RTÉ Raidió na Gaeltachta
Adhmhaidin
Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.
Besuch unbedingt die Website des Podcasts und unterstütze die Macher: www.rte.ie
Wo hören?
Podcasts in der App Replaio Radio Bald verfügbarPodcasts kommen bald in die App. Installiere sie jetzt und erlebe als Erster einen ganz neuen Blick auf Podcasts
Folgen
Príomhscéalta an Iarthair. 08.07.2026 2:05
Fódhla Ní Bhraonáin.
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta. 08.07.2026 2:30
Séamus Ó Scanláin.
Adhmhaidin. 08.07.2026 1:01:33
Clár Iomlán.
Aire Leanaí, Norma Foley & Aire Iompair, Darragh O'Brien. 07.07.2026 5:20
D’oscail an bheirt airí an chéad chuid de Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh, tionscadal €20 milliún, go h-oifigiúil inné.
Michael Leainde, Comhairleoir Contae, Conamara. 07.07.2026 5:44
Tugann an Comhairleoir a bharúil faoin méid a bhí le rá ar an gclár seo inné ag Beachla Ó Flátharta ó Choiste Pobail Chamuis, faoi chás na mbóithre sa gceantar.
Phil Ní Shéaghdha, Uachtarán, Comhdháil na gCeardchumann. 07.07.2026 5:56
Tá sé ráite ag an Tánaiste agus ag an Aire Airgeadais nach féidir talamh slán a dhéanmh de gur socrú flaithiúil a bheadh sa gcéad chomhaontú pá nua. Deir uachtarán Chomhdháil na gCeardchumann gur ceist anois do na ceardchumainn dul i gcomhairle lena gcuid ball faoi aon tacaíocht dá leithid de shocrú.
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta. 07.07.2026 5:05
Tá an tAire Caiteachais Phoiblí le polasaithe a chur faoi bhráid an rialtais inniu atá súil aige a chuirfidh ar chumas stát sheirbhísigh tograí móra infreastruchtúir a dheifriú.
Marjorie Uí Chearbhaill, Bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí. 07.07.2026 4:41
Tá súil ag Comharchumann Oileán Thoraí go mbeidh comhlacht a cheapadh acu roimh dheireadh an tsamhraidh chun córas úr uisce a chur ar fáil ar an oileán.
Alice Doyle, Leas-Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí. 07.07.2026 4:56
Anois agus Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa i seilbh an rialtais anseo, tá Cumann na bhFeirmeoirí ag iarraidh go gcinnteoidh an rialtas go mbeidh sciar níos mó airgid sa gComhbheartas Talmhaíochta.
Máirín Ní Ghadhra , Strasbourg, An Fhrainc. 07.07.2026 4:59
Inniu, tabhairfaidh an Taoiseach Micheal Martin aitheasc do Pharlaimint na hEorpa i Strasbourg ina leagfaidh sé amach clár oibre Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
An Tuairisc Spóirt. 07.07.2026 3:11
Tommy Ó hAilín.
Ceannlínte na Nuachtán. 07.07.2026 2:37
Gormfhlaith Ní Thuairisg
Príomhscéalta an Deiscirt. 07.07.2026 2:29
Aoife Ní Shúilleabháin.
Príomhscéalta an Iarthair. 07.07.2026 2:20
Ríona Ní Mhainín.
Príomhscéalta an Tuaiscirt. 07.07.2026 3:02
Damien Ó Dónaill.
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta. 07.07.2026 2:30
Marion Ní Shúilleabháin.
Adhmhaidin. 07.07.2026 1:00:25
Clár Iomlán.
Caitríona Nic Seoin, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. 03.07.2026 3:33
An Ghaeilge ag teacht chun cinn níos mó ag cruinnuithe an bhoird.
Cathy Ní Ghoill.,Comharchumann Forbartha Árann. 03.07.2026 4:30
Cruinniú a bhí ag an gcomharchumann inné le Aer Árann faoi athruithe atá le déanamh ar an bpróiseas áirithintí.
Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Roinn an Léinn Rúisigh & Slavaigh, Coláiste na Tríonóide. 03.07.2026 5:54
Tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla sa Rúis agus in oirthear na hEorpa - cá seasann an chogaíocht anois.
Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa nGaeltacht. 03.07.2026 5:22
Deir Comhordaitheoir na dTithe Folmha sa Ghaeltacht go ndéanfadh sé an leas do phobal na nDeise dá gcuirfí fiú 10% de na tithe folmha atá sa limistear ar ais in úsáid do chainteoirí dúchais Gaeilge.
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste. 03.07.2026 5:09
Tá sé dá thuairisciú ó thuaidh go bhfuil roinnt dul chun cinn dá dhéanamh sna cainteanna chun buiséad a aontú don Fheidhmeannas i Stormont.
Liam Tunney, iriseoir, Belfast Telegraph. 03.07.2026 5:12
Tá an Coiste Cróinéara a bunaíodh le fáil amach cen tsiocair báis a bhí ag Noah Donohoe i mBéal Feirste curtha ar athló, i ndiaidh dóibh 25 uair a chloig a chaitheamh i mbun macnaimh.
Dr Leo Kilroy, Attaché Oideachais na hÉireann, An Bhruiséil. 03.07.2026 3:24
Inniu sa mBruiséil reáchtáilfear cruinniú de Choiste Oideachais Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus tá an cruinniú uilig le tionól trí mheán na Gaeilge.
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta 03.07.2026 5:39
Deir an Taoiseach Micheál Martin go n-oibreodh an rialtas anseo i gcomhar leis an Aontas Eorpach le polasaí comónta a dhréachtadh faoi Aughinish agus na tuairiscí go bhfuil an alumina atá dá tháirgiú i Luimneach dá úsáid ag an Rúis ina gcogadh leis an Úcráin.
Ähnliche Podcasts
Replaio ist kein Herausgeber von Podcasts; die Namen der Sendungen, Cover und Audioinhalte gehören ihren Autoren und werden über öffentliche RSS-Feeds verbreitet