RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cartlann Bhóthar na Léinsí
Glórtha ó chartlann Bhóthar na Léinsí - scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta. / Voices from RTÉ Raidió na Gaeltachta's Baile na nGall archive, including stories and folklore, songs and music, history and descriptions of the Gaeltacht community.
Visita il sito del podcast e sostieni chi lo crea: www.rte.ie
Autore
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Categoria
Sito del podcast
Ultimo episodio
5 lug 2026
Dove ascoltare?
I podcast nell'app Replaio Radio In arrivoI podcast stanno per arrivare nell'app. Installala ora e scopri per primo un modo tutto nuovo di vivere i podcast
Episodi
Clár #269: Tithe agus Treabhchaistí na Muirí 14.12.2025 31:01
Pádraig Ó Cíobháin (Peaidí Dan Two) ag cur síos ar thithe agus ar threabhchaistí na Muirí i 1991.
Clár 268: Seán Ó Criomhthain (1898-1975) 07.12.2025 31:17
Clár a dhein Breandán Feiritéar i 1975 i gcuimhne Sheáin Uí Chriomthain, údar agus fear farraige a cailleadh i dtionóisc bhóthair mí na Nollag 1975.
Clár #267: Bochtaibh Dé: Bacaigh agus Lucht Siúil 30.11.2025 29:38
An dara clár fé bhacaigh agus lucht siúil, 1975. Páirteach: Joe Daly, Bab Feiritéar, Peats Kane, Séamus 'Pound Ó Lúing, agus Seán Ó Criomhthain.
Clár #266: Bochtaibh Dé: Bacaigh & Lucht Siúil 23.11.2025 29:14
Clár ó 1975 ar Bhacaigh, Peidléirí, agus an Lucht Siúil. Páirt 1 Páirteach: Joe Daly, Bab Feiritéar, Peats Kane, Séamus 'Pound Ó Lúing, agus Seán Ó Criomhthain.
Clár #265: Rince agus Ceol i gCorca Dhuibhne 16.11.2025 31:18
Eibhlín 'Nell Phurge' Ní Mhurchú ag cur síos do Bhreandán Feiritéar i 1975, fé cheol agus rince i gCorca Dhuibhne anallód.
Clár #264: An Sliabh Riabhach 09.11.2025 29:27
-Micheál Ó Duinnín ag cur síos ar Scoil an tSléibhe Riabhaigh do Mhicheál Ó Sé i 1994 -Tadhg Ó Duinnín ón Slaibh Riabhach, ag caint ar a chuid oibre in Ospidéal Naomh Muire le Máire Ní Chéilleachair i 1998 - Cailín Deas Crúite na mBó á rá ag Tadhg i 1997
Clár #263: Cainteoir Dúcháis Bhaile Locha Riach 02.11.2025 31:37
Máirtín Ó Fathaigh, Cillín a' Díoma, Baile Locha Riach, a bhí nach mór 100 bliain d'aois nuair a chur Nollaig Ó Gadhra fé agallamh é i 1970.
Clár #262: CLG An Daingin & Paddy Bán 29.10.2025 29:55
Clár i gcuimhne Phaddy Bháin Uí Brosnacháin, Laoch caide An Daingin, agus craobh an chontae buaite acu i 2025.
Clár 261: Pádraig Tyers & An Mhuintir Seo Againne 22.10.2025 28:54
Eagrán Deiridh na Sraithe 'An Mhuintir Seo Againne' le Pádraig Tyers i 1975, agus é ag caint le Déaglán Ó Muiríosa & Séamuisín a' Chnoic Ó Faoláin ó Rinn Ua gCuanach, agus le Eugene Conn Mac Cárthaigh Ó Ghleann Na Claodaí. 'My Pup Came Home From Claedach' á rá ag Diarmuidín Ó Súilleabháin.
Clár #260: An Baile Riabhach 12.10.2025 30:42
Clár a deineadh i 2009, leathchéad bliain ó athlonnaíodh 5 líontí as áiteanna eile i gCorca Dhuibhne dtí'n mBaile Riabhach. Páirteach: Pádraig Ó Siochfradha, Micheál Ó Móráin, Tomás de hÓra, Jack Ó Flatharta, Toose Mac Gearailt, Joan Bn. Uí Shé.
Clár #259: An Cú Riabhach 05.10.2025 29:30
Cur síos ó Roibeard Ó Cathasaigh i 1981, ar chú a bhí tar éis míle éigin caorach a mharú i gcomharsanacht Lios Póil in imeacht dhá bhliain. Amhrán a dhein Roibeard ar an eachtra, á rá ag Gabriel Ó Cathasaigh Agallaimh le beirt ó Iarthair Duibhneach bhí cur fúthu i Lios Póil, Micil Ó Briain & Páid Ó Sé
Clár #258 Seán Máirtín Pt. 2 28.09.2025 28:50
An dara leath d'agallamh a dhein Helen Ní Shé i 2011 le Seán Máirtín, Jack Martin, Ó Chill Chuáin i bParóiste Mórdhach, féna óige agus ar ghairm na múinteoireachta. An t-amhrán Lios Bhaile Dháith á rá ag Áine Uí Laoithe agus Sláine Ní Chathalláin, 2021
Clár #258: Seán Máirtín Páirt 2 21.09.2025 28:44
An dara páirt d'agallamh a dhein Helen Ní Shé le Seán Máirtín (1919 - 2023), Cill Chuain, i 2011.
