RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Bezoek zeker de website van de podcast en steun de maker: www.rte.ie
Auteur
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categorie
Website van de podcast
Nieuwste aflevering
9 okt. 2026
Waar luisteren?
Podcasts in de app Replaio Radio Binnenkort beschikbaarPodcasts komen binnenkort naar de app. Installeer nu en zie als eerste een compleet nieuwe kijk op podcasts
Afleveringen
An tAthair Seán Ó Gallchóir. 19.06.2026 15:08
Tá cluiche mór ag Dún na nGall ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, beidh lá stairiúil ag fear eile ar an Domhnach fosta, sin Micheal Ó Murchú agus é réidh le himirt. 200ú cluiche dá chontae agus labhair sé fosta faoin scéal brónach ar maidin go bhfuair Donald Ó Breisleáin bás, iar imreoir do Ghaoth Dobhair agus do Dhún na nGall.
Emer Ní Ghallachóir. 19.06.2026 5:01
Beidh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce amárach i gCraobh na hÉireann in éadan Mhaigh Eo.
Tomaí Rua Ó Conghaile. 19.06.2026 4:09
Beidh an ócáid, Griantrad ar siúl ar an Domhnach seo i bPáirc Bhaile na Lorgan i nDún Dealgán.
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Cluain na dTor. 19.06.2026 8:46
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Inniu labhair Deirdre ar an dóigh le leas a chur ar a gcuid glasraí agus torthaí.
Dónall Mac Ruairí. 19.06.2026 11:20
Beo ó Railí Idirnáisiúnta Dhún nGall agus an chéad lá ar obair i nGaoth Dobhair.
Barrscéalta: Dé hAoine 19 Meitheamh 2026. 19.06.2026 56:01
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Brídanna Ní Bhaoill agus Eilín Uí Bhaoill ó Seanachas Sheáin Néill. 18.06.2026 6:08
Seolfar an leabhar “Maith Thú A Mhicí” le Micí Sheáin Néill Ó Baoill i Rann na Feirste anocht. Bhí an leabhar as cló le tamall, agus seo an tríú eagrán den leabhar. Labhair Conor Ó Gallachóir le Brídanna agus Eileen faoin ócáid.
Aindriú Mac Niallais as Gaoth Dobhair a bhfuil baint aige le Railí idirnáisiúnta Dhún na nGall ón bhliain 1987. 18.06.2026 12:28
Ag cur síos ar an bhaint a bhí aige leis an railí le daichead bliain, an obair a bhíonn ar siúl aige le linn an railí agus an ról a bheas aige i railí na bliana seo.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig. 18.06.2026 3:13
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag freagairt ceisteanna ó éisteoiri agus ag tabhairt comhairle sláinte don phobal agus plé ar Seachtain Idirnáisiúnta Sláinte na bhFear ar siúl an tseachtain seo.
An Comhairleoir Contae Neamhspleách Micheal Cholm Mac Giolla Easbuig. 18.06.2026 11:12
Tá sé deimhnithe anois go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid i gceann 6 seachtainí mar go mbeidh an máistreás poist in Anagaire ag éirigh as go luath agus nár éirí le An Post ina gcuid iarrachtaí duine eile a aimsiú chun an Oifig an Phoist a reáchtáil.
An ceantálaí Eamonn Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair agus an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh. 18.06.2026 12:51
Ag caint ar an tionchar a bheas ag na rialacha úra a d’fhógair an Roinn Tithíochta maidir le daoine ar mian leo tithe a ligean go gear téarmach ar Airbnb ó suíomhanna de mhacasamhail le hiarracht a dhéanamh níos mó tithe a bheith ar fáil ar chíos go fad téarmach.
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 18.06.2026 5:26
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Barrscéalta: Déardaoin 18 Meitheamh 2026. 18.06.2026 57:06
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Emma Ní Fhíoruisce Bainisteoir faoi Oiliúint Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. 17.06.2026 4:01
Labhair Emma faoi na Campaí Samhraidh a bheas ar siúl sa Chrannóg i mbliana agus cad mar atá ag éirí léi ina ról úr mar bhainisteoir faoi oiliúint ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann. 17.06.2026 6:51
Tá Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann ag iarraidh ar rialtas na hÉireann díolúintí a lorg d’iascairí na tíre seo ó Chomhbheartas Iascaireachta an Aontais Eorpaigh mar gheall ar thuairimíocht go mbronnfar díolúintí ar an Íoslainn.
Cartlann na Céadaoine. 17.06.2026 7:54
Inniu tá muid ag dul ar ais go dtí’n dara lá déag de mhí Iúil 1996. Thug Séamus Mac Géidigh cuairt ar an tiománaí Pat Mac Eamharcaigh agus é i mbun tástáil leis an charr railí thuas faoi Stáisiún Chaiseal na gCorr.
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. 17.06.2026 11:43
Dea scéala go bhfuil cead tugtha don druga Givinostat ag grúpa drugaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus labhair siad linn faoi ócáid, atá eagraithe ag Sinn Féin, atá ar siúl i dTeach Laighean inniu, áit a mbeidh deis ag teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh labhairt le baill an Oireachtais.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta. 17.06.2026 5:21
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Laura Ní Dhomhnaill Oifigeach Margaíochta agus Turasóireachta in Ionad Cois Locha. 16.06.2026 4:21
Beidh Trad Tráthnóna ar ais arís i mbliana in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche agus bhí Laura linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi na ceolchoirmeacha a bheas ag tarlú i mbliana.
Pádraig Ó Beaglaoich Ceannasaí Mol Digiteach le hÚdarás na Gaeltachta. 16.06.2026 8:19
Labhair Pádraig faoin lá oscailte a bhéas ar siúl in Gteic Ghaoth Dobhair ar an Déardaoin seo.
Seanie Ó Baoill ó Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann. 16.06.2026 5:40
Labhair Seanie linn faoin togra ‘FARM-Up - Coimín Beo’ a seoladh ag ócáid a bhí ar siul in Ionad Pobail Dhún Lúiche inné.
Éamonn Mac Aoidh, cléireach an chúrsa de Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall. 16.06.2026 16:56
Cuirfear tús le ceann de na himeachtaí spóirt is mó in Éirinn ar an Déardaoin seo nuair a bhéas 200 de chriú ag tabhairt faoi 20 stáid thar 270 ciliméadar i Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall.
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach. 16.06.2026 7:26
Inniu labhair John Joe ar an deireadh seachtaine mór atá amach romhainn agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl, gur thángthas ar dhrugaí & airgead tirim i ruathar a rinneadh ar thithe i nDún Fionnachaidh agus go bhfuil siad ag fiosrú roinnt eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le seachtain, áit ar goideadh earraí ó charranna.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta. 16.06.2026 4:33
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir. 15.06.2026 13:47
Tá Caoimhín Ó Casaide, Danny Ó Dónaill agus Emer Ní Ghallachóir linn ar maidin le cluichí an deireadh seachtaine a phlé agus le tarraingt na maidine de bhabhta 3 de Chraobh na hÉireann a phlé fosta.
Vergelijkbare podcasts
Replaio is geen uitgever van podcasts; namen van shows, covers en audio zijn eigendom van hun makers en worden verspreid via openbare RSS-feeds