Ó Gealbháin buaiteoir gradaim speisialta le Seán-Nós Cois Life.

Toghann Éire/Ireland Elects & na hathruithe ar olltoghchán 2025 04.04.2023

Labhraíonn Glen Scanlon Tims, úinéir an tsuímh ghréasáin agus an chuntais Twitter Toghann Éire/Ireland Elects, faoi na hathruithe a thiocfaidh leis an gcéad olltoghchán eile i 2025 ... nó níos luaithe

ChatGPT & an Ghaeilge 28.03.2023

Tá rabhadh tugtha ag Europol agus ollscoileanna faoi chontúirtí ChatGPT, ach is féidir leis cabhrú linn an Ghaeilge a fhoghlaim, a deir Diarmaid Mac Mathúna ó cruinneog.com

Scéalta do pháistí ar raidió RTÉ & Gaeilge ag scaipeadh ar fud na cathrach 14.03.2023

Alison Ní Mháirtín ag caint ar shraith scéalta do thuismitheoirí agus pháistí ar raidió RTÉ... agus Erin Mac an tSaoir ó Bhaile Átha Cliath Le Gaeilge ag labhairt faoin nGaeilge ag scaipeadh ar fud na cathrach.

Muintir Chrónáin ag ceiliúradh 50 bliain & Eoin Ó Broin ag plé Holly Cairns. 07.03.2023

Brian Ó Gáibhín ag caint faoi Muintir Chrónáin ag ceiliúradh 50 bliain leis an Gaeilge i gcroílár Cluain Dolcáin; agus an Comhairleoir Eoin Ó Broin, de na Daonlathaithe Sóisialta, ag plé ceannaire nua an pháirtí Holly Cairns.

Tadhg ar Twitter, Mother Tongues & San Vailintín 14.02.2023

Comhrá le 'Tadhg ar Twitter', Tadhg Hickey, an fear grinn, atá chun seónna i nGaeilge a chur ar siúl; an scríbhneoir agus drámadóir Alison Martin ag caint faoi 'Mother Tongues' agus Peter Sirr ag labhairt faoi naisc San Vailintín le Baile Átha Cliath.

Aire Comh-aireachta ag Baile Átha Cliath? 07.02.2023

Ba cheart go mbeadh Aire Comh-aireachta ag Baile Átha Cliath le buiséad chun déileáil le fadhbanna na príomhchathrach in ionad méara tofa, a deir Deirdre Heney, ceannaire Fhianna Fáil ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Agus labhraíonn an ceoltóir Blue Niall faoin tionchar a bhíonn ag ceol traidisiúnta ar a chuid ceoil nua, agus tá cuid dá cheoil le cloisteáil.

Barry Ward ar Enoch Burke & tuilleadh chomh maith le Oisín Mac Diarmada ag seinm le Music Network. 31.01.2023

An Seanadóir Barry Ward ag caint faoi Enoch Burke agus an dlí agus an-chuid eile. Oisín Mac Diarmada agus ceol ar leith le Music Network.

Women of Note ag TradFest & an iomarca TDeanna i mBÁC? 24.01.2023

Aoife Scott ag caint faoi Women of Note atá mar chuid de TradFest i mBaile Átha Cliath le Mary Coughlan, Charly Lowry agus Doireann Ní Ghlacáin ó TG4; agus Peadar Tóibín, ceannaire Aontú: An bhfuil an iomarca TDeanna i mBaile Átha Cliath?

Comhrá An tAire Ossian Smyth agus ceol nua le Moxie 03.08.2021

Ossian Smyth, TD, Aire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ag caint faoi thábhacht an gheilleagair chiorclaigh agus scéim chun airgead cúiteamh a fháil ar athchúrsáil buidéal agus cannaí. Agus beidh Jos Kelly ón mbanna Moxie ag caint faoin albam nua The Dawn of Motion.

Fothoghcháin Cuan Bhaile Átha Cliath Theas 06.07.2021

Feachtas fothoghcháin Cuan Bhaile Átha Cliath Theas. Tuairimí agus polasaithe seacht n-iarrthóir agus ionadaí le Seanadóir Ivana Bacik, Mairéad Farrell TD, Jim O'Callaghan TD, Seanadóir Barry Ward, Mairéad Tóibín, Brigid Purcell agus Owen Hanley.