Clár #256: Maidhc Leighin Ó Guithín agus Dónal Ó Catháin 14.09.2025 29:47
Clár ó 1977, agus Breandán Feiritéar & Pádraic Ó Catháin ar chamchuairt ar Chorca Dhuibhne, áit a bhuaileadar le Maidhc Leighin Ó Guithín agus Dónal Ó Catháin.
Clár #255: An tInbhear Mór 07.09.2025 29:51
Clár a dhein Micheál Ó Sé i 1974 le muintir Chorca Dhuibhne a d'aistrigh le Coimisiún na Talún dtí'n Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, i 1956/57. Páirteach: Séamus & Dónal Ó Catháin ó Chlochar, Muiris Ó Sé ós na Gorta Dubha, Micí Taimí Ó Laoithe agus a bheadh Máire ó Ard na Caithne, agus Siobhán Budhlaeir agus a mac Pádraig ó Ard na Caithne.
Clár #254: An Fómhar 31.08.2025 29:09
Nósmhaireacht agus obair an fhómhair ar chlár na seachtaine seo le Seosamh Ó Dála (1990), Meáig Ghineá (1974) agus Tom Daly an Choma (1974). Deir Tom 'Is Dílleachtaí Fáin Mé'
Clár #253: Máire Bhuí Ní Laoghaire 24.08.2025 31:04
Léacht a thug Donncha Ó Luasa i 1988 ar Mháir Bhuí Ní Laoghaire, an file a dhein Cath Chéim an Fhia agus scata eile. Peáití Thaidhg Pheig Ó Tuama ag rá an amhráín, i 1962.
Clár #252: Cléire 1976 17.08.2025 30:40
Oileán Beag is ea Cléire' Proinnsias Ó Conluain i gCléire, 1976
Clár #251: Bólas 10.08.2025 30:30
Is i dteannta mhuintir Bhólais a bheimid ar chlár na seachtaine seo le - Micheál Ó Murchú (Mike Murphy), 1980í, le Micheál de Mórdha - Micheál Ó Curráin, 2014, le Helen Ní Shé - Séamus Ó Murchú, 2019, le Helen Ní Shé
Clár 250: An Chéad nasc beo leis an Rinn, 1980 03.08.2025 29:58
Ar an 19/5/1980 deineadh an chéad chraoladh beo ón Rinn, eagrán d’Iris Eadra ó Sháipéal San Nioclás. Páirteach: Peig Bn. Uí Riagáin, Siobhán de Faoite, agus Neans Uí Bhraonáin. Agallamh a dhein Peig Bn. Uí Riagáin le hÁine Nic Mhurchú, 1981.
Clár #249: Maidhcí Ó Súilleabháin 27.07.2025 28:05
Bailiúchán d'amhráin a taifeadadh ó Mhaidhcí Dan Ger Eoin Ó Súilleabháin, Cúil Aodha, i 1974, maraon le cúpla giota cartlainne uaidh féin is a chéile Nóra.
Clár #248: Baile an Lochaigh 20.07.2025 30:49
Muintir Bhaile an Lochaigh ar chlár na seachtaine seo le Máiréad Bn. Uí Shúilleabháin (1976), agus John & Tony Ó Muircheartaigh (1991)
Clár #247: Johnny Griffin na Feothanaí 13.07.2025 30:30
Johnny Griffin ó bhaile na Feothanaí i bParóiste Mórdhach, ag cur an saol trí chéile le Breandán Feiritéar i 1984. Iascach, Feirmeoireacht, Saoirseacht, saol na tuaithe, agus 'Láir an Chonchubharaigh' á rá ag Pat Chanair Bhaile Dháith
Clár #246: Jimí 'The Yank' Ó Sé 06.07.2025 30:38
An ceoltóir, siopadóir, agus conraitheoir talún Jimí The Yank Ó Sé ó Bhaile an Chóta i bparóiste Fionn Trá, ag cur síos ar a shaol do Mhicheál de Mórdha i 1997.
Clár #245: Rinn Ua gCuanach 1974 29.06.2025 29:48
Eagrán den tsraith 'An Mhuintir Seo Againne' le Pádraig Tyers, 1974, agus é i Rinn Ua gCuanach i dteannta Seán Tóibín agus 'An Cox', Micheál Breathnach
Podcast simili
Replaio non è un editore di podcast; i nomi dei programmi, le copertine e l'audio appartengono ai rispettivi autori e vengono distribuiti tramite feed RSS pubblici