RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cartlann Bhóthar na Léinsí
Glórtha ó chartlann Bhóthar na Léinsí - scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta. / Voices from RTÉ Raidió na Gaeltachta's Baile na nGall archive, including stories and folklore, songs and music, history and descriptions of the Gaeltacht community.
Mindenképp látogasd meg a podcast oldalát, és támogasd a készítőjét: www.rte.ie
Szerző
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Kategória
A podcast weboldala
Legutóbbi epizód
2026. aug. 16.
Hol hallgathatod?
Podcastok az alkalmazásban Replaio Radio HamarosanA podcastok hamarosan megérkeznek az alkalmazásba. Telepítsd most, és láss elsőként egy teljesen új megközelítést a podcastokhoz
Epizódok
Clár 276: Carghas, Inid, Grá 15.02.2026 30:02
- Cáit An Bab Feiritéar, ag cur síos do Mhicheál Ó Sé i 1991, ar an gCarghas - Seán Tóibín, Bóthar na Sop, Rinn Ua gCuanach, ag caint ar Inid, Carghas agus féilíocha eile na bliana, le Pádraig Tyers. - Tom Mhic Gromail, Nell Phuge Ní Mhurchú, Johnny Griffin, agus Bab Feiritéar, ar Lá le Vailintín 1991, ag caint le Micheál Ó Sé fé chúrsaí grá.
Clár #275: Cérbh Í Gobnait? 08.02.2026 29:15
'Cé hí Gobnait'? Seanchas fén Naomh & a féile (11/02) ó mhuintir Bhaile Mhúirne & Dhún Chaoin i 1976: Nell Tom, Cáit agus Diarmuid O Riordáin, An tAth Donncha Ó Conchúir, Micil Ó Briain, Bab Feiritéar & Micil Ó Catháin. Cór Chúil Aodha 1994 le 'A Rí an Domhnaigh'
Clár #274: Bruíonta & achrann 01.02.2026 29:40
Muiris de Londra ó Bhaile an Chalaidh agus Tomás a' tSíthigh ó Bhaile Eaglaise ag cur síos ar bhuíonta, ar mháistir prionsa, agus ar achrann sa pharóiste.
Clár #272: Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2014 18.01.2026 29:18
Ceiliúradh ar bhua Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCorn Uí Ógáin 2014. Páirteach: Helen Ní Shé, Pádraig Ó Sé, Caoimhín Ó Béaglaoich, Roibeard Ó Sé, Barry Dan Ó Súilleabháin, Mark Ó Conchúir, Eamon Mac Muiris
Clár #271: Dan Learaí Ó Cíobháin 11.01.2026 29:57
Dan Learaí Ó Cíobháin, ó Dhún Chaoin, an t-aon duine ón bparóiste sin le bonn sinsear Uile-Éireann ag caint le Micheál de Mórdha féna saol caide
Clár 270: An Nollaig 1975 21.12.2025 28:20
Seanchas na Nollag ó 1975 le Mike Griffin, Joe Daly, Seán Pheats Tom Ó Cearna agus Jimí Mhártan Ó Dála. Tomás Mac Eoin ag rá '12 Lá na Nollag'
Clár #269: Tithe agus Treabhchaistí na Muirí 14.12.2025 31:01
Pádraig Ó Cíobháin (Peaidí Dan Two) ag cur síos ar thithe agus ar threabhchaistí na Muirí i 1991.
Clár 268: Seán Ó Criomhthain (1898-1975) 07.12.2025 31:17
Clár a dhein Breandán Feiritéar i 1975 i gcuimhne Sheáin Uí Chriomthain, údar agus fear farraige a cailleadh i dtionóisc bhóthair mí na Nollag 1975.
Clár #267: Bochtaibh Dé: Bacaigh agus Lucht Siúil 30.11.2025 29:38
An dara clár fé bhacaigh agus lucht siúil, 1975. Páirteach: Joe Daly, Bab Feiritéar, Peats Kane, Séamus 'Pound Ó Lúing, agus Seán Ó Criomhthain.
Clár #266: Bochtaibh Dé: Bacaigh & Lucht Siúil 23.11.2025 29:14
Clár ó 1975 ar Bhacaigh, Peidléirí, agus an Lucht Siúil. Páirt 1 Páirteach: Joe Daly, Bab Feiritéar, Peats Kane, Séamus 'Pound Ó Lúing, agus Seán Ó Criomhthain.
Clár #265: Rince agus Ceol i gCorca Dhuibhne 16.11.2025 31:18
Eibhlín 'Nell Phurge' Ní Mhurchú ag cur síos do Bhreandán Feiritéar i 1975, fé cheol agus rince i gCorca Dhuibhne anallód.
Clár #264: An Sliabh Riabhach 09.11.2025 29:27
-Micheál Ó Duinnín ag cur síos ar Scoil an tSléibhe Riabhaigh do Mhicheál Ó Sé i 1994 -Tadhg Ó Duinnín ón Slaibh Riabhach, ag caint ar a chuid oibre in Ospidéal Naomh Muire le Máire Ní Chéilleachair i 1998 - Cailín Deas Crúite na mBó á rá ag Tadhg i 1997
Clár #263: Cainteoir Dúcháis Bhaile Locha Riach 02.11.2025 31:37
Máirtín Ó Fathaigh, Cillín a' Díoma, Baile Locha Riach, a bhí nach mór 100 bliain d'aois nuair a chur Nollaig Ó Gadhra fé agallamh é i 1970.
Clár #262: CLG An Daingin & Paddy Bán 29.10.2025 29:55
Clár i gcuimhne Phaddy Bháin Uí Brosnacháin, Laoch caide An Daingin, agus craobh an chontae buaite acu i 2025.
Clár 261: Pádraig Tyers & An Mhuintir Seo Againne 22.10.2025 28:54
Eagrán Deiridh na Sraithe 'An Mhuintir Seo Againne' le Pádraig Tyers i 1975, agus é ag caint le Déaglán Ó Muiríosa & Séamuisín a' Chnoic Ó Faoláin ó Rinn Ua gCuanach, agus le Eugene Conn Mac Cárthaigh Ó Ghleann Na Claodaí. 'My Pup Came Home From Claedach' á rá ag Diarmuidín Ó Súilleabháin.
Clár #260: An Baile Riabhach 12.10.2025 30:42
Clár a deineadh i 2009, leathchéad bliain ó athlonnaíodh 5 líontí as áiteanna eile i gCorca Dhuibhne dtí'n mBaile Riabhach. Páirteach: Pádraig Ó Siochfradha, Micheál Ó Móráin, Tomás de hÓra, Jack Ó Flatharta, Toose Mac Gearailt, Joan Bn. Uí Shé.
Clár #259: An Cú Riabhach 05.10.2025 29:30
Cur síos ó Roibeard Ó Cathasaigh i 1981, ar chú a bhí tar éis míle éigin caorach a mharú i gcomharsanacht Lios Póil in imeacht dhá bhliain. Amhrán a dhein Roibeard ar an eachtra, á rá ag Gabriel Ó Cathasaigh Agallaimh le beirt ó Iarthair Duibhneach bhí cur fúthu i Lios Póil, Micil Ó Briain & Páid Ó Sé
Clár #258 Seán Máirtín Pt. 2 28.09.2025 28:50
An dara leath d'agallamh a dhein Helen Ní Shé i 2011 le Seán Máirtín, Jack Martin, Ó Chill Chuáin i bParóiste Mórdhach, féna óige agus ar ghairm na múinteoireachta. An t-amhrán Lios Bhaile Dháith á rá ag Áine Uí Laoithe agus Sláine Ní Chathalláin, 2021
Clár #258: Seán Máirtín Páirt 2 21.09.2025 28:44
An dara páirt d'agallamh a dhein Helen Ní Shé le Seán Máirtín (1919 - 2023), Cill Chuain, i 2011.
Clár #256: Maidhc Leighin Ó Guithín agus Dónal Ó Catháin 14.09.2025 29:47
Clár ó 1977, agus Breandán Feiritéar & Pádraic Ó Catháin ar chamchuairt ar Chorca Dhuibhne, áit a bhuaileadar le Maidhc Leighin Ó Guithín agus Dónal Ó Catháin.
Clár #255: An tInbhear Mór 07.09.2025 29:51
Clár a dhein Micheál Ó Sé i 1974 le muintir Chorca Dhuibhne a d'aistrigh le Coimisiún na Talún dtí'n Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, i 1956/57. Páirteach: Séamus & Dónal Ó Catháin ó Chlochar, Muiris Ó Sé ós na Gorta Dubha, Micí Taimí Ó Laoithe agus a bheadh Máire ó Ard na Caithne, agus Siobhán Budhlaeir agus a mac Pádraig ó Ard na Caithne.
Clár #254: An Fómhar 31.08.2025 29:09
Nósmhaireacht agus obair an fhómhair ar chlár na seachtaine seo le Seosamh Ó Dála (1990), Meáig Ghineá (1974) agus Tom Daly an Choma (1974). Deir Tom 'Is Dílleachtaí Fáin Mé'
Clár #253: Máire Bhuí Ní Laoghaire 24.08.2025 31:04
Léacht a thug Donncha Ó Luasa i 1988 ar Mháir Bhuí Ní Laoghaire, an file a dhein Cath Chéim an Fhia agus scata eile. Peáití Thaidhg Pheig Ó Tuama ag rá an amhráín, i 1962.
Clár #252: Cléire 1976 17.08.2025 30:40
Oileán Beag is ea Cléire' Proinnsias Ó Conluain i gCléire, 1976
Clár #251: Bólas 10.08.2025 30:30
Is i dteannta mhuintir Bhólais a bheimid ar chlár na seachtaine seo le - Micheál Ó Murchú (Mike Murphy), 1980í, le Micheál de Mórdha - Micheál Ó Curráin, 2014, le Helen Ní Shé - Séamus Ó Murchú, 2019, le Helen Ní Shé
Hasonló podcastok
A Replaio nem podcastkiadó; a műsorok nevei, borítóképei és hanganyagai a szerzőiket illetik, és nyilvános RSS-csatornákon keresztül terjednek.