Blas na Cathrach: Eagrán #BRÓD 22.06.2021

Labhraíonn Joe le haíonna speisialta agus roineann sé a rogha ceoil linn. An tseachtain seo tá Kitty Ní Houlihán le cloisteáil ag labhairt faoi Drag, Stonewall agus an pobal LADT+ Gaelach.

An Géarchéim Tithíochta & post san Aontas Eorpach 11.05.2021

Michelle Murphy ó Social Justice Ireland ag caint réiteacha féideartha ar an ngéarchéim tithíochta, Seán Kelly (FPE) ag labhairt ar phoist shinsearacha do mhuintir na hÉireann san Aontas Eorpach, agus Donal Corrigan ón Dublin Inquirer le scéalta nuachta Bhaile Átha Cliath.

Tacú leis an nGaeilge & Leave No Trace 13.04.2021

An fáth nár éirigh le rialtais i ndiaidh a chéile tacú leis an nGaeilge; agus conas gur féidir linn é sin a athrú, leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh... Agus na seacht bprionsabal a bhaineann le Leave No Trace Ireland a chabhróidh linn go léir lochanna agus tuaithe na hÉireann a fhágáil níos glaine agus níos sábháilte an samhradh seo.

Éire Aontaithe & Tábhacht na Síochána. 06.04.2021

Agallamh le Jim O'Callaghan, TD de chuid Fianna Fáil, faoina phlean d'Éire Aontaithe. Comhrá le hAmbasadóir na hÉireann chun na Cipire Deirdre Ní Fhaillúin faoin tábhacht a bhaineann le coimeádaithe síochána na hÉireann.

Laghdú ar an gcúiteamh as gortuithe pearsanta. 30.03.2021

Meastar gur chóir go mbeadh laghdú ollmhór ar an gcúiteamh as gortuithe pearsanta. An bhfuil sé seo cóir? Agus an laghdódh sé costais don ghnáthdhuine, mar a gheall na gnólachtaí brabúis? Ní dócha é, dar leis an abhcóide Gearóid Ó Brádaigh.

Éire níos cothroime & Gaeilge Bhaile Átha Cliath i Mhaigh Eo. 23.03.2021

Conas is féidir linn Éire níos fearr agus níos cothroime a thógáil, le Michelle Murphy ó Social Justice Ireland ... Ag tabhairt blas Bhaile Átha Cliath go Gaeltacht Mhaigh Eo, le Miriam Byrne ... agus bailiúchán nua cumhachtach filíochta agus ealaíne ó Gabriel Rosenstock.

Euros 2020 & An Síneadh Fada 16.03.2021

An tAire Stáit Jack Chambers ag caint faoi Euros 2020 i mBaile Átha Cliath, cearta na mban sa spórt - agus an fada uainn an lá go mbeidh an síneadh fada ar fáil dúinn go forleathan?

SuperPaua, Cearta Daonna & Ficat 09.03.2021

Ar an gclár seo: Sian Ní Mhuirí le scéalta SuperPaua. Olive Moore ag caint faoi thábhacht Nasrin Sotoudeh, dlíodóir um chearta daonna. Tá Donal Corrigan linn le scéalta Bhaile Átha Cliath ón Dublin Inquirer agus labhraíonn Ficat faoina hamhrán nua.

Moore Street Alive Alive-oh 02.03.2021

Beidh Moore Street Alive Alive-oh arís a deir Ciarán Cuffe as an Comhaontas Glas... Ealaíontóirí ag obair le múinteoirí ar son daltaí scoile... Nuacht Dublin InQuirer... Nathanna cainte.

Conas ar ghearr an síne fada leictreachas fhir? 23.02.2021

Scrúdú bliantúil an Rialtais - tá na torthaí ag Michelle Murphy ó Social Justice Ireland ... Conas ar ghearr an síne fada leictreachas fhir? Tá deireadh sona leis an scéal... agus Donal Corrigan le scéalta nuachta an Dublin Inquirer

Listen to the Blas na Cathrach podcast in Replaio

Radio and podcasts in one app - free, with no sign-up. Install today and do not miss the launch

Get it on Google Play

Replaio is not a podcast publisher; show names, artwork and audio belong to their authors and are distributed through public RSS feeds.