RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: www.rte.ie
Wo hören?
Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbarPodcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts
Folgen
Eddie Joe Mac Aoidh ó Choiste Forbartha Ghabhla 29.09.2026 6:34
Sa deireadh thiar thall tá soláthar uisce nach gcaithfear a bhruith ar fáil arís ar oileán Ghabhla de réir ráitis ó Uisce Éireann. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Breandán Mac Cionnaith 29.09.2026 17:24
Don tríú lá as a chéile tá daoine cruinnithe i bPort an Dúnáin mar gheall ar an achrann idir an tOrd Óraisteach agus Cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Owenie Mac Gairbheith, Trachtaire Spóirt 28.09.2026 7:25
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí a bhí ar siúl i gCraobhacha Peile na bhFear ag an deireadh seachtaine. See omnystudio.com/listener for privacy information.
John Mac Eamharcaigh Bainisteoir CFFAM 28.09.2026 7:16
Beidh cruinniú poiblí in Ionad an Chroisbhealaí ar Oileán Árainn Mhór anocht le plé a dhéanamh ar stráitéis úr an Aontas Eorpaigh i leith na n-oileán. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh 28.09.2026 22:31
Bhí Piaras i láthair ar Bhóthar Gharbhachaidh ar an tSatharn agus rinne sé plé ar an achrann idir an tOrd Óraisteach agus Cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Claire Nic Uilliam, iriseoir nuachta le Raidió Fáilte i mBéal Feirste 28.09.2026 8:31
Ag déanamh cur síos agus plé ar an scéal is deireanaí maidir leis an achrann idir an tOrd Óraisteach agus Cónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mary Aggie, An Pholl Dóite, Rann na Feirste 25.09.2026 5:28
Mír grinn le Mary Aggie ón Pholl Dóite. Inniu labhair sí faoi chuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Rann na Feirste atá ar siúl faoi láthair. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Frances Nic Géadaigh ó Sheomra na Nuachta 25.09.2026 4:11
Tiocfaidh deireadh le cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Dhún na nGall tráthnóna inniu agus tá sí i Rann na Feirste ar maidin inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Tráchtaire Spóirt, Owenie Mac Gairbheith, 25.09.2026 11:00
Ag caitheamh súil chun cinn ar na cluichí a bheas ar siúl i gCraobhacha Peile na bhFear sa chontae an deireadh seachtaine seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Pacáiste casán siúil na nDúnaibh 25.09.2026 6:50
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary Céim a 1 den chasán siúil ó Na Dúnaibh go Carraig Airt a oscailt go hoifigiúil tráthnóna inné. Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an ócáid agus fuair sé deis labhairt leis an Aire Calleary agus le Joe Ó Cuilinn ó Choiste Bailte Slachtmhara Charraig Airt. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Hughie Rua Ó Gallachóir, saineolaí sacar 24.09.2026 7:41
Cuireadh tús le sraitheanna sacair Dhún na nGall arís ag an deireadh seachtaine do shéasúr eile agus linn le plé a dhéanamh ar na sraitheanna sin agus cluiche na hÉireann in éadan Iosrael bhí Hughie Rua Ó Gallachóir. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach 24.09.2026 11:41
Bhí Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach, sa teach agus muid ag ceiliúradh inniu mar go bhfuil Andy linn anseo ar Bharrscéalta le 20 bliain an tseachtain seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Éilis Ní Fhearraigh ó Pobal Shíomóin 24.09.2026 7:47
Tá Seachtain Náisiúnta Shíomóin ar siúl an tseachtain seo, a reáchtáil ag Pobal Shíomóin a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine gan dídean sa tír seo agus labhair Éilis Ní Fhearraigh ón eagraíocht linn faoin tseachtain agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap 24.09.2026 7:35
Inniu labhair An Dr Delap ar Aonad na n-Othar Seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn agus easpa comhoibriú idir na Seirbhísí Meabhairshláinte. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dympna English, Aintín Mark English 24.09.2026 6:58
Bhí an lúthchleasaí Mark English i láthair i gClub Lúthchleasaíochta Ghleann na Finne tráthnóna inné agus a bhonn óir leis abhaile go Dún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na Nuachta 24.09.2026 7:46
Tá Frances istigh ar Oileáin Inis Bó Finne le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, atá ag leanstan dá turas ar oileáin an cheantair seo maidin inniu. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cathal Ó Gallachóir ó choiste Féile Dorn san Aer 23.09.2026 9:28
Beidh neart ceoil agus craic i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn san Aer ar siúl. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Sonia Nic Giolla Easbuig agus Trevor Ó Clochartaigh 23.09.2026 14:21
Bhí ócáid ar siúl i GTeic Ghaoth Dobhair ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnáil na meán Ghaeilge anseo i nDún na nGall. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Iarfhlaith Ó Domhnaill, Léiritheoir le Other Voices 23.09.2026 11:05
Tá Other Voices ag ceiliúradh cúig mbliana agus fíche a bhunaithe i mbliana agus is i nDoire a bheas an ceiliúradh an deireadh seachtaine seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maireád Nic Segháin, tuismitheoir 23.09.2026 10:48
Beidh tráthnóna eolais ag tarlú tráthnóna inniu in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair dírithe ar luthchleasaithe le deacrachtaí foghlama. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile 22.09.2026 3:55
Tá Cairde na hEargaile ag tabhairt faoi thogra úr ealaíne dírithe ar an phortach agus beidh oíche eolais acu san oíche amárach. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cian Ó Nialáin beo as na Cealla Beaga 22.09.2026 6:55
Tá Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann sna Cealla Beaga an tseachtain seo don togra ‘Floating Classroom’. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste 22.09.2026 26:18
Bhí grúpa d’ábhar oidí as Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste ar cuairt sa cheantar le gairid agus iad i gcuideachta stiúrthóir an chúrsa Michéal Ó Mairtín. See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Garda Pádraig Mac Pháidín 22.09.2026 4:43
Mír rialta le ball den Gharda Síochána le heolas agus le comhairle don phobal. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Colm Breathnach agus Iseult Ní Mhathúna 21.09.2026 8:02
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí ceannais iománaíochta a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine agus na cluichí leathcheannais i gCraobhacha Peile na mBan a bhí ar siúl fosta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ähnliche Podcasts
Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet