RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: www.rte.ie
Wo hören?
Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbarPodcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts
Folgen
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta. 24.06.2026 4:37
Le scéalta mór nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Donna Ní Ghallachóir, Oifigeach Forbartha Lárchomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille. 23.06.2026 4:58
Beidh oíche oscailte ag scéim Chéad Fhreagróirí Ghleann Cholm Cille ón 7-9 a chlog anocht i Seanscoil na Carraige.
Pacáiste ón ócáid ‘Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ 23.06.2026 15:14
Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid dírithe ar an téama ‘Éire Aontaithe” Labhair Conor Róisín Nic Liam, a bhí i mbun taighde do Chonradh na Gaeilge ar an ábhar seo, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
An Dr. Pól Deeds, Coimisinéir Gaeilge na Sé Chontae. 23.06.2026 10:01
Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.
An Garda Bríd Ní Chanainn ó Stáisiún Bhealach Féich. 23.06.2026 5:47
Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann ag an deireadh seachtaine agus Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar siúl sa chontae seo. Tharla cuid mhór eachtraí agus bhí deireadh seachtaine gnóthach ag na Gardaí.
Pat Ó Flanagáin, Oifigeach Caidreamh Poiblí le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. 23.06.2026 7:53
Seolfar Fleadh Cheoil na hÉireann go hoifigiúil i mBéal Feirste inniu.
Maighreád Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 23.06.2026 4:40
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Barrscéalta, clár iomlán, 23/06/2026. 23.06.2026 56:08
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Caoimhín Ó Casaide. 19.06.2026 6:13
Ag caitheamh súil chun cinn ar chluiche Dhún na nGall v Baile Átha Cliath agus cluichí eile a bheas ar siúl i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine. Labhair sé fosta faoi bhás Donald Uí Bhreisleáin, fear a bhí iontach gníomhach i CLG Ghaoth Dobhair i rith a shaoil mar imreoir agus mar riarthóir.
An tAthair Seán Ó Gallchóir. 19.06.2026 15:08
Tá cluiche mór ag Dún na nGall ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, beidh lá stairiúil ag fear eile ar an Domhnach fosta, sin Micheal Ó Murchú agus é réidh le himirt. 200ú cluiche dá chontae agus labhair sé fosta faoin scéal brónach ar maidin go bhfuair Donald Ó Breisleáin bás, iar imreoir do Ghaoth Dobhair agus do Dhún na nGall.
Emer Ní Ghallachóir. 19.06.2026 5:01
Beidh mná Dhún na nGall ag dul chun páirce amárach i gCraobh na hÉireann in éadan Mhaigh Eo.
Tomaí Rua Ó Conghaile. 19.06.2026 4:09
Beidh an ócáid, Griantrad ar siúl ar an Domhnach seo i bPáirc Bhaile na Lorgan i nDún Dealgán.
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Cluain na dTor. 19.06.2026 8:46
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Inniu labhair Deirdre ar an dóigh le leas a chur ar a gcuid glasraí agus torthaí.
Dónall Mac Ruairí. 19.06.2026 11:20
Beo ó Railí Idirnáisiúnta Dhún nGall agus an chéad lá ar obair i nGaoth Dobhair.
Barrscéalta: Dé hAoine 19 Meitheamh 2026. 19.06.2026 56:01
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Brídanna Ní Bhaoill agus Eilín Uí Bhaoill ó Seanachas Sheáin Néill. 18.06.2026 6:08
Seolfar an leabhar “Maith Thú A Mhicí” le Micí Sheáin Néill Ó Baoill i Rann na Feirste anocht. Bhí an leabhar as cló le tamall, agus seo an tríú eagrán den leabhar. Labhair Conor Ó Gallachóir le Brídanna agus Eileen faoin ócáid.
Aindriú Mac Niallais as Gaoth Dobhair a bhfuil baint aige le Railí idirnáisiúnta Dhún na nGall ón bhliain 1987. 18.06.2026 12:28
Ag cur síos ar an bhaint a bhí aige leis an railí le daichead bliain, an obair a bhíonn ar siúl aige le linn an railí agus an ról a bheas aige i railí na bliana seo.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig. 18.06.2026 3:13
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag freagairt ceisteanna ó éisteoiri agus ag tabhairt comhairle sláinte don phobal agus plé ar Seachtain Idirnáisiúnta Sláinte na bhFear ar siúl an tseachtain seo.
An Comhairleoir Contae Neamhspleách Micheal Cholm Mac Giolla Easbuig. 18.06.2026 11:12
Tá sé deimhnithe anois go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid i gceann 6 seachtainí mar go mbeidh an máistreás poist in Anagaire ag éirigh as go luath agus nár éirí le An Post ina gcuid iarrachtaí duine eile a aimsiú chun an Oifig an Phoist a reáchtáil.
An ceantálaí Eamonn Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair agus an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh. 18.06.2026 12:51
Ag caint ar an tionchar a bheas ag na rialacha úra a d’fhógair an Roinn Tithíochta maidir le daoine ar mian leo tithe a ligean go gear téarmach ar Airbnb ó suíomhanna de mhacasamhail le hiarracht a dhéanamh níos mó tithe a bheith ar fáil ar chíos go fad téarmach.
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta. 18.06.2026 5:26
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Barrscéalta: Déardaoin 18 Meitheamh 2026. 18.06.2026 57:06
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Emma Ní Fhíoruisce Bainisteoir faoi Oiliúint Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. 17.06.2026 4:01
Labhair Emma faoi na Campaí Samhraidh a bheas ar siúl sa Chrannóg i mbliana agus cad mar atá ag éirí léi ina ról úr mar bhainisteoir faoi oiliúint ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann. 17.06.2026 6:51
Tá Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann ag iarraidh ar rialtas na hÉireann díolúintí a lorg d’iascairí na tíre seo ó Chomhbheartas Iascaireachta an Aontais Eorpaigh mar gheall ar thuairimíocht go mbronnfar díolúintí ar an Íoslainn.
Cartlann na Céadaoine. 17.06.2026 7:54
Inniu tá muid ag dul ar ais go dtí’n dara lá déag de mhí Iúil 1996. Thug Séamus Mac Géidigh cuairt ar an tiománaí Pat Mac Eamharcaigh agus é i mbun tástáil leis an charr railí thuas faoi Stáisiún Chaiseal na gCorr.
Ähnliche Podcasts
Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet