RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: www.rte.ie
Wo hören?
Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbarPodcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts
Folgen
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh ó Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach. 07.07.2026 7:20
Labhair sé faoin fhiosrúchan atá ar bun acu maidir leis an taisme tragóideach a tharla i mBun Cranncha, rinneadh iarracht dhá charr a ghoid i gceantar Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin seo a chuaigh thart ag dhá láthair difriúil agus thug sé comhairle don phobal maidir le cúrsaí sábháilteachta le linn na haimsire te atá tuartha.
Uasdátú maidir le hÓstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair. 07.07.2026 5:55
An scéal is deireanaí a fhail maidir leis na forbairtí ag Óstán Radharc na Mara agus Óstán Ghaoth Dobhair.
Damien Ó Dónaill ó sheomra na nuachta. 07.07.2026 4:58
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Niamh Nic Giolla Dhuibh, an tráchtaire spóirt agus iar-imreoir le Tír Eoghain. 06.07.2026 4:56
Ag caitheamh súil siar ar pheil na mban ag an deireadh seachtaine agus cluichí dícháilithe agus ceathrú ceannais ar siúl sa chraobh sinsear. Tá mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain slán sa chraobh sinsear bliain eile agus tá mná Ard Mhacha fríd anois go dtí cluiche leathcheannais na hÉireann.
Micheál Ó Domhnaill, craoltóir agus ball de thionscnamh Armada na Spáinne. 06.07.2026 10:06
Tá ceangal láidir ag an taobh seo tíre le hArmada na Spáinne ó thaobh na staire de agus tá macasamhail de long de chuid Armada na Spáinne ar cuairt i Sligeach san am i láthair.
An Comhairleoir Contae Albert Doherty. 06.07.2026 6:18
Ag cur síos ar an tragóid inar maraíodh fear óg, Aaron Friel as Bun Cranncha a bhí ina chuid fichidí i dtaisme bóthaIr oíche Shatharn.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta. 06.07.2026 4:30
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste. 03.07.2026 6:17
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Niamh Nic Giolla Dhuibh iar-imreoir le Tír Eoghain. 03.07.2026 3:52
Beidh deireadh seachtaine gnóthach ann i bpeil na mban, tá cluichí móra ag mná Dhún na nGall agus Tír Eoghain agus iad ag imirt i gcluichí dícháilithe.
CEOL BEO le Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Joe Armstrong agus Fergal Ó Raifeartaigh. 03.07.2026 2:21
Ríl Bhaile Átha Cliat agus Ríl Buachaillí Bhaile Easa Dara
Anne Mhic Éamharcaigh Cisteoir Choiste Forbartha Rann na Feirste. 03.07.2026 5:44
Beidh lá mór teaghlaigh ar siúl i Rann na Feirste ar an Domhnach seo agus Coiste Forbartha Rann na Feirste ag cur tús lena bhfeachtas le páirc úr astro agus gairdín céadfaí a fhorbairt.
Deirdre Ní Bhraonáin Garraíodóir Cluain na dTor. 03.07.2026 10:14
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta.
Marie Nic Eamharcaigh. 02.07.2026 4:58
Tá feachtas bailithe airgid ar bun ag Scoil Chuimsitheach na nGleanntach le hairgead a bhailiú do chúrsaí spóirt sa scoil.
Pól Penrose. 02.07.2026 4:48
Beidh an fhéile, Bród na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo don chúigiú bliain i gCloich Cheann Fhaola.
Andy Caomhánach, Fear na Ríomhairí. 02.07.2026 7:29
Mír rialta ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal.
Donnchadh Ó Baoill & Muiris Ó hEigheartaigh. 02.07.2026 14:20
Seolfar leabhar úr a dhéanann cur síos ar scéal na dteicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill ag ócáid a bheas ar siúl in Áislann Chill Chartha san oíche amárach.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap. 02.07.2026 9:04
Labhair sé inniu faoi chúrsaí meabhairshláinte agus é ráite ag an eagraíocht Jigsaw gur chuidigh siad le 11.000 duine anuraidh a bhí ag fulaingt lena meabhairshláinte. Labhair sé faoi botox fosta agus na contúirtí a bhaineann leis do dhaoine óga.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta. 02.07.2026 4:15
Le scéalta móra an lae ón taobh seo tíre.
Pól Ó Cuireáin ó Chlub Rothaíochta Chú Uladh. 01.07.2026 7:31
Beidh lá mór ag Club Rothaíochta Chú Uladh atá lonnaithe sa Ghaeltacht Láir ar an tSatharn seo nuair a bheas dúshlán mór rothaíochta ar siúl acu.
Cartlann na Céadaoine. 01.07.2026 6:53
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1993 nuair a bhí Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCorr ag ceiliúradh 150 bliain. Craoladh clár beo ón scoil ag an am agus seo mar a labhair beirt a bhí páirteach sa chlár, Frank Ó Maolagáin agus John Mór Mac Laifeartaigh le Séamus Mac Géidigh faoina dtréimhse ar an scoil.
Mary Uí Chomhaill. 01.07.2026 10:31
Tá an fhéile cheoil Sult ag pilleadh ar an ‘Big Top’ i Machaire a’Gathláin, Gaoth Dobhair, ar an 17ú d’Iúil.
Dónall Ó Cnáimhsí Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt. 01.07.2026 10:38
Labhair Dónall linn faoin ócáid ‘SEAS’ atá ar siúl in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu, ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge áit a gcuirtear éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta os comhair baill den Oireachtas.
Seán Ó Gallachóir ó Chomhairle Ceantar Ghleann Fhinne. 01.07.2026 8:05
Labhair Seán faoin mhaoiniú €1.4m atá ceadaithe do scéim uisce úr Leitir Bric, togra a bhfuil go leor daoine ag obair air le tamall fada anois.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh ó sheomra na nuachta. 01.07.2026 4:40
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Caitríona Nic Gairbheith Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. 30.06.2026 5:05
Labhair muid le Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Caitríona Nic Gairbheith cúpla seachtain ó shin faoin champa úr do dhéagóirí, ‘Na Fianna Óga’ a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an samhradh seo agus tá Caitríona linn ar maidin leis na mionsonraí agus an scéal is deireanaí faoin champa.
Ähnliche Podcasts
Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet